‘Tá Simon Harris ag tabhairt an dá mhéar d’Aire Stáit na Gaeltachta’ – Ó Cuív

Tá Éamon Ó Cuív ag éileamh go gcuirfí níos mó cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil sa chóras tríú leibhéal ach deir an tAire Harris go bhfuil dóthain ann agus nach faoin Roinn treoir a thabhairt d’institiúidí tríú leibhéal

‘Tá Simon Harris ag tabhairt an dá mhéar d’Aire Stáit na Gaeltachta’ – Ó Cuív

Deir Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé ar nós go bhfuil an tAire Ardoideachais Simon Harris “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Deir Éamon Ó Cuív gur gá líon na gcúrsaí tríú leibhéal a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú chun freastal ar an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa amach anseo.

Gealltar sna leasuithe a rinneadh ar an Acht Teanga le gairid gur Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Measann Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta, go bhfuil obair mhór ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach agus tá brú á chur aige le tamall ar Simon Harris a rá cén plean atá ag a Roinn chun a chinntiú go mbeifear in ann na poist a bheidh ann do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a líonadh.

Tá Ó Cuív ag iarraidh go gcuirfí níos mó cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil ach tá ráite ag an Aire Harris, gur faoi na hinstitiúidí ardoideachais amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus nach faoi scáth na Roinne treoir a thabhairt d’institiúid cé na cúrsaí a chuirtear ar fáil.

Dúirt Harris chomh maith gur shíl sé go raibh dóthain cúrsaí ann cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheadh ar Ghaeilgeoirí “amach anseo”.

Chuir an Ó Cuív a mhíshástacht maidir leis an bhfreagra sin in iúl d’Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers ag cruinniú de chuid Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo.

Dúirt sé go raibh an chuma ar an scéal gurb é meon an Aire Harris ná nach raibh dualgas ar bith air tada a dhéanamh i dtaobh na spriocanna earcaíochta san Acht Teanga leasaithe.

Mhaígh Ó Cuív go raibh neamhaird á déanamh ag an Aire ar gheallúintí a rinne an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus ar an reachtaíocht a chuir an tAire Stáit Chambers chun cinn.

“Breathnaíonn sé domsa go bhfuil sé ag tabhairt an dá mhéar dhuit agus go bhfuil sé ag rá leat ‘Bíodh an diabhal ag an Acht, mar Aire, níl mise in ann iachall a chur ar na forais ardoideachais’, rud nach gcreidim, dála an scéil, ar chor ar bith,” a dúirt Ó Cuív leis an Aire Stáit Chambers.

“Tá [an tAire Harris] in ann a rá ‘Má theastaíonn mo chuid airgid uait, déanfaidh tú an rud a déarfaidh mé leat a dhéanamh’. Tá an tAire, atá ceaptha a bheith mar chuid den chur chuige uile-rialtais seo [i leith na Gaeilge agus an achta a chur chun cinn], ag rá ‘Níl mise in ann tada a dhéanamh agus níl mé chun tada a dhéanamh’.”

Dúirt Ó Cuív nach raibh “gíog ná míog” as Roinn na Leanaí ach an oiread nuair a d’fhiafraigh sé díobh an raibh maoiniú le cur ar fáil do naíolanna Gaeilge.

Mheas Ó Cuív go raibh “teip glan” ann ó thaobh an Rialtais “seasamh lena chuid geallúintí i dtaobh na Gaeilge”.

Dúirt Ó Cuív cheana gur léir “go bhfuil codanna den Rialtas” nach bhfuil “dáiríre” faoin reachtaíocht nua. Cháin sé na freagraí a thug an tAire Harris ar a cheisteanna faoin nGaeilge agus dúirt nach raibh iontu “ach blah, blah, blah”.

Thug an tAire Harris le fios go raibh 67 cúrsa tríú leibhéal ann anuraidh a raibh teagasc na Gaeilge mar chuid díobh nó a bhí á dteagasc trí Ghaeilge agus gur fhreastail 1,674 mac léinn ar na cúrsaí seo. Nuair a bhaintear na hábhair oidí as an bhfigiúr sin, áfach, deir Ó Cuív go bhfuil “éigeandáil” ann.

“Caithfear fáil amach cad iad na hearnálacha is mó ina dteastóidh cúrsaí Gaeilge chun spriocanna an achta a bhaint amach agus cad iad na cineálacha cáilíochtaí a bheidh ag teastáil,” a dúirt Ó Cuív.

“Níl aon chosc ar an réamhphleanáil sin a dhéanamh anois.”

Fág freagra ar '‘Tá Simon Harris ag tabhairt an dá mhéar d’Aire Stáit na Gaeltachta’ – Ó Cuív'

  • Siobhán

    Munach thú A Éamoin, cén riocht go mbeadh an Ghaeilge ann gan do leithéide? Tá géarchéim ann sna ceantair Ghaeltachta de bharr fuath dhaoine don Ghaeilge agus iad ag déanamh pingineacha maithe uirthi in aineoinn a bhfuath di. Béarlóirí i go leor róil i saol na Gaeilge & na Gaeltachta. Ceap magaidh iad don Phobal.

  • Caitríona

    Buíoch as gach iarracht a dhéanann tú ar son na Gaeilge a Éamóin agus mallacht ar Harris as an drochíde á thabhairt aige don Ghaeilge. Ta géarghá leis na haithrithe seo. Lean ort ag troid!!!
    Aontaím leis an ráiteas thuas gur ceap magaidh na Béarlóirí ag déanamh cinntí ar “mhaitheas” na Gaeilge. Masla amach is amach.