‘Míréasúnta’ 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais go Gaeilge – an Chúirt Uachtarach

Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach

‘Míréasúnta’ 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais go Gaeilge – an Chúirt Uachtarach

Tá cinneadh déanta ag an gCúirt Uachtarach go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais.

Ina bhreithiúnas dhearbhaigh an Breitheamh Gerard Hogan cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt anuraidh faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Dúirt an Breitheamh Hogan go dtugtar isteach sa dlí timpeall 40 nó 50 acht gach bliain. Dúirt sé gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘”soiléir” nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach

Dúirt an Breitheamh gurbh fhurasta trua a bheith agat don Stát faoi na deacrachtaí a bhain le haistritheoirí oilte a fháil, ach nach bhféadfá a rá gur “moill” réasúnta a bhí i gceist sa chás seo.

Sa chúirt anuraidh d’éirigh le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Athdhearbhaíodh san Ard-Chúirt mí Bealtaine seo caite an dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil agus dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála 2018 “míréasúnta”.

Rinne an Stát – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sin agus mhaígh siad nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.

Thoiligh an Chúirt Uachtarach éisteacht a thabhairt d’achomharc an Stáit, gan bacadh leis an Chúirt Achomhairc, toisc gur ardaíodh ceisteanna tábhachtacha dlí sa chás a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an riarachán poiblí go ginearálta.

Mí Iúil 2018 a shínigh an tUachtarán an tAcht atá i gceist ach níor cuireadh aistriúchán Gaeilge ar fáil don phobal go dtí Aibreán 2020.

Bhí an leagan Gaeilge den acht á lorg ag Siobhán Denvir-Bairéad, Gleann Mór Céibh Teoranta agus Gleann Mór Cuan Teoranta, mar aon le leagan Gaeilge de na hionstraimí reachtúla éagsúla a bhain leis.

Bhí na téacsanna Gaeilge sin ag teastáil ó Shiobhán Denvir-Bairéad le haghaidh éisteacht ó bhéal ag an mBord Pleanála ionas go bhféadfadh sí cur in aghaidh ordú ceannaigh éigeantaigh Uisce Éireann ar thalamh dá cuid ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Ordaíodh san Ard-Chúirt anuraidh chomh maith gur gá don Roinn Tithíochta ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú go Gaeilge, ach chuir an Chúirt Uachtarach an cinneadh sin ar ceal.

Dúirt an Breitheamh Hogan nach mbíonn dualgas ann de ghnáth leagan Gaeilge a chur ar fáil d’ionstraimí reachtúla ach i gcásanna eisceachtúla ar leith.

Ní raibh aon ghá le moill a chur ar an éisteacht ó bhéal os comhair an Bhoird Pleanála ó tharla go bhfuil Béarla líofa ag Siobhán Denvir-Bairéad, a dúirt an Breitheamh.

Mhaígh an Stát gur ‘dearmad dlí’ é ag an Ard-Chúirt a rá go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht oireachtais.

Mhaígh – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.

Maíodh dá seasfaí le breithiúnas na hArd-Chúirte gur “beag teorainn a bheidh leis an dualgas tiontú i nGaeilge a chur ar fáil ar ionstraimí reachtúla eile”.

Fág freagra ar '‘Míréasúnta’ 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais go Gaeilge – an Chúirt Uachtarach'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. ————— Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil (2022) ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’.

    Ar aghaidh chun bua agus Achtanna Dlíthiúla le mo phianbhreith a chur ar neamhní !!!

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht/Jailteacht
    Phríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Seán ÓM

    Beidh síad ag cúr am mhilleain ar an Aontas Eorpach amárach (“tá na haistritheoirí go léir imithe – blah blah blah”) – mar mheascán mearaí ón bhfírinne go bhfuil státseirbhísigh i mBruisral lán-sásta rudaí a dhéanamh nach bhfuil státseirbhísigh in Éirinn sásta ar bith a dhéanamh.

    Mar tá meas ag dream amháin ar theangacha agus cultúir éagsúla – agus deireann an dream eile “just everyone speak English”.
    Ní fadhb struchtúrtha i seo – is fadhb chultúrtha ollmhór sa státseirbhís Éireannach í seo.