‘Mar a chéile an córas pleanála teanga agus an t-athrú aeráide a fhágáil faoi choistí na mBailte Slachtmhara’

Deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh go bhfuil gá le ‘bearta eisceachtúla’ atá ‘in oiriúint don phráinn’ má tá an stát chun beart de réir a bhriathair a dhéanamh i leith na Gaeltachta

‘Mar a chéile an córas pleanála teanga agus an t-athrú aeráide a fhágáil faoi choistí na mBailte Slachtmhara’

Is ionann cur chuige pleanála teanga an Stáit sa Ghaeltacht agus a bheith sásta cúram an athraithe aeráide a chur ar choistí na mBailte Slachtmhara, dar le duine de mhórstaraithe na hÉireann.

Deir an tOllamh Emeritus ó Ollscoil na Gaillimhe Gearóid Ó Tuathaigh go bhfuil bearna “dochreidte” idir uaillmhian pholasaí an stáit i leith na teanga agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil chun an fhís sin a fhíorú.

Dúirt Ó Tuathaigh an méid sin sa chéad eagrán de shraith nua físeán ar Tuairisc faoi stair na Gaeltachta agus a bhfuil i ndán di.

Tá 100 bliain ann i mbliana ó foilsíodh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i 1926 agus deir Ó Tuathaigh, cé gur éirigh leis an stát fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta idir an dá linn, nárbh ionann sin agus “buanú pobail teanga”.

“Tá an tuiscint sin ar phleanáil teanga mar rud cuimsitheach a bhaineann le buanú pobail, tá sé sin tagtha chun cinn b’fhéidir déanach agus níos déanaí fós maidir le hacmhainní. Níl aon dealramh leis an easpa acmhainní i gcomórtas le huaillmhian an pholasaí, tá sé dochreidte.”

Deir Ó Tuathaigh go bhfágann an easpa acmhainní do chothú agus slánú na Gaeilge gurb ionann cur chuige an stáit agus iad a bheith sásta an cúram “do chreimeadh cósta agus athrú aeráide…a fhágaint faoi choistí na mBailte Slachtmhara”.

Deir Ó Tuathaigh gur scríobh William T. Cosgrave, a bhí i gceannas ar an rialtas nuair a bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta, go raibh rogha ag an stát nua an Ghaeilge a fhágáil “basctha, brúite agus buailte…ar thaobh an bhealaigh mhóir” nó “iarracht a dhéanamh í a thabhairt chun téarnaimh, aire cheart a thabhairt di agus í a chur ar ais ina háit féin”.

Deir Ó Tuathaigh go bhfuil gá le “bearta eisceachtúla” agus “rialacha [nua] atá in oiriúint don phráinn” má tá an stát chun beart de réir a bhriathair a dhéanamh i leith na teanga.

“Sin an saghas misnigh atá in easnamh. Má tá tú ag iarraidh go mbeadh Leabhar Cheanannais ann, tá airgead le caitheamh. Ní féidir é a chur isteach i gcófra i gColáiste na Tríonóide san áit atá tais nó aon ní den tsaghas ann…

“Má ghlacann tú leis go bhfuil rud chomh práinneach agus chomh luachmhar sin go gcaithfear bearta eisceachtúla ar fad a dhéanamh lena thabhairt slán, bhuel sin é an cás atá le déanamh agus ní cóir a bheith leithscéalach faoi.”

Is iarChathaoirleach é Gearóid ó Tuathaigh ar Údarás na Gaeltachta agus ar Bhord na Gaeilge agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith. Bhí sé ina leasuachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus bhí sé ainmnithe ar an gComhairle Stáit ag an iarUachtarán Micheál D Ó hUigínn idir 2012-2018.

Sraith nua físeán, altanna agus podchraoltaí é ‘100 bliain na Gaeltachta’. Bhí Gearóid Ó Tuathaigh faoi agallamh sa chéad eagrán den tsraith físeán, ‘Brúite, basctha ach beo’.

Is féidir féachaint ar an gcéad fhíseán sa tsraith anseo.

Fuair Tuairisc tacaíocht do ‘100 Bliain na Gaeltachta’ ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.

Fág freagra ar '‘Mar a chéile an córas pleanála teanga agus an t-athrú aeráide a fhágáil faoi choistí na mBailte Slachtmhara’'