’Níl ann ach blah, blah, blah’ – cáineadh déanta ar fhreagra aire rialtais faoi chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir ‘go bhfuil codanna den Rialtas’ nach bhfuil ‘dáiríre’ faoin reachtaíocht nua Ghaeilge

’Níl ann ach blah, blah, blah’ – cáineadh déanta ar fhreagra aire rialtais faoi chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal

“Blah, blah, blah” atá tugtha ag iar-aire Gaeltachta ar áiteamh aire rialtais go bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a sholáthar.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go raibh “réimse leathan” cúrsaí ar fáil i nGaeilge agus dóthain acu ann chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga nua.

Sa Bhille Teanga atá á thabhairt isteach ag an Rialtas deirtear gur Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Ach deir Éamon Ó Cuív, iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil “gur beag is fiú” a leithéid de sprioc mura bhfuiltear sásta an réamhphleanáil a dhéanamh anois a chinnteoidh go mbeidh “dóthain daoine ar fáil agus na cáilíochtaí acu atá ag teastáil”.

“Tá obair phleanála agus díograis ag teastáil anois. Is beag is fiú spriocanna a bheith ann mura bhfuil siad infheidhmithe,” arsa Éamon Ó Cuív.

“Níl sa bhfreagra a thug an tAire ach blah, blah, blah, mar a déarfadh Greta Thunberg, Níl aird ar bith ar na ceisteanna ná níl aon chaint ar aon ghníomh. Deir sé go bhfuil chuile rud togha agus go bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge ann agus dóthain daoine ag staidéar i nGaeilge. Níl. Tóg na hábhar oidí amach as agus tá éigeandáil ann.

“Agus sin an áit a bhuailfear balla maidir le spriocanna na reachtaíochta. Agus tá an tAire ag déanamh gaisce faoi líon na gcúrsaí Gaeilge!”

Dúirt Ó Cuív gur léir “go bhfuil codanna den Rialtas” nach bhfuil “dáiríre” faoin reachtaíocht nua.

“An rud is mó a chuirfidh srian ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua ná easpa daoine chun í a chur i gcrích ach is léir go bhfuil daoine áirithe dall air sin i gcónaí,” arsa Ó Cuív.

In 2020-2021 thacaigh an Rialtas le hocht gcúrsa a raibh an teagasc trí Ghaeilge orthu, a dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris.

Seo na cúrsaí a dtacaítear leo tríd na gciste atá ag Roinn na Gaeltachta le cur le líon na ndaoine atá ar fáil do phostanna anseo agus san AE a bhfuil Gaeilge mhaith ag teastáil lena n-aghaidh.

I gcúig institiúid tríú leibhéal atá na hocht gcúrsa ar siúl agus 84 mac léinn a bhí cláraithe leo i mbliana, i gcomparáid le 73 mac léinn anuraidh.

Dúirt Simon Harris go raibh 67 cúrsa tríú leibhéal ann a raibh teagasc na Gaeilge mar chuid díobh nó atá á dteagasc trí Ghaeilge. 1,674 mac léinn a bhí ag freastal ar na cúrsaí seo. Dúirt Harris go raibh 1,021 mac léinn ag gabháil don Ghaeilge mar ábhar ar 37 cúrsa eile.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir ó na figiúirí sin go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl ag an tríú leibhéal le fada, taobh amuigh de na cúrsaí múinte Gaeilge.

“Tá a laghad cúrsaí Gaeilge atá ann an-tromchúiseach, cúrsaí trí Ghaeilge go háirithe. Ní thuigim cén fáth go bhfuil an tAire ag caint faoi chúrsaí na n-ábhar oidí. Tá a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh siadsan ag obair agus ní sa státseirbhís é. Caithfear fáil amach cad iad na hearnálacha is mó ina dteastóidh cúrsaí Gaeilge chun spriocanna an achta a bhaint amach agus cad iad na cineálacha cáilíochtaí a bheidh ag teastáil.

“Níl aon chosc ar an réamhphleanáil sin a dhéanamh anois. Tá a fhios agam go bhfuil coiste le bunú le plean earcaíochta a ullmhú ach níor cheart gur ag cur moille ar chúrsaí a bheadh na struchtúir nua atá le tabhairt isteach ach a mhalairt.”

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris gurb é “bun agus barr an scéil” ná gurb iad na hinstitiúidí ardoideachais féin a shocraíonn cad iad na cúrsaí Gaeilge a chuirfidh siad ar fáil agus nach raibh sé de chumhacht aige “treoir” a thabhairt do na hinstitiúidí sin maidir lena gcuid cúrsaí.

Fág freagra ar '’Níl ann ach blah, blah, blah’ – cáineadh déanta ar fhreagra aire rialtais faoi chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal'