Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais

Dúirt Teachta Dála amháin, Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas, go gcaithfear Bille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 a leasú le ‘freastal go cothrom agus go sásúil ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta’ 

Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais

Tá éileamh déanta ag cúigear Teachtaí Dála go dtabharfaí cosaint níos láidre don Ghaeilge i reachtaíocht oideachais nua.

Cé go ndeachaigh an tAire Simon Harris siar ar chinneadh conspóideach gan tagairt dhíreach don Ghaeilge a chur sa reachtaíocht ardoideachais nua, táthar fós den tuairim nach leor a bhfuil inti faoin teanga.

Deirtear anois sa mBille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, a foilsíodh le gairid, go mbeidh sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal atá faoina chúram an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn.

Ach ag labhairt dó sa Dáil faoin athrú, dúirt Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, nach leor tagairt amháin don teanga, go háirithe agus an tagairt sin “sna cuspóirí idir lúibíní” in aice leis an ‘cultúr’.

“Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge san áireamh i ngach tagairt do riachtanas agus nasc cultúrtha tríd an mBille ar fad. Ba chóir, freisin, go mbeadh feidhm shonraithe ag an údarás gníomhú ar chúrsaí Gaeilge,” arsa Marc Ó Cathasaigh. 

“Níl aon fheidhm sa Bhille, mar a sheasann sé faoi láthair, maidir leis an nGaeilge. Ba chóir inniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú ar bhord an Údaráis, ar údaráis rialaithe na n-ollscoileanna agus na n-ollscoileanna teicneolaíochta agus ar chomhlachtaí rialaithe na gcoláistí, má tá siad chun freastal go cothrom agus go sásúil ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus orthu siúd ar spéis leo an teanga, go háirithe leis na himpleachtaí a éiríonn as an bhforáil go mbeidh 20% de na daoine a earcófar amach anseo inniúil sa Ghaeilge. 

“Is gá an soláthar seirbhísí agus cúrsaí Gaeilge a chinntiú, a mhéadú agus a chur san áireamh san ardoideachas. Tá mé ag súil go mbeidh an tAire Stáit sásta breathnú ar leasuithe i dtaobh na laigí sin ag Céim an Choiste.”


Ar na Teachtaí Dála eile a dúirt go gcaithfí gné na Gaeilge den bhille nua a láidriú, bhí Rose Conway-Walsh agus Patricia Ryan, Sinn Féin, agus Ivana Bacik, Páirtí an Lucht Oibre agus Richard Boyd Barret, Pobal Seachas Brabús-Solidarity. 

Dúirt Rose Conway-Walsh go raibh an ról a bhí á thabhairt don HEA i dtaobh na Gaeilge níos laige ná mar a bhí sa reachtaíocht roimhe seo. 

Deirtear sa bhille, nach bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil go fóill, go dtabharfaidh an tÚdarás tacaíocht do “designated institutions of higher education in contributing to social, economic, cultural (including the promotion and use of the Irish language) and environmental development and sustainability through leadership, innovation and agility”.

Nuair a foilsíodh ceannteidil an bhille anuraidh, rinneadh cáineadh láidir ar Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, toisc nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge iontu.

San acht mar atá, Acht an Údaráis um Ardoideachas, 1971 tá tagairt láidir do chosaint na Gaeilge, ach mhol an tAire go mbainfí amach an tagairt sin sa reachtaíocht leasaithe.

Dúirt an tAire Harris ag an am gur leor tagairt do chúrsaí cultúrtha seachas tagairt dhíreach a dhéanamh don Ghaeilge chun cur chun cinn na teanga san oideachas tríú leibhéal a chinntiú.

Níor aontaigh polaiteoirí eile ná eagraíochtaí teanga leis an méid a bhí le rá ag an Aire, áfach. Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go rabhthas ag fáil réidh leis an gcúram a bhí ar an Údarás um Ard-Oideachas i leith na Gaeilge agus gur “ionsaí naimhdeach” ar an teanga a bhí i gceist.

In aighneacht a chuir Conradh na Gaeilge faoi bhráid an choiste Oireachtais a bhí ag plé an bhille, dúradh go raibh “neamhaird iomlán” déanta ar an nGaeilge ann.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur dul chun cinn a bhí i gceist leis an tagairt don teanga atá curtha isteach sa bhille ach go raibh tuilleadh oibre ag teastáil chun go mbeadh aitheantas cuí tugtha don Ghaeilge sa reachtaíocht nua.

Fág freagra ar 'Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais'