‘Plástar ar chneá’ –fiosrú poiblí eile á éileamh tar éis ionchoisne

Rialaigh an cróinéir gur ionsaí seicteach de chuid an IRA ab ea sléacht Kingsmill

‘Plástar ar chneá’ –fiosrú poiblí eile á éileamh tar éis ionchoisne

‘Plástar ar chneá, údar mór díomá.’

B’in é breithiúnas Alan Black ar an ionchoisne ar a dheichniúr comhoibrithe a maraíodh go brúidiúil toisc gur Phrotastúnaigh iad.

Ocht mbliana is daichead i ndiaidh an tsléachta ag Kingsmill i ndeisceart Ard Mhacha, tháinig an t-ionchoisne chun críche tar éis ocht mbliana.

Ar an 5 Eanáir 1976 bhí oibrithe i mionbhus ag filleadh abhaile ón obair i muileann teicstíle i nGleann Anna. Ag Kingsmill gar don Chorr Leacht, stop fear ar an mbóthar an veain. Ordaíodh don gCaitliceach aonair a bhí ar bord greadadh leis i dtreo An tSrutháin agus gan breathnú ina dhiaidh. Ansin scaoil fir ghunna leis an aon duine dhéag a bhí fágtha. Lámhachadh ina seasamh iad i dtosach agus nuair a thit siad scaoileadh leo arís is arís sa gcloigeann. Maraíodh deichniúr, mhair Alan Black cé gur bhuail 18 piléar é.

Tá sé ceithre scór bliain anois, é i gcathaoir rothaí agus thar a bheith díomách nach bhfuair siad freagraí le linn an ionchoisne.

Ba iad an deichniúr a maraíodh: John Bryans 46, Robert Chambers 19, Reginald Chapman 25, Walter Chapman 23, Robert Freeburn 50, Joseph Lemmon 46, John McConville 20, James McWhirter 58, Robert Walker 46 agus Kenneth Worton 24. Níor ciontaíodh éinne ariamh as an sléacht.

Bhí rialú an chróinéara, Brian Sherrard, soiléir. Cé gur shéan an tIRA Sealadach ag an am gurbh iad a rinne an t-ionsaí agus gur dhúirt buíon a thug South Armagh Republican Action Force orthu féin gurbh iadsan a bhí freagrach, admháil bhréagach ab ea é sin, arsa an cróinéir.

Dúirt sé gurbh é an tIRA a bhí ciontach agus gur seicteachas follasach a bhí ann; ní raibh cúis ar bith eile leis na fir a ionsaí ach gur Phrotastúnaigh iad. Dúradh ag an am go ndearnadh an sléacht mar gheall ar dhá ionsaí a rinne dílseoirí an oíche roimhe sin. Mharaigh an UVF na deartháireacha Martin, Brian agus Anthony Reavey, sa bhaile sa Chrom Leacht agus in Áth Mhic Giolla maraíodh na deartháireacha Barry agus Declan O’Dowd agus a n-uncail Joseph. Chinn an cróinéir nárbh fhéidir ionsaí Kingsmill a eagrú in achar 20 uair an chloig agus go raibh sé pleanáilte roimh uafáis na hoíche roimhe.

Léirigh scrúduithe balaistíocha gur baineadh úsáid as na gunnaí céanna a scaoileadh ag Kingsmill i lear mór ionsaithe de chuid an IRA i gContae Ard Mhacha roimhe sin agus ina dhiaidh. Ní raibh sé inchreidte go mbeadh gunnaí de chuid an IRA ag dream neamhspleách, gan chead, agus go dtabharfaí ar ais arís iad gan pionós ná díoltas.

Ní raibh dóthain faisnéise ag an gcróinéir chun aon chiontóir ar leith a aithint. Bhí go leor faisnéise ag an RUC ach ní raibh finnéithe ná fianaise fhóiréinseach ar fáil. Cháin an cróinéir, Brian Sherrard an tIRA agus a ionadaithe polaitiúla mar nár ghlac siad páirt ar bith san ionchoisne.

Ba é an t-easnamh follasach ar an ionchoisne, a dúirt an cróinéir, nach raibh blas fianaise aige uathu siúd a rinne an t-ionsaí. ‘Murab ionann agus ionchoisní eile a scrúdaigh maruithe a raibh feidhmeannaigh stáit freagrach astu nó luaite leo,’ ar sé ‘níor thug na daoine a bhí freagrach as na maruithe ag Kingsmill cuntas go pearsanta ná trí eagraíocht ná páirtí polaitíochta.’

Fuair gach iarratas ar chabhair an chluas bhodhar.

Bhí Alan Black agus muintir John McConville i láthair sa chúirt i mBéal Feirste nuair a thug Brian Sherrard a bhreithiúnas.

Dúirt Alan go raibh sé thar a bheith díomách nach bhfuair sé freagraí ón ionchoisne. I ráiteas uaidh féin agus muintir McConville dúradar gur thug siad aghaidh ar an bpróiseas le dóchas agus muinín ocht mbliana ó shin. Le himeacht ama áfach, ar siad, chaill siad misneach mar nach raibh a gceisteanna á bhfreagairt. Ag gach céim, arsa Alan Black, ceileadh eolas de bharr na slándála náisiúnta. Conas a chuirfí isteach ar shlándáil náisiúnta maidir le heachtra a tharla 48 bliain ó shin? ar sé.

Fearacht muintir Sheán Brown, bhí Alan Black cinnte go raibh fiosrú poiblí riachtanach chun a theacht ar an bhfírinne mar nach rabhthas i ngar ná i ngaobhar di go fóill. Thacaigh ceannaire an UUP, Doug Beattie leis an éileamh sin, é míshásta mar nár ainmníodh amhrastaigh atá marbh.

Tá liosta na n-iarratas ar fhiosruithe poiblí ag dul i bhfad cibé aird a thabharfaidh rialtas na Breataine air ó tá a chosc ar fhiosruithe faoi na Trioblóidí, an tAcht Oidhreachta, nó cuid de,le theacht i bhfeidhm i gceann coicíse.

Fág freagra ar '‘Plástar ar chneá’ –fiosrú poiblí eile á éileamh tar éis ionchoisne'

  • JP

    Ní plástar ar chneá ná cneasú thar goimh atá de dhíth ach cneasú intinne.