Measúnú geallta ar an éileamh ar ardoideachas Gaeilge

Thug an tAire Ardoideachais Simon Harris le fios do Chonradh na Gaeilge go bhfuil faoi glacadh le roinnt moltaí a neartódh cás na Gaeilge i reachtaíocht nua

Measúnú geallta ar an éileamh ar ardoideachas Gaeilge

Tá ráite ag an Aire Ardoideachais go bhfuil faoi glacadh le roinnt leasuithe a thabharfadh cosaint níos fearr don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais.

Thug an tAire Simon Harris le fios do Chonradh na Gaeilge go nglacfaidh sé leis na moltaí a chuir an eagraíocht teanga faoina bhráid.

Cé go ndeachaigh an tAire Simon Harris siar roimhe seo ar a chinneadh conspóideach gan tagairt dhíreach ar bith don Ghaeilge a chur sa reachtaíocht ardoideachais nua, bhíothas fós den tuairim nach leor a bhfuil inti faoin teanga.

Faoi láthair níl faoin nGaeilge sa bhille ach go mbeidh sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal atá faoina chúram an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí an méid sin féin den bhille idir lúibíní.

Ach tá na lúibíní sin le baint amach agus rún ag Harris glacadh le roinnt moltaí a neartódh cás na Gaeilge i mBille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022.

De réir na leasuithe a thuairiscítear a bheith glactha leo ag an Aire, bheadh ar an Údarás Ardoideachais an Ghaeilge a chur san áireamh nuair a bheadh moltaí a ndéanamh acu maidir leis an soláthar áiteanna do mhic léinn.

Bheadh ar an Údarás chomh maith measúnú á dhéanamh ar an éileamh ar an ardoideachas Gaeilge ag an leibhéal “réigiúnach agus náisiúnta”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh lucht na heagraíochta “an-sásta” go raibh sé i gceist ag an Aire Simon Harris glacadh le “roinnt mhaith de mholtaí” an Chonartha i dtaobh Bhille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022.

Chuir an tAire in iúl do Chonradh na Gaeilge ag cruinniú a bhí acu leis le déanaí, go mbeidh an Ghaeilge aitheanta mar chuspóir ann féin sa Bhille.

“Beidh an Ghaeilge ar cheann de na nithe go dtabharfar aird orthu sa phleanáil don soláthar oideachas, idir an measúnú ar éileamh agus an soláthar d’áiteanna do mhic léinn sa chóras ardoideachais, agus beidh sí san áireamh sna nithe go gcaithfidh an tAire a bheith airdeallach orthu sa Straitéis don Oideachas tríú leibhéal,” a deir Julian de Spáinn.

“Beidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht luaite sa tacaíocht a chuirfear ar fáil do sholáthar raon clár ardoideachais agus oiliúna i bhfeidhmeanna an Údaráis um Ardoideachas.

“Chomh maith leis sin ar fad, tá riachtanais chainteoirí dúchais Gaeilge agus chainteoirí eile na teanga le cur san áireamh sna hábhair a dtacóidh an tÚdarás leis na hinstitiúidí a fhorbairt san fhoghlaim fad saoil agus san fhoghlaim sholúbtha.”

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, nach raibh  “aon dabht” ann ach go mbeidh an t-ardoideachas lárnach chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) a bhaint amach, go háirithe an sprioc sa reachtaíocht i dtaobh earcú Gaeilgeoirí.

Ceist mhór é an soláthar ardoideachais trí Ghaeilge i bhfianaise na sprice san Acht Teanga leasaithe gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Cháin an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an tAire Simon Harris go láidir mar gheall ar an meon a léirigh sé i leith na sprice sin roimhe seo. “Blah, blah, blah” a thug Ó Cuív ar áitiú Simon Harris go raibh dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a sholáthar.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go raibh “réimse leathan” cúrsaí ar fáil i nGaeilge agus dóthain acu ann chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga nua.

Rinne cúigear Teachtaí Dála éileamh sa Dáil an mhí seo caite go dtabharfaí cosaint níos láidre don Ghaeilge sa reachtaíocht ardoideachais nua.

Fág freagra ar 'Measúnú geallta ar an éileamh ar ardoideachas Gaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Ní fheicfidh mé féin, mo chlann ná mo gharchlann an lá a mbeidh níos mó na measúnú á dhéanamh ar an ábhar seo. B’fhearr i bhfad stad a chur a bheith ag scríobh faoi seo agus ábhar eile nuachta a phlé in ainm Dé…