Scéim le cainteoirí Gaeilge a oiliúint don AE le díriú ar phoist in Éirinn feasta

Ag díriú go príomha ar dhaoine a oiliúint do phoist san AE atá an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge ó rinneadh athbhreithniú air in 2015, ach tá sin ar tí athrú

Scéim le cainteoirí Gaeilge a oiliúint don AE le díriú ar phoist in Éirinn feasta

Tá athbhreithniú le déanamh ag Roinn na Gaeltachta ar scéim a dhíríonn ar chainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach agus é i gceist an scéim a leasú le go mbeadh sé dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn.

Tá an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge á maoiniú ag an Rialtas ó 2006 i leith agus é mar aidhm aige cur le líon na ndaoine le scileanna i réimsí amhail an t-aistriúchán agus an-dlí.

Ag díriú go príomha ar dhaoine a oiliúint do phoist san AE atá an scéim ó rinneadh athbhreithniú uirthi in 2015, ach is léir go bhfuil sin chun athrú mar gheall ar líon na gcainteoirí Gaeilge a bheidh ag teastáil sa tseirbhís phoiblí de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021 (Leasú).

Is í príomhsprioc na reachtaíochta sin ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Éamon Ó Cuív faoi cén obair a bhí ar bun maidir leis an sprioc 20% a bhaint amach, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh athbhreithniú eile le déanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge roimh dheireadh na bliana chun go mbeadh sé ag díriú ar na riachtanais earcaíochta a bheidh anseo in Éirinn seachas san Aontas Eorpach.

“Ag aithint na spriocanna reachtúla atá san Acht, tá sé i gceist anois athbhreithniú a dhéanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge agus díriú níos mó ar oideachas tríú leibhéal agus na riachtanais earcaíochta a bheidh againn in Éirinn de bharr an Achta agus tá obair ar siúl ag an Roinn d’fhonn tús a chur leis an athbhreithniú sin roimh dheireadh na bliana.”

Faoi láthair, cuireann an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge maoiniú ar fáil d’ocht gcúrsa i gcúig cinn d’institiúidí tríú leibhéal. Thart ar €700,000 sa bhliain a chuirtear ar fáil don tionscnamh.

Ar chuid de na beartais eile a bhfuil an Rialtas ag obair orthu chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach, dúirt an tAire O’Donovan go raibh líonraí Gaeilge le bunú chun tacú le foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge atá sa tseirbhís phoiblí cheana féin.

Luaigh sé freisin an feachtas feasachta atá beartaithe ag an Rialtas i mbliana chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ann don Ghaeilge faoin acht.

De réir taighde a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta mar chuid den fheachtas, ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga glacadh le post le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí nó post dá leithéid a mholadh do dhuine eile.

Fág freagra ar 'Scéim le cainteoirí Gaeilge a oiliúint don AE le díriú ar phoist in Éirinn feasta'