Tá an stiúrthóir Anne McCabe ar bís agus í ag súil leis an gcéad léiriú de Fidil Ghorm, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn. Scannán nua é seo, scríofa ag Patricia Forde, ina ngealltar turas dúinn isteach chuig saol atá lán de dhraíocht, ceol, dóchas agus cairdeas.
“Tá mé ag súil go mór é a fheiceáil ar an scáileán mór le daoine eile ag an léiriú. Tá sceitimíní orm faoi,” a deir McCabe agus í ag caint ar an scannán nua de chuid na scéime Cine4, atá léirithe ag Abú Media.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá réimse taithí ag McCabe, ón stáitse go dtí an scáileán beag. D’oibrigh sí mar stiúrthóir drámaíochta le RTÉ, TV3 agus TG4 agus chaith sí tréimhse mar stiúrthóir ealaíne ar Thaibhdhearc na Gaillimhe. Bhí sí ina heagarthóir coimisiúnaithe le TG4 i dtréimhse bhunaithe an stáisiúin, tráth ar thosaigh sí an sobaldráma Ros na Rún.
Thosaigh a saol sa stiúrthóireacht scannáin fiche bliain ó shin nuair a stiúir sí J.J. Biker don scáileán beag do RTÉ. Scannán é faoi chailín óg atá ar a míle dícheall ag iarraidh guí a hathar agus é ar leaba a bháis a chomhlíonadh. Bhuaigh an scannán, ina raibh Brendan Gleeson, Maria Doyle Kennedy agus Liam Carney sa gcliar, duais Golden Rose ag Féile Scannán na Bulgáire.
Seo é an chéad uair aici scannán a stiúradh don scáileán mór le dáileadh ar phictiúrlanna. Beagnach cúig bliana ó shin a thosaigh an obair ar Fidil Ghorm. Tháinig an deis seo chuici gan aon choinne.
“Chuir Pierce [Boyce, Abú Media] scéala chugam an mbeadh suim agam scannán a dhéanamh leo le cur isteach ar Cine4. Bhí an smaoineamh seo ag Patricia [Forde] i leabhar nár fhoilsigh sí, agus chóirigh sí an smaoineamh do scannán. Is cineál lottery atá ann agus ní bhíonn a fhios agat, ach fuair muid airgead forbartha. Ansin, tháinig Covid!”
Lean McCabe agus Forde leo ag obair ar an script i rith na paindéime agus iad ag bualadh le chéile amuigh faoin aer i ngairdíní agus i gcaiféanna ag iarraidh an scéal a thabhairt chun críche.
“Bhí muid ag díriú ar na mothúcháin sa scéal agus ag breathnú air trí shúile páiste, agus ag cuimhneamh ar an draíocht agus an dóchas. Ansin tháinig muid ar abairt amháin a bhí an-speisialta, ‘tá draíocht sa cheol’. Rinne sé sin cur síos ar an scéal dúinn inár n-aigne agus is é téama an scannáin é.”
Díríonn scéal Fidil Ghorm ar an bpríomhcharachtar Molly, cailín óg a chreideann i gcumhacht an cheoil a hathair a dhúiseacht as cóma. Creideann McCabe gur chóir don scannánaíocht na mothúcháin a mhúscailt.
“Bíonn na scannán is fearr ag déileáil le mothúcháin. Ní maith liom aicsean ná uafás ach is breá liom go mbeadh mé ag breathnú ar scannán agus go mbeadh deora i mo shúile ag an deireadh. Agus tá súil agam go mbeidh sé mar sin ag daoine ag deireadh an scannáin seo, go mbeidh mé ag tabhairt tissues amach ag an doras!”
Ceann de na dúshláin ba mhó a bhí acu ná teacht ar an aisteoir ceart don phríomhpháirt. Is í Edith Lawlor atá i bpáirt ‘Molly’, ceoltóir óg den scoth a bhuaigh craobh na hÉireann faoi 12 ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Mhuileann gCearr anuraidh. Ach ní raibh aon aisteoireacht déanta cheana aici.
