Duais litríochta Fhéile Cúirt buaite ag Rónán Mac Con Iomaire

Tá gradam ag Féile Litríochta Cúirt i nGaillimh buaite ag Rónán Mac Con Iomaire as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara

Duais litríochta Fhéile Cúirt buaite ag Rónán Mac Con Iomaire

Tá an duais don nuascríbhneoireacht i nGaeilge 2026 ag Féile Litríochta Cúirt i nGaillimh buaite ag Rónán Mac Con Iomaire as an gCeathrú Rua.

Bhain sé an gradam amach dá ghearrscéal ‘Na Rúisigh’.

Is fiú €500 an duais atá ar cheann de cheithre cinn don nuascríbhneoireacht a bhronnann Cúirt go bliantúil do scríbhneoirí nach bhfuil leabhar foilsithe acu sa rannóg faoi leith ina mbíonn siad san iomaíocht.

Is don scríbhneoireacht i mBéarla a bhronntar na trí cinn eile de dhuaiseanna: ceann do ghearrscéal, ceann do dhán agus ceann d’aiste.

Is do ghearrscéal 2,000 focal nó níos lú nó do dhán 50 líne nó níos lú a bhí an gradam don nua scríbhneoireacht i nGaeilge.

Bronnadh an gradam ar Rónán Mac Con Iomaire agus ar bhuaiteoirí na nuascríbhneoireachta i mBéarla, ag ócáid san Ionad Ealaíne san Oileán Altanach i nGaillimh inné, mar chuid d’fhéile idirnáisiúnta litríochta Cúirt, atá ar siúl go dtí an 26 Aibreán.

Agus í ag tagairt do scéal Mhic Con Iomaire, dúirt an moltóir, an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh: “Thug an scéal seo an chraobh leis i ngeall ar shiúráil an phróis agus feabhas na hinsinte. Éiríonn go han-mhaith leis an údar pearsana éagsúla a chur i láthair agus fírinne an scéil a chur ina luí ar an léitheoir.”

Mhol sí chomh maith caighdeán agus éagsúlacht na n-iontrálacha sa gcomórtas. Cúis dóchais a bhí iontu don litríocht i nGaeilge, a dúirt sí.

Thuill Rónán Mac Con Iomaire moladh agus cáil dá leabhair neamhfhicsean, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, Rocky Ros Muc, faoin dornálaí Seán Ó Mainín, a foilsíodh sa mbliain 2013, agus do An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta a foilsíodh in 2024.

Rinneadh scannán faisnéise de Rocky Ros Muc sa mbliain 2017 agus foilsíodh leagan Béarla den leabhar faoin teideal The Man Who Was Never Knocked Down in 2018.

Anuraidh roghnaigh an iris Comhar Rocky Ros Muc ar cheann de na leabhair is fearr i nGaeilge a foilsíodh sa chéad seo.

Is Stiúrthóir Forbartha, Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta é Rónán Mac Con Iomaire.

Fág freagra ar 'Duais litríochta Fhéile Cúirt buaite ag Rónán Mac Con Iomaire'