Míshástacht ann gur i mBéarla amháin atá cúrsaí nua AI an Rialtais

Deir Oifig an Choimisinéara Teanga nach bhféadfaí aon cheangal dlí a chur ar Solas cúrsaí AI a chur ar fáil i nGaeilge nó go dtiocfadh córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm

Míshástacht ann gur i mBéarla amháin atá cúrsaí nua AI an Rialtais

Tá míshástacht ann faoin scéal gur i mBéarla amháin atá an clár náisiúnta oiliúna nua san AI a seoladh inné.

Sheol an Rialtas agus Solas inné an suíomh AIReady.ie, mar a bhfuil cúrsaí saor in aisce ar fáil don phobal i scileanna bunúsacha na hintleachta saorga.

Dúirt Solas le Tuairisc nach raibh leaganacha Gaeilge acu de na cúrsaí nua. “Seoladh i mBéarla amháin iad,” a dúradh. Ní dúradh cén fáth sin nó an raibh sé i gceist leaganacha Gaeilge de na cúrsaí a chur ar fáil.

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga nach bhféadfaí aon cheangal dlí a chur ar Solas leithéidí na gcúrsaí nua AI a chur ar fáil i nGaeilge nó go dtiocfadh córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm.

Bhí sé i gceist go mbeadh córas na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach tá sé ráite ag oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.

Dúirt urlabhraí Oifig an Choimisinéara gur faoi chóras na gcaighdeán teanga, a bhí le cur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024, “a bhféadfaí dualgas a leagan ar chomhlacht poiblí láithreáin ghréasáin agus acmhainní teicneolaíochta, lena n-áirítear acmhainní intleachta saorga, a sholáthar don phobal”.

“Mar atá ráite go poiblí ag an gCoimisinéir Teanga, tá géarghá córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm le go mbeidh i bhfad níos mó seirbhísí poiblí ar fáil ar ardchaighdeán i nGaeilge, seirbhísí poiblí atá ag brath ar úsáid na nua-theicneolaíocht san áireamh,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh sé “tábhachtach a choinneáil i gcuimhne” gur leag Rialtas na hÉireann “an-bhéim ar thábhacht na hintleachta saorga” nuair a seoladh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí i nGaeilge in 2024.

“Fógraíodh an tráth sin go mbeadh uirlis ar leith don intleacht shaorga i nGaeilge á forbairt comhthreomhar leis an bPlean. Leagtar béim ar fhorbairt na hintleachta shaorga freisin i bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028.

“Níl aon tuairisc shonrach ar dhul chun cinn foilsithe ag an Rialtas nó ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ina leith seo ag an tráth seo.”

Údar míshástachta do Chonradh na Gaeilge é nár chuir an Rialtas na cúrsaí nua AI ar fáil i nGaeilge.

“Níl a fhios agam an gcuireann Solas aon chúrsa ar fáil i nGaeilge nó an mbíonn an Ghaeilge san áireamh acu riamh,” arsa Julian de Spáinn, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Ní haon iontas, mar sin, nach bhfuil an Ghaeilge san áireamh acu sa chás seo. Ba chóir dóibh an teanga a chur san áireamh i ngach rud a dhéanann siad.

“Tá Solas ar cheann de na grúpaí ba cheart a bheith ag cur cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge don sprioc earcaíochta 20% atá ag an Státseirbhís, agus ba cheart go mbeadh cúrsaí mar seo san áireamh ansin.”

Fág freagra ar 'Míshástacht ann gur i mBéarla amháin atá cúrsaí nua AI an Rialtais'

  • Carraig

    Tá Gaeilge ag AI !