“Is í carachtar Molly príomhcharachtar an scannáin agus tá sí ar an scáileán formhór an ama, só bhí sé ríthábhachtach go bhfaigheadh muid aisteoir óg a bheadh in ann é sin a iompar.
“Rinne muid éisteachtaí le 140 cailín óg idir na 9-12. Chuir muid r-phost amach chuig na gaelscoileanna fud fad na hÉireann ag lorg cailíní óga a bheadh in ann Gaeilge mhaith a labhairt, an fhidil a sheinm agus a raibh cumas aisteoireachta acu.”
Tháinig siad ar ghearrliosta trí phróiseas fada agus sa deireadh bhí deichniúr don bhabhta deireanach éisteachtaí a bhí ar siúl i nGaillimh anuraidh.
“Ní raibh aon aisteoireacht déanta riamh ag Edith Lawlor ach bhí cumas iontach aici ar an bhfidil. Nuair a bhuail mé léi, thug mé faoi deara go bhfuil sí cúthaileach, tá sí ciúin, tá sí soineanta, ach bhí rud éigin aici.
“Sheinn sí port dom a scríobh sí dá seanathair a cailleadh an bhliain sin agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.”
Ag dul sa seans go mór a bhí siad, a deir McCabe, cailín nach raibh aon aisteoireacht déanta cheana aici a chur sa ról, ach is ba dhúshlán é ar éirigh le Lawlor a thabhairt a shárú go paiteanta.
“Tá sí chomh cliste mar gur ceoltóir í agus bhí sí in ann nótaí stiúrthóireachta a thógáil ar bord gan aon stró. Déantar an chumarsáid tríd an gceol agus díreach trí bheith ciúin agus tá sé sna súile i gcónaí.”
An phríomhpháirt eile atá sa scannán ná ról ‘Malachy’, seanfhear cantalach a bhfuil “draíocht ina lámha agus ar fidléir den scoth é”.
Bhí a fhios ag McCabe ón tús go raibh sí ag iarraidh Barry McGovern sa ról sin.
“Tá aghaidh iontach ar Barry, tá sé ar nós ‘Gandalf’. Tá aghaidh dhraíochtúil aige agus é cosúil le draoi é féin. Tá glór álainn aige, Gaeilge den scoth aige agus d’oibrigh sé go crua leis an gcomhairleoir teanga Eoghan Ó Loideáin agus le Bríd Seoighe [Abú Media] le go mbeadh an Ghaeilge chruinn i gcónaí aige.”
Tá na sáraisteoirí Siobhán O’Kelly, Aindrias de Staic, agus Marcus Lambe le feiceáil sa gcliar freisin. Tá ceol nua-chumtha le Odhrán Ó Casaide le cloisteáil sa scannán agus is é Ronan Fox a bhí i mbun na cineamatagrafaíochta.
Rinneadh an scannánaíocht ar fad i Ráth Maoláin i nDún na nGall. Chaith an fhoireann deich seachtainí sa gceantar agus an scannán á thaifeadadh acu. Bhí gach rud a bhí uathu ar leac an dorais acu, a deir McCabe agus ardmholadh aici don “áit álainn” ar bhruach Loch Súilí nach bhfuil feicthe mórán ar an scáileán roimhe seo.
“Bhí chuile shuíomh a bhí ag teastáil uainn don scannán i Ráth Maoláin só ní raibh orainn aon taisteal a dhéanamh ar feadh deich seachtainí. Bíonn tú chomh tógtha leis an scannán, ní bhíonn am agat d’aon saol eile taobh amuigh de.”
Tá sí ag súil go mbainfidh lucht féachana taitneamh agus ardú croí as an scannán nuair a thaispeánfar é den chéad uair an tseachtain seo chugainn.
“Is ómós é Fidil Ghorm don spiorad daonna. Tá súil agam go mbeidh daoine corraithe ag breathnú air,” a deir McCabe agus ise tagtha go ceann scríbe.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
An-mhaith! Tá súil agam go mbeidh an scannán seo le feiceáil go forleathan? :-)