Beagnach 60% d’achtanna ar ordaigh an Ard-Chúirt iad a chur ar fáil i nGaeilge fós le foilsiú

Tugadh mar sprioc do Thithe an Oireachtais go mbeadh an 511 acht foilsithe i nGaeilge roimh dheireadh mhí Iúil na bliana seo

Beagnach 60% d’achtanna ar ordaigh an Ard-Chúirt iad a chur ar fáil i nGaeilge fós le foilsiú

Níl foilsithe i nGaeilge go dtí seo ach beagán os cionn 40% den bhreis is 500 acht a ndúirt an Ard-Chúirt go gcaithfí leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil.

An sprioc a aontaíodh le Tithe an Oireachtais ná go mbeadh na hachtanna uile aistrithe agus foilsithe roimh dheireadh Iúil 2024, ach léiríonn figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc nach bhfuil ach 223 acht as an 511 a bhí ar liosta na hArd-Chúirte aistrithe agus foilsithe go dtí seo. Is ionann sin agus 43% den iomlán.

Thug Tithe an Oireachtais le fios go bhfuil gach ceann den 511 acht aistrithe go Gaeilge faoi seo ach go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ar 288 acu sular féidir iad a fhoilsiú.

Dúradh san Ard-Chúirt in 2019 gur ghá an bhreis is 500 acht a foilsíodh i mBéarla amháin idir 1992-2018 a aistriú go Gaeilge.

I mí Iúil 2019 a cuireadh tús le plean cúig bliana chun leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de na hachtanna agus sprioc ann go mbeadh an obair uile curtha i gcrích faoin 31 Iúil 2024, sprioc nach rachfar gar di anois.

Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais go bhfuil 6% de na hachtanna atá aistrithe anois ag céim na heagarthóireachta agus go bhfuil 40% díobh ag céim na profléitheoireachta.

Easpa aistritheoirí i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais is cúis leis an moill, is léir. Measadh in 2019 go mbeadh 39 aistritheoir ag teastáil chun an obair a dhéanamh ach d’fhág dúshlán earcaíochta nár earcaíodh an líon sin foirne.

Dúirt Tithe an Oireachtais go bhfuil 26 aistritheoir fostaithe i Rannóg an Aistriúcháin i láthair na huaire, ardú ó 19.6 ag deireadh 2022.

Dúradh i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais a foilsíodh anuraidh go raibh an fhadhb earcaíochta éirithe níos measa ó 2020 nuair a chinn an tAE go mbeadh rogha ag aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí. Chruthaigh an phaindéim Covid-19 dúshlán eile ó thaobh cúrsaí earcaíochta, a dúradh.

Cinneadh sa Chúirt Uachtarach in 2022 go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais.

Ina bhreithiúnas, dhearbhaigh an Breitheamh Gerard Hogan cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt an bhliain roimhe sin faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Beagnach 60% d’achtanna ar ordaigh an Ard-Chúirt iad a chur ar fáil i nGaeilge fós le foilsiú'

  • Amergín

    Mac léinn dlí mise agus is minic a théim ag lorg achtanna i nGaelainn agus ní hann dóibh. Bíonn orm an leagan Béarla a úsáid in ionad na leaganacha Gaelainne cé gur dualgas bunreachtúil é tiontuithe oifigiúla i nGaelainn a chur ar fáil. Bheadh sé níos fearr fós dá mbeimis ar nós na Breataine Bige, mar déantar na reachtanna go léir a dhréachtadh sa dá theanga istigh sa phairlimint ansan, seachas iad a rith i dteanga amháin agus iad a aistriú go dtí an ceann eile ar ball.

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@
    *****************************************************************************************
    https://eu.jotform.com/app/231832401769861
    *****************************************************************************************
    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    Facebook Don MacBill Twitter @DonallMacBill
    YouTube DonallMacBillings@DonallMacB

    (in aghaidh na cinsearachta arís agus arís eile)

    STAIR NA GAEILGE GO DTÍ SEO 2024
    TAIGHDE NUA
    LE TEACHT 2025
    LE DÓNALL MAC BILING(S)

    SCÉALTA GRINN EILE ÓN bhunaíocht/Stát -=——-SAMPLAÍ
    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    ‘Spriocdháta do chóras nua cearta teanga á chaitheamh i dtraipisí ‘

    ‘Cinneadh faoi theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann an síneadh fada a láimhseáil curtha ar ceal ag an Ard-Chúirt’ (Brúigh ALT +160, 162,163 …….. ?????????)

    ‘Measúnú á dhéanamh ar úsáid an chórais TEG d’fhoghlaim na Gaeilge san iarbhunscoil ‘

    ‘Ní heol go fóill cathain a chuirfear ar ceal dlí ó 1737 a chuireann cosc ar an nGaeilge sna cúirteanna’ (na Sé Chontae)

    “Ba é Daonáireamh 2022 an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. —— Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.”

    —- Caidé faoin Ghalltacht —— ???????????????????????
    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    Cothaigh ‘SUIM’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús.

    —‘Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe’ —-

    —– ‘An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta’ ——

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann sa Ghaeilge de réir ‘taighde nua’ ——
    .

    Easpa SUIME agus an Cultúr Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior
    sna daltaí agus sna Teachtaí meánaicmeacha ag riar an córais chaipitiligh.

    Is beag an seans a bheadh ag an Ghaeilge agus a bhí leis an iarracht
    Cosc a chur ar dhíshealbhú a theacht i réim sa tír seo.

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !

    *****************************************************************************************
    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    “Béarla Bréa Bhaile Átha Cliath aige”, a dúirt an Breitheamh i mo chás.
    **********************************

    Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla/NeamhBhaillí ó bunaíodh an Stát

    Seo mar a scríobh mé sa bhliain 2019 faoin Ghaeilge i gcóras caipitileach angla-mheiriceánach an rialtais i dtaobh na teanga ———————————————

    “Béarla Bréa Bhaile Átha Cliath aige. Ní gá dó labhairt as Ghaeilge. Tuigeann sé Béarla”, a dúirt an Breitheamh i mo chás. (Hunt)

    Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla/NeamhBhaillí ó bunaíodh an Stát

    Dá dtarlódh seo i dtír ar bith eile mar shampla sa Fhrainc, sa Bheilg srl.
    bheadh lucht déanta an Dlí sna cillíní taobh liom le fada an lá.

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 Acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”ní raibh siad ‘dleathach’.
    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteacht,
    i bPríosún Phort Laoise Bloc E agus sa Cheis Fhada Cás 8
    Éire.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11074
    *****************************************************************************************