An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú

Dúirt an tAire Harris go raibh sé ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt ach, cosúil le go leor eile, nach bhfuil an mhuinín aige

An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú

Tá ráite ag an Aire Ardoideachais agus Breisoideachais Simon Harris go bhfuil sé i gceist aige tabhairt faoi ranganna Gaeilge. 

Dúirt an tAire Harris go raibh sé ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt ach, cosúil le go leor eile, dar leis, nach bhfuil an mhuinín aige. Dúirt sé go raibh cinneadh déanta aige tabhairt faoi ranganna faoi cheann cúpla seachtain chun é sin a chur ina cheart.

I dtvuít a sheol sé ar Twitter, thagair an tAire do scéal ar TheJournal.ie a luaigh suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge a léirigh gur 28% de dhaoine atá 16 bliain d’aois nó níos sine a bhfuil muinín acu as a gcumas labhartha Gaeilge.

Dúirt Harris go raibh sé féin ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Is minic an tAire Ardoideachais á cháineadh le roinnt míonna faoina mheon agus meon a Roinne i leith na teanga. 

Bhain conspóid le cinneadh an Aire gan tagairt dhíreach don Ghaeilge a chur i reachtaíocht ardoideachais nua. Cinneadh ina dhiaidh sin tagairt don teanga a chur isteach sa bhille agus thug Harris le fios do Chonradh na Gaeilge roinnt seachtainí ó shin go bhfuil faoi glacadh le roinnt leasuithe a thabharfadh cosaint níos fearr don Ghaeilge sa reachtaíocht, Bille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022

De réir na leasuithe a thuairiscítear a bheith glactha leo ag an Aire, bheadh ar an Údarás Ardoideachais an Ghaeilge a chur san áireamh nuair a bheadh moltaí á ndéanamh acu maidir leis an soláthar áiteanna do mhic léinn.

Bheadh ar an Údarás chomh maith measúnú á dhéanamh ar an éileamh ar an ardoideachas Gaeilge ag an leibhéal “réigiúnach agus náisiúnta”.

Ceist mhór é an soláthar ardoideachais trí Ghaeilge i bhfianaise sprioc an Achta Teanga leasaithe gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Cháin an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an tAire Simon Harris go láidir mar gheall ar an meon a léirigh sé i leith na sprice sin roimhe seo. “Blah, blah, blah” a thug Ó Cuív ar áitiú Simon Harris go raibh dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a sholáthar. Dúirt sé go raibh sé ar nós go raibh an tAire Harris “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Fág freagra ar 'An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú'