An Gaillmheach a rinne gaisce in aiséirí Portsmouth FC

Rinne beirt lúthchleasaithe as Uachtar Ard na Gaillimhe gaisce thar sáile le cúpla seachtain anuas

An Gaillmheach a rinne gaisce in aiséirí Portsmouth FC

Thar a bheith ríméadach atá muintir Uachtar Ard na laethanta seo de bharr éachtaí is gaisce a rinne beirt lúthchleasaithe de chuid an pharóiste sin le cúpla seachtain anuas – fir óga a chuir faobhar ar a gcuid scileanna ansiúd sular thugadar aghaidh thar sáile ar ardáin agus ar lucht féachana níos mó ná a gheobhaidís ag baile.

An dornálaí Kieran Molloy agus an t-imreoir sacair Conor Shaughnessy atá i gceist agam. Dhá bhliain ó shin agus cathú air nár éirigh leis cáilíocht a bhaint amach do Chluichí Oilimpeacha Thóiceo, ghlac Molloy leis an spórt mar ghairm. Dé Sathairn na seachtaine seo caite bhuaigh sé an t-ochtú troid as a chéile i roinn an mharcmheáchain in Rotherham Shasana.

Is í imirt an tsacair an tslí bheatha atá ag Shaughnessy ó thug Leeds United conradh dó mar imreoir sinsearach in 2017 agus é bliain is fiche d’aois.  Le cúpla bliain anuas is i Sraith 1 Shasana is mó atá a chuid imeartha déanta aige.

I dtús an tsamhraidh anuraidh shínigh sé conradh dhá bhliain le Portsmouth sa Roinn sin agus ní móide gur íoc sé ar dheoch sa gcathair le coicís mar seachtain ó Dé Céadaoin seo caite ba é a scóráil an cúl a fhágann an chraobh buaite ag Portsmouth agus iad ar ais sa Championship den chéad uair ó 2011.

Stair chorraitheach a bhaineann leis an gclub seo le blianta beaga. Bhí tráth ann nuair ba i measc na n-uasal a bhí siad – an phríomhshraith buaite faoi dhó i bhfad siar, Corn an FA faoi dhó ó theacht na Mílaoise agus club a bhí sa leath uachtair don Premiership go dtáinig 2010.

An bealach mífhreagrach ar deineadh riaradh ar an gclub ba mhó ba chúis lena dteip ó shin seachas easpa cumais na n-imreoirí.

In 2009 cheannaigh fear gnó as na hEimiríochtaí, Sulaiman Al-Fahim an club. Sula raibh an bhliain caite tháinig sé chun solais nach raibh cuid de na peileadóirí ag fáil a bpá. B’éigean an dream ab fhearr acu a dhíol, ina measc Peter Crouch agus an Francach Sylvain Distin. Bhagair an Cigire Cánach go raibh deireadh le cur leis an gclub agus baineadh 9 bpointe pionóis díobh, rud a d’fhág dícháilithe iad.

Leis an scéal go raibh fiacha £135 milliún orthu a thosaigh 2010. Faoin am a dtáinig deireadh an Aibreáin bhí siad dícháilithe go Sraith 1 den chéad uair le 30 bliain. Bhuail a raibh d’imreoirí ann bóthar. Faoin am a raibh an séasúr thart bhí 10 bpointe sraithe eile bainte díobh agus an babhta seo iad díbeartha go Roinn 2.

B’in an tréimhse ba mheasa a facthas ariamh i stair an chlub seo atá ar an saol ó 1898 agus a bhfuil áit ag os cionn 20,000 duine ina bpáirc imeartha, Fratton Park. Is í siúd an t-aon pháirc mhór i Sasana atá tógtha ar oileán – dar ndóigh is ar a leithéid, Portsea Island, atá formhór na cathrach tógtha.

I neart atá Portsmouth FC ag dul ó shin agus anois iad i bhfoisceacht roinn amháin den Premiership arís. A bhuíochas sin do Conor Shaughnessy, an fear óg as Uachtar Ard a scóráil an cúl luachmhar sin, cé gur mar chosantóir is mó a imríonn sé.

Cosantóir freisin is ea a dheartháir Joe atá ina chaptaen ar Dundee i bPríomhroinn na hAlban. Is sa tír sin atá an chuid is mó dá shaol imeartha caite aige – le Aberdeen (2009-2015) agus ó shin le St Johnstone, St, Mirren agus é dhá bliain anois le Dundee, áit a bhfuil sé ina chaptaen.

Gortaíodh Joe sa gcluiche deireanach a d’imir a chlub an tseachtain seo caite nuair a bhain a fhoireann mant as an seans atá ag Rangers ar an bPríomhroinn i mbliana – chríochnaigh na foirne gan aon scór.

Beidh sé ag súil biseach a bheith air inniu faoi am a n-imreoidh siad Celtic, atá ar bharr an tábla.

Ach oiread lena dheartháir, atá 4 bliana níos óige ná é, tá aistear fada tugtha ag Joe ón am a mbíodh sé ag imirt ar pháirc Chumann Sacair Uachtar Ard atá i dTulaigh Bhéal na Slí, ar imeall na coille agus buailte ar Loch Coirib agus ar Bharr Roisín.

Kieran Molloy is óige den triúr. Cé go mba le Cumann Dornálaíochta Uachtar Ard a throid sé mar amaitéarach, deirtear liom gur i mBaile na Rátha a saolaíodh é. Tá sin ar thaobh Chill Aithnín den teorainn a roinneann an dá pharóiste óna chéile. Dúirt saoi eile liom go mba as a tháinig sinsir an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain chun an Chnocáin Ghlais.

Conlan Boxing Presents Michael Conlan vs Miguel Marriaga, SSE Arena, Belfast, Northern Ireland 6/8/2022
Kieran Molloy vs Evgenii Vazem – Super-welterweight
Kieran Molloy celebrates winning
Mandatory Credit ©INPHO/Laszlo Geczo

As na hocht dtroid ghairmiúil atá déanta ag Kieran Molloy,  ba í ceann an tSathairn seo caite in aghaidh Sergio Garcia Herrera ba ghéire a chuaigh coimhlint air. Cuireadh ar shlatracha a dhroma é sa 5ú babhta, ach d’éirigh sé agus rinne oiread sa gcuid eile den troid agus a thuill breith an réiteora, más ar éigean féin é (76-75).

Péire eile de na babhtaí atá déanta aige a shroich ceann cúrsa agus cé nach é is mó ar domhan, tá neart ina bhuille.

Dornálaí ciotógach é a throid os cionn 200 babhta mar amaitéarach agus a bhfuil áit tuillte aige ina measc siúd is oilte ina spórt – rud a cruthaíodh nuair a thug sé bonn cré-umha leis ag Craobhacha na hEorpa in 2018.

Níl ann ach go bhfuil sé ina thús, le cúnamh Dé.

Fág freagra ar 'An Gaillmheach a rinne gaisce in aiséirí Portsmouth FC'