In éineacht le Bridget agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an Dr John Walsh, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na Gaillimhe agus an saineolaí is mó ar Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Pléitear stair Choimisiún na Gaeltachta agus stair na Gaeltachta féin, an méid a baineadh amach agus nár baineadh amach le 100 bliain, an méid atá caillte agus an méid atá fágtha againn.
Déantar plé ar pholasaí Gaeltachta an stáit, ar an gcaidreamh idir an foghlaimeoir agus an Ghaeltacht agus ar an gcaidreamh casta síceolaíochta atá ag muintir na hÉireann leis an teanga agus leis an nGaeltacht. Déantar trácht chomh maith ar an gcódmheascadh, rud a bhfuil sampla maith de ag John dúinn – ‘I think go bhfuil sé absolutely ridiculous!’.
Cuid dár sraith nua físeán, altanna agus podchraoltaí ‘100 bliain na Gaeltachta’ é an t-eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’.
Is féidir féachaint ar an gcéad fhíseán sa tsraith anseo.
Fuair Tuairisc tacaíocht do ‘100 Bliain na Gaeltachta’ ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.
Pádraig
Críól.
Ach is í a labhrann lear mór den domhan.
Fear in aice liom ar an bhfón agus is féidir liom 3 theanga ar a laghad a dhéanamh amach;
Swahili, Fraincís, Béarla agus ceapaim
(“I think”) go bhfuil salacharáil Afraicaans tríothu sin go léir leis.
Mósaic álainn nó ceann “briste brúite”?