‘Tá cuma Orwell ar an scéal’ – Sinn Féin ag lorg leithscéal ón nGearmáin as cosc a chur ar agóid Ghaeilge

Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Tánaiste Micheál Martin leithscéal a lorg ó Ambasadóir na Gearmáine faoi eachtra i mBeirlín inar cuireadh cosc ar úsáid na Gaeilge ag agóid

‘Tá cuma Orwell ar an scéal’ – Sinn Féin ag lorg leithscéal ón nGearmáin as cosc a chur ar agóid Ghaeilge

Deir Sinn Féin gur cheart don Rialtas leithscéal a lorg ón nGearmáin maidir le heachtra inar cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge i mBeirlín le gairid.

Thug póilíní le fios do ghrúpa a bhí ag caint agus ag ceol as Gaeilge ag campa agóide ar son na Palaistíne sa chathair nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí.

Dúradh go raibh cosc ar labhairt agus canadh as Gaeilge ag an gcampa gar don Reichstag mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun.

Cuireadh in iúl chomh maith go raibh cosc ar bhratach a raibh ‘Saoirse don Phalaistín – Beirlín’ breactha uirthi.

Tá Sinn Féin anois ag iarraidh ar an Tánaiste Micheál Martin leithscéal a lorg ó Ambasadóir na Gearmáine “as an masla seo” agus go gcuirfí ina luí ar stát na Gearmáine “meas ar chearta cainte agus cruinnithe” a léiriú.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go bhfuil cosaint ar shaoirse cainte sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go bhfuil saoirse cruinnithe luaite ann agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith.

“Tá an Ghaeilge anois, tar éis na blianta a chaitheamh ag feachtasaíocht chun stádas cothrom a bhaint amach, ina teanga iomlán oifigiúil den Aontas Eorpach.” a deir Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin. “Seans nach dtuigeann na húdaráis sa Ghearmáin cé chomh domhain is atá an bá atá againn don Ghaeilge tar éis na gcéadta bliain faoi chos agus faoi chosc, ach ní ghlacann muid go ciúin le bheith ciúnaithe.

“Tá cuma Orwell ar an scéal, póilíní ag gníomhú chun ciorcal comhrá ag canadh ‘Óró Sé Do Bheatha ’Bhaile’ a chosc sa bhliain 2024, agus is cinnte go gcuirfeadh sé i gcuimhne duit ré ina raibh géarleanúint agus diúltú i bhfeidhm faoin choilíneachas orthu siúd a bhí chomh dána sin gur labhair siad a dteanga féin.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil údaráis na Gearmáine ag cur cosc ar dhaoine ar mhian leo labhairt amach i gcoinne an “chinedhíothú” atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín.

“Má tá cearta an duine nó riail an dlí tábhachtach do dhuine ar bith, ba chóir go mbeadh siad buartha faoin titim le fána atá le feiceáil le cúpla mí anuas sa Ghearmáin maidir le gnáthnósanna an daonlathais.”

Deir lucht eagraithe na hócáide Gaeilge i mBeirlín go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.

Dúradh gurb í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.

Chomh maith le labhairt na Gearmáinise agus an Bhéarla, ceadaítear labhairt na hAraibise ag agóidí i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag an agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus go raibh sé “náireach” go gcuirfeadh póilíní na Gearmáine cosc ar a húsáid.

Fág freagra ar '‘Tá cuma Orwell ar an scéal’ – Sinn Féin ag lorg leithscéal ón nGearmáin as cosc a chur ar agóid Ghaeilge'

  • Pádraig

    ‘Deir Ó Snodaigh go bhfuil údaráis na Gearmáine ag cur cosc ar dhaoine ar mhian leo labhairt amach i gcoinne an “chinedhíothú” atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín.’

    Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann. Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin.

    I bhfeachtas a mhair 9 mí in 2017, mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 11,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS i Mosul san Iaráic. Ar ndóigh, is tubaiste é an oiread sin sibhialtach bás a fháil ach ar cuireadh i leith thíortha NATO go raibh cinedhíothú á dhéanamh acu ar phobal na hIaráice? Níor cuireadh – tuigeadh go raibh siad ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú. Is ionann ISIS agus Hamas. Tá Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú. Tá ráite ag Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).

