Tá iarrtha ag Comharchumann Dhún Chaoin ar an Aire Stáit Kevin Moran brú a chur ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus ar Chomhairle Contae Chiarraí léas a shíniú do chlós súgartha pobail ag Ionad an Bhlascaoid.
D’aontaigh an tAire Patrick O’Donovan, a raibh an OPW faoina chúram aige an uair sin, an suíomh i gCeathrú an Fheirtéaraigh a thabhairt ar léas don chlós súgartha ar thalamh de chuid an OPW in aice leis an ionad.
Deir cathaoirleach Comharchumann Dhún Chaoin, Máire Ní Mhurchú agus príomhoide Scoil Naomh Gobnait, Malachaí Mac Amhlaoibh gur “cúis mhór díomá agus frustrachais” é nár síníodh an léas go fóill agus go bhfuil an tionscadal “i mbaol mór”.
Fuarthas cead pleanála don togra, ceadaíodh deontas faoin gclár LEADER agus bailíodh os cionn €40,000 trí fheachtas tiomsaithe airgid sa cheantar leis an gclós a thógáil ach tá os cionn trí bliana ann ó aontaíodh, i mí Mheán Fómhair 2021, go gcuirfí an suíomh ar fáil.
Dúirt Ní Mhurchú agus Mac Amhlaoibh i litir “phráinneach” a sheol siad chuig comharba an Aire Uí Dhonnabháin, an tAire Stáit Kevin Moran, go bhfuil an baol anois ann go rachaidh bailíocht na tairisceana a tugadh don chonraitheoir in éag, go bhféadfadh costas an tionscadail ardú nó go “gcaillfí an maoiniú go hiomlán fiú” mura síneofaí an léas.
“Is cúis mhór díomá agus frustrachais é go bhfuil an tionscadal ríthábhachtach seo i mbaol mór, díreach agus an chríochlíne beagnach sroichte againn. Ní aon ní as an ngnáth an léas atá beartaithe. Tá a leithéid déanta go mion minic cheana. Níor cheart go mbeadh aon dúshlán ag baint lena bhfuil ann.
“Tugadh le fios dúinn go raibh an próiseas chun léas a ullmhú ar siúl agus i ráiteas oifigiúil ó Oifig na nOibreacha Poilbí ar Raidió na Gaeltachta le déanaí deimhníodh go n-eiseofaí an léas gan mhoill.
“Táimid in amhras anois faoi fhírinne an ráitis seo mar go bhfuil an t-am ag sleamhnú agus gan aon rian de le feiscint,” a dúradh sa litir a shínigh Ní Mhurchú agus Mac Amhlaoibh.
Dúradh go raibh “lagmhisneach” agus “fearg” ar phobal na háite faoin scéal agus go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” go ndéanfadh an OPW “beart de réir a mbriathar” agus an léas a shíniú.
Seoladh an litir chuig an Aire Kevin Moran; John Conlon, cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí; an tAire Patrick O’Donovan; agus an tAire Norma Foley.
Fág freagra ar '‘Lagmhisneach’ agus ‘fearg’ ar phobal Dhún Chaoin faoi mhoill ar chlós súgartha'