Ní leor do mhuintir Aoife Johnson leithscéal gan beart dá réir

Gabhtar leithscéalta faoi scéalta uafásacha, ach ní leithscéal go gníomh réitigh ag deireadh thiar

Ní leor do mhuintir Aoife Johnson leithscéal gan beart dá réir

Bhí sé coscrach éisteacht le muintir Aoife Johnston ag cur síos ar na huaireanta fada pianmhara deireanacha a d’fhulaing Aoife agus í ag fáil bháis, gan cúram sláinte, i roinn éigeandála in ospidéal Luimnigh a bhí báite ag an iomad daoine is gan dóthain foirne.

Bhí sé coscrach leis éisteacht le muintir Milly Tuomey ag sileadh na ndeor i ndiaidh di lámh a chur ina bás féin nuair a bhí sí ag feitheamh le coinne comhairle leis na seirbhísí galar intinne.

Ach b’fhéidir gurb é an rud is coscraí ar fad faoin uafás uile ná go bhfuil a fhios againn nach ndéanfar aon athrú de bharr na scéalta seo, nach mbeidh laghdú ar róphlódú sa roinn éigeandála in ospidéal Luimnigh, nach mbeidh deireadh leis an bhfeitheamh fada ar sheirbhísí sláinte intinne, nach mbeidh deireadh le ciorcal an oilc ina bhfuil muid gafa.

Gabhadh leithscéalta sna cásanna thuasluaite, ach ní leithscéal go gníomh réitigh ag deireadh thiar.  Tá daoine i Luimneach ag gearán faoin ospidéal ó dúnadh na hospidéil san Aonach agus in Inis, cinní a chinntigh gur ar Luimneach a bheadh triall gach éinne sa gceantar mór seo a bheadh ag iarraidh cúram sláinte.

Cé chomh minic is a chuala muid Phil Ní Shéaghdha, ceannaire chumann na n-altraí, ar an teilifís ag tabhairt foláireamh go bhfuil cúrsaí ag leibhéil chontúirteacha san ranna éigeandála: ach arís is arís, is í an teachtaireacht chéanna a bhíonn aici dúinn; agus arís is arís ní dhéanann sé aon difear.

Is amhlaidh an scéal i gcúrsaí tithíochta.  Bíonn an rialtas ag maíomh as an oiread sin tithe a deir siad atá tógtha cé gur léir dúinn nach féidir le daoine óga an chuid is mó de na tithe sin a cheannach agus go mbíonn orthu cíos ard a íoc.  Agus sa gcúlra, léann muid gan stad faoin líon daoine gan dídean a bheith níos mó ná mar a bhí riamh.

Scéal uafásach, deirtear.  Ach ní dhéantar rud ar bith chun é a leigheas.

Scéal eile a bhí go mór sa nuacht le laethanta beaga ná tubaiste an Stardust.  Faoi dheireadh thiar, i ndiaidh 43 bliain tá an chóir faighte ag muintir na ndaoine a básaíodh.

Ghabh an Taoiseach leithscéal – leithscéal a bhí tuillte.  Labhair sé go maith, dúirt sé na rudaí cearta a bhí le rá, agus ghlac muintir na marbh leis.

Ach ní raibh aon mhíniú ar an éagóir a rinneadh ar na daoine sin le 43 bliain.  Ni raibh aon fhreagra ar an gceist bhunúsach a chuir uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald: cé a chruthaigh an bhréag gurbh iad na daoine a fuair bás a chuir tús leis an tine? Cé a scaip an scéal bréagach sin? Cé a scríobh isteach ar an taifead é?  Agus cén fáth?

I mí na Samhna 1981 dúirt an Breitheamh Ronan Keane, duine de na breithiúna ab fhorásaí a bhí ag an stát, gur dócha gur cuireadh tús leis an tine d’aon ghnó, is fuair Eamon Butterly, úinéir an Stardust, £580,00 mar chúiteamh ar an damáiste mailíseach sin.

Ní bhfuair na teaghlaigh tada.

In 2017 rialaigh an Breitheamh Pat McCartan nach ceart aon fhiosrú nua a dhéanamh is dhiúltaigh glacadh le fianaise nua.

Ansin, sea, in 2019, mhol an tArd-Aighne Séamus Woulfe gur cheart ionchoisní nua a reáchtáil toisc nach raibh na chéad ionchoisní sásúil.

Agus anois in 2024 an glanadh ó chúis. An chóir do mhuintir thubaiste Stardust.

Ach ní eisceacht an scéal seo.  Nach cuimhin linn Joanne Hayes is an Breitheamh Kevin Lynch ag rialú go raibh sí ciontach as marú linbh nuair nach raibh?

I 1984 a tharla scéal Joanne, ach níor glanadh ó chúis í go dtí 2018.

Cén nasc atá idir na scéalta seo ar fad?  Nasc amháin, ceapaim.  Daoine gan ‘tábhacht’ a bhí i gceist.  Joanne Hayes, cailín tuaithe nach raibh aon airgead ag a muintir.  Pobal Ard Aidhin, daoine den íosaicme, arís gan tábhacht.

Cén tábhacht a bhaineann leis na daoine gan dídean nó na daoine atá ag fulaingt i ranna éadóchais an chórais sláinte?

Ní chaitheann an stát seo airgead ar dhaoine gan tábhacht.

Tá muid go maith ag gabháil leithscéalta ach cá bhfuil an gníomh.

Ní leor leithscéal ar bith mura ndéanann muid cinnte de go dtabharfaidh an stát meas don uile shaoránach, uasal nó íseal.  Ní leor leithscéal mura gcinntíonn muid go bhfuil an t-airgead ann le fadhb na n-ospidéal a réiteach, le seirbhísí cearta a chur ar fáil dár n-aos óg, agus dúinn ar fad.

Fág freagra ar 'Ní leor do mhuintir Aoife Johnson leithscéal gan beart dá réir'