Teagmháil ar bith idir an Roinn Ardoideachais agus na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le níos mó cúrsaí Gaeilge

Tá an gá a bheidh le tuilleadh cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal chun an sprioc earcaíochta 20% atá luaite sa reachtaíocht teanga a bhaint amach luaite go minic ag polaiteoirí agus eagraíochtaí eile, ach ní cosúil go bhfuil mórán á dhéanamh faoi

Teagmháil ar bith idir an Roinn Ardoideachais agus na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le níos mó cúrsaí Gaeilge

Ní léir go bhfuil aon teagmháil déanta ag an Roinn Ardoideachais leis an Údarás um Ard-Oideachas ná leis na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le cur le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge chun mórsprioc an achta teanga a bhaint amach.

An bhliain seo caite, dúirt an tAire Simon Harris, atá ina rogha láidir na coitiantachta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael, go bpléifeadh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas an gá a bheidh le tuilleadh cúrsaí Gaeilge chun freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

Ach níl aon tagairt déanta d’fhorbairt cúrsaí tríú leibhéal sa chomhfhreagras idir an Roinn Ardoideachais agus an tÚdarás um Ard-Oideachas atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Lorg Tuairisc aon chomhfhreagras ar an ábhar ag dul siar go dtí deireadh na bliana 2021, nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Dhiúltaigh an Roinn d’iarratas eile a rinne Tuairisc d’aon chomhfhreagras idir an Roinn agus na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhain le forbairt cúrsaí Gaeilge “toisc nach bhfuil taifead mar seo ann”.

Tá an gá a bheidh le tuilleadh cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal chun an sprioc earcaíochta 20% atá luaite sa reachtaíocht a bhaint amach luaite go minic ag polaiteoirí agus eagraíochtaí eile.

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil cheana go raibh neamhaird á déanamh ag an Aire Harris ar gheallúintí an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus ar an reachtaíocht nuair nach raibh Harris sásta gníomhú ar an gceist maidir le cúrsaí Gaeilge breise.

Mhaígh an tAire Harris cheana go raibh dóthain cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal ann leis an éileamh a bheidh ar chainteoirí líofa a sholáthar agus nach raibh a roinn in ann treoir a thabhairt d’institiúidí maidir le forbairt cúrsaí. Dúirt sé i mí an Mheithimh anuraidh, áfach, go mbeadh sé sásta labhairt leis na páirtithe éagsúla chun féachaint céard a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le soláthar cúrsaí Gaeilge.

Sa chomhfhreagras idir an Roinn agus an tÚdarás um Ard-Oideachas, tugadh le fios go raibh 59 cúrsa á gcur ar fáil ag institiúidí ardoideachais in 2021/22 a bhí á dteagasc go hiomlán nó i bpáirt trí Ghaeilge. Bhí cúrsaí ina raibh daltaí in ann an Ghaeilge a roghnú mar ábhar agus na cúrsaí oiliúna d’ábhar oidí san áireamh ansin. 1,779 mac léinn a bhí i mbun staidéir ar na cúrsaí sin ag an am.

Dúirt an tÚdarás um Ard-Oideachas nach raibh aon bhealach ann le hidirdhealú a dhéanamh idir cúrsaí a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge agus cúrsaí ina raibh an Ghaeilge á teagasc mar ábhar.

D’fhógair Roinn na Gaeltachta anuraidh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge. Bunaíodh an scéim chun cainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach ach tá sé anois i gceist í a leasú le go mbeadh sí dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn de thoradh na reachtaíochta teanga leasaithe. Tá an Roinn ag lorg comhairleoirí chun an t-athbhreithniú a dhéanamh i láthair na huaire.

Mhol an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill in 2022 go mbunófaí clár náisiúnta dianoiliúna nua chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine sa tseirbhís phoiblí amach anseo a bheidh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Teagmháil ar bith idir an Roinn Ardoideachais agus na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir le níos mó cúrsaí Gaeilge'

  • Sibéal

    Tá an cart roimh an gcapall. Níl fás mar a bhíodh ar an Ghaeloideachais; go háirithe ag an dara leibhéal.
    Cad as a dtiocfaidh na seirbhísigh phoiblí ardcháilithe seo ar fad a mbeidh Gaeilge líofa acu?

  • Pól Ó Braoin

    Níl an rogha dara léibhéil ann. Agus Simon Harris i gceannas bímis faoi réir dearmad ar fad a dhéanamh ar dhul chun cinn ar bith i gcúrsaí Gaeilge ó thaobh an rialtais de.