Taobh Gaza de thrasbhealach Rafah ‘faoi smacht’ ag Iosrael

Is é an trasbhealach teorann an t-aon slí gur féidir cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach go dtí Gaza ón Éigipt

Taobh Gaza de thrasbhealach Rafah ‘faoi smacht’ ag Iosrael

Tá smacht tógtha ag Iosrael ar thaobh na Palaistíne de Rafah, an trasbhealach teorann idir Gaza agus an Éigipt.

Cuireadh tancanna isteach sa cheantar agus dúirt údaráis mhíleata Iosrael gur “oibríocht theoranta” a bhí i gceist a bhí dírithe ar thargaidí a bhain le Hamas amháin.

Is é an trasbhealach teorann an t-aon slí gur féidir cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach go dtí Gaza ón Éigipt. Rinneadh cáineadh géar ar ionradh Iosrael ar Rafah agus deir na Náisiúin Aontaithe gurb amhlaidh gur in olcas a rachaidh an ghéarchéim dhaonnúil sa stráice dá bharr.

Cuireadh tús leis an ionradh tráth a bhfuil babhta eile cainteanna indíreacha ar tí tosú in Cairo agus iarracht á déanamh teacht ar réiteach faoi shos comhraic.

Thug ceannairí de chuid Hamas le fios aréir go mbeidís sásta glacadh leis an dréachtréiteach is déanaí. Meastar go raibh scaoileadh saor na ngiall atá fós á choimeád ag Hamas in Gaza mar chuid den mhargadh chomh maith le cead fillte do mhuintir na Palaistíne a cuireadh as seilbh de dheasca an chogaidh.

Dúirt údaráis Iosrael nár shásaigh coinníollacha an réitigh a mbunéilimh ach go gcuirfí toscaireacht eile go dtí Cairo chun páirt a ghlacadh sa bhabhta idirbheartaíochta is déanaí.

Chuir forghabháil Rafah stop le soláthar na cabhrach daonnachtúla tríd an trasbhealach teorann.

Tuairiscíodh go raibh troid le cloisteáil anois is arís timpeall an trasbhealaigh.

Deir na Náisiúin Aontaithe gurb amhlaidh go raibh an soláthar cabhrach á “plúchadh” ag Iosrael ag trasbhealaí Rafah agus Kerem Shalom, an dá bhealach is tábhachtaí ó thaobh sholáthar na cabhrach go dtí muintir Gaza.

Cuireadh tús leis an gcoimhlint nuair a rinne trodairí de chuid Hamas ruathar thar teorainn isteach go dtí deisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair seo caite. Mharaigh siad thart ar 1,200 duine agus thóg siad 252 duine mar ghialla.

Ó cuireadh tús le hionradh díoltais Iosrael maraíodh os cionn 34,700 duine in Gaza, de réir chuntas na n-údarás sláinte sa stráice.

Fág freagra ar 'Taobh Gaza de thrasbhealach Rafah ‘faoi smacht’ ag Iosrael'