Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua

Measadh gur ‘ionsaí naimhdeach’ ar an nGaeilge a bhí i gceist nuair a d’fhoilsigh an tAire Simon Harris dréachtreachtaíocht ardoideachais agus gan tagairt ar bith don Ghaeilge a bheith ionti

Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua

Tá an tAire Simon Harris tar éis dul siar ar chinneadh conspóideach gan tagairt dhíreach don Ghaeilge a chur i reachtaíocht oideachais nua.

Tá éileamh fós á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge, áfach, go dtabharfaí aitheantas níos mó don teanga sa bhille atá le cur trí Thithe an Oireachtais go luath.

Deirtear anois i mBille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, a foilsíodh le gairid, go mbeidh sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal atá faoina chúram an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn.

Deirtear sa bhille, nach bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil go fóill, go dtabharfaidh an tÚdarás tacaíocht do “designated institutions of higher education in contributing to social, economic, cultural (including the promotion and use of the Irish language) and environmental development and sustainability through leadership, innovation and agility”.

Nuair a foilsíodh ceannteidil an bhille anuraidh, rinneadh cáineadh láidir ar Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, toisc nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge iontu.

San acht mar atá, Acht an Údaráis um Ardoideachas, 1971 tá tagairt láidir do chosaint na Gaeilge, ach mhol an tAire go mbainfí amach an tagairt sin sa reachtaíocht leasaithe.

Dúirt an tAire Harris ag an am gur leor tagairt do chúrsaí cultúrtha seachas tagairt dhíreach a dhéanamh don Ghaeilge chun cur chun cinn na teanga san oideachas tríú leibhéal a chinntiú.

Níor aontaigh polaiteoirí eile ná eagraíochtaí teanga leis an méid a bhí le rá ag an Aire, áfach. Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go rabhthas ag fáil réidh leis an gcúram a bhí ar an Údarás um Ard-Oideachas i leith na Gaeilge agus gur “ionsaí naimhdeach” ar an teanga a bhí i gceist.

In aighneacht a chuir Conradh na Gaeilge faoi bhráid an choiste Oireachtais a bhí ag plé an bhille, dúradh go raibh “neamhaird iomlán” déanta ar an nGaeilge ann.

Tá glactha ag an Aire agus a Roinn leis anois, áfach, gur chóir go mbeadh tagairt dhíreach don Ghaeilge sa bhille nua.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur dul chun cinn a bhí i gceist leis an tagairt don teanga atá curtha isteach sa bhille ach go raibh tuilleadh oibre ag teastáil chun go mbeadh aitheantas cuí tugtha don Ghaeilge sa reachtaíocht nua.

“Agus an bille ag dul ar aghaidh go dtí na céimeanna éagsúla i dTithe an Oireachtais, beidh muid ag iarraidh níos mó [faoin Ghaeilge] ná mar atá ann faoi láthair, seachas díreach í a bheith luaite sna cuspóirí,” a dúirt Julian de Spáinn le Tuairisc.ie.

“Beidh muid ag déanamh stocaireachta ar na polaiteoirí arís, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí a rabhamar i dteagmháil leo roimhe seo, agus go háirithe iad siúd atá ar an gCoiste Oideachais le níos mó a chur isteach ann, rudaí sonracha maidir leis an nGaeilge.”

I measc na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge, moltar gur cheart go mbeadh foráil san Acht a leagfadh dualgas ar bhord an Údaráis agus ar bhoird údarás na n-institiúidí ardoideachas go mbeidh inniúlacht chuí sa Ghaeilge ag ar a laghad 20% de na baill ar na boird sin ar fad.

Freisin, iarrtar go gcinnteoidh an tÚdarás go bhfuil líon leordhóthanach foirne inniúil sa Ghaeilge, 20% ar a laghad, ionas go mbeidh siad in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh chomh maith go ndéanfadh na hinstitiúidí ardoideachais tuairisciú ar a gcuireann siad ar fáil do mhic léinn trí Ghaeilge agus go mbeadh cúrsaí agus seirbhísí sa teanga san áireamh in aon phleananna straitéiseacha.

Deir de Spáinn gur cheart don Roinn Ardoideachais agus don reachtaíocht nua aird a thabhairt ar a bhfuil leagtha amach sa Bhille Teanga nua, a achtaíodh roimh an Nollaig, go háirithe maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Tá sé mar sprioc ag an mbille cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás um Ard-Oideachas. Faoin mbille, bheadh sé de chumhacht ag an Údarás maoiniú a choinneáil ó institiúidí ardoideachais má mheastar nach bhfuil a ndualgais á gcomhlíonadh acu, nó i gcás mí-iompair.

Bhí ceist na Gaeilge san ardoideachas i mbéal an phobail ag deireadh na bliana seo caite nuair a thug an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív “blah, blah, blah” ar áiteamh Simon Harris go bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a sholáthar.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go raibh “réimse leathan” cúrsaí ar fáil i nGaeilge agus dóthain acu ann chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga nua.

Fág freagra ar 'Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua'

  • Gerry

    Comh sleamhain le heascoinn agus ina ‘seoinín’ déanta.

  • Seán Mag Leannáin

    A bhuíochas do Catherine Martin agus Ó Cuív, déarfainn. Níl san Aire Harris ach trumpa aonteangach.

  • Caitríona

    Maith thú Éamon, Oifig an Choimisinéar Teanga agus na saighdiúirí eile atá ar an talamh ag troid go láidir ar son na teanga. Dia libh.

  • Deirdre

    Dia dár sábháil! Comórtas na Lúbíní 2022.