‘Cuireann na focail ‘Irish language’ féin tráma ar dhaoine áirithe’

D’éirigh idir an DUP agus an SDLP le linn díospóireachta faoi chinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste dul ar aghaidh le breis is 300 comhartha dátheangach a chrochadh d’aon iarraidh amháin

‘Cuireann na focail ‘Irish language’ féin tráma ar dhaoine áirithe’

Cuireann na focail ‘Irish language’ féin “tráma” ar dhaoine áirithe, a dúradh le linn díospóireachta faoi chomharthaí sráide i mBéal Feirste.

Bhain an díospóireacht idir an DUP agus an SDLP leis an scéala go bhfuil cead tugtha ag coiste de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste  comharthaí sráide dátheangacha a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid.

Thug Coiste Polasaí Straitéiseach agus Acmhainní na Comhairle a mbeannacht ag a gcruinniú deireanach do chrochadh na gcomharthaí sa cheantar in iarthar na cathrach a dtugtar An Cheathrú Ghaeltachta air.

15 vóta a caitheadh ar son na moltaí agus cúigear a vótáil ina gcoinne, an cúigear comhairleoirí aontachtacha atá ar an gcoiste.

Dúirt Ciaran Beattie, comhairleoir de chuid Shinn Féin, gur £359,000 a chosnódh sé na comharthaí a chrochadh ceann ar cheann agus go sábhálfaí £210,000 trí iad a chur suas d’aon iarraidh amháin.

I mí an Mhárta na bliana seo caite a d’aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in airde ar shráideanna na Ceathrún Gaeltachta d’aon iarraidh amháin “le hairgead a shábháil”.

Aontaíodh chomh maith go gcaithfeadh ar a laghad 15% de na daoine atá ina gcónaí i sráid áirithe cur in aghaidh comhartha chun go gcaithfí gnáth-iarratas a dhéanamh tríd an ngnáthphróiseas.

Cé gur bhain an DUP úsáid as ‘call in’ nó ‘glaoch isteach’ chun stop a chur leis an phlean, chinn abhcóide ina dhiaidh sin nach raibh aon bhunús leis sin.

Dúirt Ian McLaughlin, comhairleoir de chuid an DUP “Tá go leor daoine agus an t-aon taithí a bhí acu ar an nGaeilge ba bhocht an taithí í.

“De ghnáth ba é [an t-aon taithí] a bhí i gceist ná nuair a bhéic agus scread an dúnmharfóir nó an sceimhlitheoir a mharaigh duine muinteartha leo na focail cháiliúla sin ‘tiocfaidh ár lá’… agus iad ag fágáil láthair a gcoire uafásaí.

“Is cuma liom má ghoilleann sé sin ar dhaoine nó mura ndéanann. Tá daoine againn sa lá atá inniu ann a mbíonn tráma orthu nuair a luann tú na focail ‘Irish language’ leo. Mar sin is cuma cén moladh a dhéanfaidh tú, ní mhaolóidh sé an imní atá ar dhaoine nach bhfuil  ag iarraidh baint ná páirt a bheith acu leis an nGaeilge.”

“Is cuma cén chaoi a bpléifidh mé an cheist seo, déarfaidh daoine go bhfuil sé in aghaidh na Gaeilge. A mhalairt ar fad, tá níos mó suime agamsa sa lorg a bheidh aige ar an gcaidreamh pobail.”

Dúirt McLaughlin go raibh daoine ann “ar theastaigh” an Ghaeilge uathu agus “an ceart sin acu”, ach nach raibh an Ghaeilge ag teastáil ó aon duine ina cheantar féin.

Dúirt McLaughlin gurb é an tuiscint a bhí i gcónaí aige ná go raibh teorainn shoiléir idir an Cheathrú Ghaeltachta agus na háiteanna a bhí buailte uirthi nach mbeadh aon suim ag na daoine iontu i gcomharthaíocht Ghaeilge.

Mhol sé go mbeadh “zón neodrach” ann.

“D’fhéadfadh nach mbeadh ann ach cúpla méadar ar an mbóthar, ach chiallódh sé go leor do dhaoine sna ceantair teorann nó ‘interface’.

“Déanfaimid go leor dochair leis an bpróiseas seo mura ndéanfaimid iarracht an imní atá ar dhaoine a mhaolú.”

Is beag glacadh a bhí ag Carl Whyte, comhairleoir de chuid an SDLP, le hargóint an DUP.

“Dé hAoine seo caite bhí mé ar an raidió le comhairleoir eile a dúirt liom go raibh an Ghaeilge á brú ar dhaoine… Bíonn caint an-trombhríoch agus nimhneach á déanamh le cur síos a dhéanamh ar theanga.

“Agus inniu caithfidh mé éisteacht leis seo. Tá íospartaigh eile sa seomra seo nach smaoineodh go deo ar chur in aghaidh an Bhéarla, nó nach mbeadh doicheall go deo orthu roimhe, mar gheall ar ghníomhartha a bheith déanta ina gcoinne nó i gcoinne a muintire ag daoine nó eagraíocht a bhain úsáid as frása i mBéarla agus na gníomhartha sin á ndéanamh acu.”

Dúirt Whyte go raibh sé “an-suarach go deo” a bheith ag trácht le linn díospóireachta faoi chomharthaí sráide “ar eachtraí nach fios ar tharla nó nár tharla siad”.

Dúirt sé gur masla a bhí i gcaint McLaughlin do lucht na Gaeilge agus do na haontachtaithe  a rinne “athbheochan” ar an nGaeilge i mBéal Feirste.

“Seift atá ann chun fearg agus imní a chothú d’aon ghnó. Tá an toradh air sin le feiceáil sa loitiméireacht a bhíonn á déanamh ar na comharthaí seo, gníomh atá áirithe anois ag na póilíní mar choir fuatha. Caithfear sin a stop. Ní foláir don phlé seo a bheith stuama.”

Dúirt Ciaran Beattie ó Shinn Féin:

“Is dúinn go léir an Ghaeilge, ní bhaineann sí le haon phobal amháin nó le haon pháirtí amháin. Tá dualgas orainne mar ionadaithe na cathrach seo cosaint a thabhairt do mhionteangacha faoi chairt na Náisiún Aontaithe.”

Fág freagra ar '‘Cuireann na focail ‘Irish language’ féin tráma ar dhaoine áirithe’'