‘Is gá do Thithe an Oireachtais Gaeilgeoirí a earcú ar bhonn práinne’ – Coiste Gaeilge

Deir cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge nach bhfuil na seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh ar comhchéim leo siúd a chuirtear ar fáil do choistí a fheidhmíonn trí Bhéarla

‘Is gá do Thithe an Oireachtais Gaeilgeoirí a earcú ar bhonn práinne’ – Coiste Gaeilge

Tá cáineadh géar déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an “easpa” seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann Tithe an Oireachtais ar fáil dóibh.

I dtuarascáil bhliantúil Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a foilsíodh inniu, deirtear gur gá do Thithe an Oireachtais breis foirne a earcú chun seirbhísí leabharlainne agus taighde, seirbhísí comhairle dlí, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí caidrimh phoiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge don choiste.

Deirtear go bhfuil ar a laghad ceathrar ball foirne nua le Gaeilge ag teastáil, duine i ngach ceann de na réimsí sin, chun an t-éileamh atá ag an gcoiste a shásamh.

Deir cathaoirleach an choiste nach bhfuil na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar comhchéim leo siúd a chuirtear ar fáil do choistí a fheidhmíonn trí Bhéarla. Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur i nGaeilge amháin a fheidhmíonn a choiste agus gur minic go mbíonn sé ag fanacht ar ábhar is gá a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

Tá an coiste ag iarraidh go ndéanfadh Tithe an Oireachtais an fhoireann bhreise a earcú “ar bhonn práinne” agus go mbeadh siad fostaithe roimh dheireadh na bliana seo.

“Tá an Comhchoiste go láidir den tuairim go bhfuil sé de cheart aige teacht ar na seirbhísí atá ar fáil do Choistí an Oireachtais ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais trí mheán na Gaeilge agus ní i mBéarla amháin,” a deir Ó Snodaigh, cathaoirleach an choiste.

“I measc na seirbhísí is tábhachtaí díobh siúd, tá seirbhísí leabharlainne agus taighde, seirbhísí comhairle dlí, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí caidrimh phoiblí.

“Cé go bhfuil Seirbhís Thithe an Oireachtais in ann doiciméid a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, níl sé sin sásúil, go mórmhór nuair a bhíonn doiciméid mhóra i gceist agus práinn leo, agus go gcaithfimid fanacht ar an aistriúchán. Is trí Ghaeilge amháin a fheidhmíonn an Comhchoiste agus caithfimid a bheith in ann comhairle a lorg gan mhoill ó na saineolaithe agus an chomhairle chéanna a phlé leo i dteanga oibre an Chomhchoiste: is í sin an Ghaeilge. Níl an tseirbhís ar fáil dúinn.”

Tá na fostaithe breise á n-éileamh ag an gCoiste Gaeilge le cúpla bliain anuas ach tá an fhadhb fós ina ábhar gearáin ag baill an choiste.

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil 2023 nach bhfuil an coiste “sásta ar chor ar bith le leibhéal na seirbhísí Gaeilge a fhaigheann siad ó Sheirbhís Thithe an Oireachais”. Deirtear go bhfuil na seirbhísí ag teastáil le go mbeifí in ann feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge.

“Is iomaí uair atá an fhadhb agus an t-easnamh seo luaite againn roimhe seo, ach…táimid fós ag fanacht leis na seirbhísí bunriachtanacha…a bheith ar fáil dúinn trí mheán na Gaeilge agus go dátheangach, ní i mBéarla amháin,” a deirtear i dtuarascáil bhliantúil an choiste.

Fág freagra ar '‘Is gá do Thithe an Oireachtais Gaeilgeoirí a earcú ar bhonn práinne’ – Coiste Gaeilge'