Maoiniú breis is €400,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí i gConamara

Caithfear an t-airgead ar ionad pobail a athchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh ar pháirc spraoi

Maoiniú breis is €400,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí i gConamara

Tá maoiniú os cionn €400,000 ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta do dhá thogra pobail i gConamara.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta i nGaillimh Dé hAoine seo caite chun deontas €351,758 a fhógairt do Choiste Pobail na Minna chun athchóiriú a dhéanamh ar ionad pobail. Tá feachtas bailithe airgid ar siúl ag an gcoiste le fada chun a sciar féin den chostas a chruinniú.

Bíonn an coláiste samhraidh Gaeilge, Coláiste Uí Chadhain, lonnaithe in Ionad Pobail na Minna [Na Mine] agus cuirtear imeachtaí eile, ranganna agus imeachtaí sóisialta san áireamh, ar bun sa halla chomh maith.

D’fhógair an tAire Stáit O’Donovan deontas €66,063 do Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua chomh maith chun uasghrádú a dhéanamh ar Pháirc Spraoi na Ceathrún Rua.

“Cuirfidh na deontais ar chumas an na n-eagraíochtaí seo tabhairt faoi obair riachtanach athchóirithe agus uasghrádaithe,” a dúirt an tAire Stáit. “I gcás Ionad Pobail na Minna, cinnteoidh sé seo go bhfanfaidh an foirgneamh ag feidhmiú go ceann blianta amach romhainn agus cabhróidh sé leo leanúint ar aghaidh ag freastal ar an bpobal agus ar an teanga.

“Don Cheathrú Rua, cuirfear leis na háiseanna atá ann cheana féin, áit a dtiocfaidh pobal na háite, idir óg agus aosta, le chéile i dtimpeallacht spraíúil.”

Ceadaíodh na deontais faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga.

Fág freagra ar 'Maoiniú breis is €400,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí i gConamara'

  • Siob

    Cheannaigh siad muintir na háite. Ach fuair siadsan páirc astroturf agus ní raibh orthu ach píosa beag bídeach den Ghaeltacht a dhíol! Woooooo.