DUP ag cruachan in aghaidh na hanachaine

Bíodh naimhde an mhargaidh faoinar athbhunaíodh Stormont in ann leas a bhaint as an scannal nó ná bíodh, is mór an chontúirt don DUP an t-easaontas inmheánach

DUP ag cruachan in aghaidh na hanachaine

“Údar uchtaigh ab ea an tacaíocht a fuaireas agus an tuiscint nár léargas ar an bpáirtí an méid a tharla.” Bhí ceannaire eatramhach an DUP, an feisire Parlaiminte, Gavin Robinson, ag cur casadh dearfach ar bhail an pháirtí ina chéad phreasócáid ó bhain titim Jeffrey Donaldson croitheadh ó bhonn as an bpríomhpháirtí aontachtach.

D’admhaigh Gavin Robinson gur thréimhse an-deacair a bhí sa tseachtain ó ceapadh é ina chomharba ar Jeffrey Donaldson arbh éigean dó éirí as nuair a cúisíodh é as éigniú agus cionta gnéis stairiúla eile. Bhí an ceannaire nua ar a dhícheall ag déanamh idirdhealú idir an DUP agus an scannal. Bhain an nuacht stangadh as an bpáirtí agus as an bpobal, ar sé, ach thuig daoine nár bhain an méid a tharla leis an DUP.

Ba léir gur theastaigh ó cheannaireacht an pháirtí teachtaireacht a chraobhscaoileadh nach ligfí don suaitheadh a bhí follasach seachtain ó shin an DUP a iompú ón gcúrsa a bhí leagtha amach le dhá mhí. Bhí siad tiomanta don dá phríomhaidhm, a dúirt Robinson, ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe a chaomhnú maille leis an déabhlóid in Stormont a bhuanú.

Ina theannta sin, dúirt an ceannaire eatramhach go bhfuair sé tacaíocht d’aon ghuth sa pháirtí. Bhí an tseachtain caite aige ag caint le hionadaithe agus baill agus bhíodar go léir diongbháilte nach gcuirfí dá mbuille iad.

Ní léir an mbeidh comórtas ann do phost lánaimseartha an cheannaire nó an dtoghfar leascheannaire nua. Bhí Gavin Robinson ina leascheannaire sula bhfuair sé an t-ardú céime gan choinne Aoine an Chéasta. Gnó inmheánach é toghadh oifigigh, ar sé agus ní bheadh an páirtí ag cothú aighnis. Cibé aontas atá á mhaíomh faoi láthair bheadh sé an-deacair an t-imreas faoin margadh a rinneadh le filleadh ar Stormont fad is atá teorainn i Muir Éireann a cheansú dá mbeadh feachtas toghcháin inmheánach acu.

Tá a fhios ag an saol go bhfuil easaontas nimhneach sa pháirtí faoin margadh sin agus leath na bhfeisirí agus scata tiarnaí ina choinne. Níor shéan Gavin Robinson é sin. Bhí ‘obair fós ar siúl’, a dúirt sé. Cháin sé na daoine a bhí ag iarraidh mioscais a chothú i ndiaidh chúiseamh Donaldson le leas páirtí a bhaint as.

Bíodh naimhde an mhargaidh faoinar athbhunaíodh Stormont, TUV/Reform UK, in ann leas a bhaint as an scannal nó ná bíodh, is mór an chontúirt don DUP é an t-easaontas inmheánach. Tamall tar éis phreasócáid an cheannaire bhí an feisire Ian Paisley i measc na bpolaiteoirí a bhí ar chóisir lá breithe Nigel Farage a cheaptar a bheidh gníomhach in Reform UK; bhí Paisley i measc na bhfeisirí sin a bhí dubh dóite i gcoinne an mhargaidh ar ghlac an DUP leis ar mholadh Jeffrey Donaldson. Rinne Jim Allister margadh le gairid le Reform UK chun seasamh i gcomhar leis an TUV in éadan an mhargaidh sin mar fhreasúra don DUP.

Sé dúshlán Gavin Robinson agus na bhfeidhmeannach sinsearach muinín na vótóirí a chothú idir seo agus an t-olltoghchán a chaithfear a rith san leathbhliain seo romhainn. Tá práinn ar leith leis sin i bhfianaise na héigeandála a d’eascair as cúiseamh Donaldson.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an páirtí in ann feachtas aontaithe a rith; conas a mheallfadh páirtí atá ar nós mála easóg na vótóirí amach? Is chuige sin an dearfacht ó Gavin Robinson i ndiaidh na trioblóide. Bíodh an lá leis nó ná bíodh, is léir gurb é an cruachan in aghaidh na hanachaine an cur chuige do na míonna seo romhainn.

Fág freagra ar 'DUP ag cruachan in aghaidh na hanachaine'

  • WTF

    ‘Mála easóg’, tá sé ráite agat.