  • Criostóir Ó Floinn

    B’fhéidir go bhfuil na póilíní Gearmánacha ródhian ó thaobh úsáid na Gaeilge de ach ag an am céanna tuigim cén fáth go bhfuil siad ag iarraidh smacht éigin a choinneáil ar na léirsithe ar son na Palaistíne – bíonn léirsithe ann gach deireadh seachtaine i Londain a imíonn thar fóir go minic ó thaobh na reitrice i gcoinne Iosrael de, cuir i gcás, agus léirseoirí ann ag spreagadh fuatha i gcoinne na nGiúdach agus ag baint úsáide as manaí cinedhíothaithe (is minic ‘From the river to the sea, Palestine shall be free’ le cloisteáil, mar shampla, nó manaí a mholann go scriosfaí stát Iosrael). Tá tuairiscí ann go mbíonn meirgí frith-Sheimíteacha le feiceáil ag na léirsithe seo freisin (a bhfuil siombailí Naitsíocha orthu) agus go mbíonn Hamas á ghlóiriú freisin. Deir go leor Giúdach go seachnaíonn siad lár Londan ag an deireadh seachtaine mar gheall ar na léirsithe bagracha úd. I bhfianaise an mhéid seo agus stair na Gearmáine á cur san áireamh, tuigim cén fáth go mbeadh údaráis na Gearmáine ag iarraidh smacht a choinneáil ar chúrsaí – b’olc an mhaise dóibh é dá mbeadh dronganna bagracha ag dul thart ag cur imeagla ar Ghiúdaigh (fiú má mhaíonn siad nach é sin an cuspóir atá acu) agus manaí frith-Sheimíteacha á mbeicíl acu, is cuma cén teanga a bheadh in úsáid ag na léirseoirí.

  • Gabriel Rosenstock

    Nie wieder!

  • Seán Mac an Rí

    An é go bhfuil Ó Snodaigh go hiomlán dall ar an gcomhthéacs stairiúil/polaitiúil atá i gceist anseo? Is minic a bhíonn daoine atá báúil le Hamas ag freastal ar na léirsithe ‘ar son na Palaistíne’ agus manaí frith-Sheimíteacha in úsáid acu. Ba mhaith le húdaráis na Gearmáine a chinntiú nach mbíonn daoine ag béicíl rudaí ar nós ‘Scrios ar na Giúdaigh!’, ‘Is trua nár chríochnaigh Hitler an jab!’, ‘Hamas abú!’ ar shráideanna Bheirlín. Sin i dtír inar damnaíodh 6 mhilliún Giúdach chun báis le cuimhne na ndaoine.
    Caithfear an comhthéacs sin a chur san áireamh sula dtosaítear ar na húdaráis Ghearmánacha a cháineadh as bheith ródhian ar lucht agóide.

  • Indrek

    Tá sé de cheart ag éinne a theanga dhúchais a labhairt agus amhráin a rá inti, ach is rud eile é dul i mbun léirsithe. Baineann dlíthe leis sin, dlíthe a gcaithfear cloí leo, i measc rudaí eile, chun fuathchaint a sheachaint. Más riail ghinearálta é nach féidir agóid a dhéanamh ach as Gearmáinis agus as Béarla, ba sheafóideach an rud é cóilíneachas nó cos ar bolg a chur i leith na bpóilíní Gearmánacha a chuir an dlí i bhfeidhm. Maidir le stádas na Gaeilge san AE, cíalaíonn sé gur féidir an teanga sin a úsáid sna hinsititiúidí Eorpacha, ar nós an Coimisiúin agus na Parlaiminte. Ní chíallaíonn sé, áfach, go bhfuil an ceart agat do ghnó a dhéanamh as Gaeilge i mBallstát eile. Bheadh sé áiféiseach a éileamh ar dhochtúir Gearmánach cóir leighis a chur ort nó ar bhreitheamh Gearmánach do chás a phlé as Gaeilge. Is minic a chuirtear seirbhísí ar fáil as Béarla freisin, ach is faoi gach Stát féin a leithéid de chinneadh a dhéanamh.