Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga ar phost le Gaeilge – suirbhé

De réir taighde nua a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta, d’fhormhór daoine óga ní mór an mealladh a bhaineann le post le Gaeilge

Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga ar phost le Gaeilge – suirbhé

Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga glacadh le post le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí nó post dá leithéid a mholadh do dhuine eile.

De réir taighde nua a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta, d’fhormhór daoine óga ní mór an mealladh a bhaineann le post le Gaeilge.

26% de na rannpháirtithe a smaoineodh ar ghlacadh le post le Gaeilge lasmuigh den tseirbhís phoiblí.

De na daoine óga a ghlac páirt sa taighde agus a raibh cumas sa Ghaeilge acu, ní dúirt ach 27% gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge.

Dúirt 38% nach rud mealltach a bheadh ina leithéid de phost agus dúirt 17% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.

De réir an taighde faoi dhearcadh daoine óga i leith deiseanna fostaíochta do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, thug 56% de na rannpháirtithe le fios nach smaoineodh siad ar phost le Gaeilge iad féin ná nach molfaidís a leithéid do dhaoine eile.

De réir an taighde a rinne an comhlacht Behaviours and Attitudes, easpa muiníne ina gcuid Gaeilge an chúis is mó a mbíonn drogall ar dhaoine óga fiú smaoineamh ar phost le Gaeilge. Na daoine a cheap gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge ba í an deis an teanga a chur chun cinn is mó a mheall iad.

Deir údair an taighde go bhfuil deis an-mhaith ann daoine óga a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta sa tseirbhís phoiblí do chainteoirí Gaeilge.

Choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta an suirbhé chun eolas a fháil d’fheachtas mór feasachta atá beartaithe acu faoi na deiseanna fostaíochta atá san earnáil phoiblí do chainteoirí Gaeilge.

Tá an feachtas sin, a gcuirfear tús leis sna míonna seo romhainn, á reáchtáil i bhfianaise na sprice sa reachtaíocht teanga i dtaobh earcú cainteoirí Gaeilge. An sprioc atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Tá amhras caite ag dreamanna éagsúla ar sprioc earcaíochta an Rialtais.

Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.

Mhol an t-iarchoimisinéir clár náisiúnta oiliúna a bhunú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais an stáit chun cur le líon na gcéimithe cáilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu as seo go ceann cúig bliana nó mar sin.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc anuraidh nárbh ghá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse.

Fág freagra ar 'Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga ar phost le Gaeilge – suirbhé'

  • jpmorley0@gmail.com

    Cainteoirí dúchais féin ní chuireann puinn acu isteach ar phoist a bhfuil Gaeilge riachtanach dóibh. Ba cheart an scéal a scaipeadh ina measc gur acmhainn iontach í an Ghaeilge chun dul chun cinn sa saol a dhéanamh. Do-chreidte go bhfuil oiread sin folúntais Ghaeilge gan líonadh fós ann. An amhlaidh nach spéis leo iad nó nach bhfuil fhios acu? Ba cheart go gcuirfí daoine timpeall go dtí GACH scoil Ghaeltachta chun na daltaí a chur ar an eolas faoin mbuntáiste atá acu cheana féin. Is oth liom a rá go samhlaítear bochtanas leis an teanga i gcónaí in áiteanna áirithe.
    “Níl aon airgead sa Ghaeilge,” arsa bean óg liom tráth arb as Gaeltacht Dhún na nGall í. Agus an post a bhí/atá aici? Aistritheoir thall sa Bhruiséal!!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé atá i gceist le ‘post le Gaeilge’?

    An mbeidh Gaeilge ag do bhainisteoir? Ag do chomhghleacaithe? An mbeidh do chuid oibre uilig trí mheán na Gaeilge nó an ag labhairt leis an pobal trí mheán na Gaeilge amháin a bheas tú? An mbeidh tú ag déanamh cumarsáid trí Ghaeilge ar na meáin sóisialta, ar ríomhphost – le ranna rialtais eile chomh maith leis an pobal i gcoitinne? An mbeidh tú earcaithe ag rannóg rialtais a fheidhmíonn trí Bhéarla? An mbeidh tacaíocht agat leis an Ghaeilg a chuir chun cinn? An mbeidh oifigeach forbartha Gaeilge agat le cuidiú leat do chuid oibre a dhéanamh? An mbeidh cuidiú agat le cáipéisí a aistriú go Gaeilge? B’fhearr i bhfad ACHAN cáipéis oifigiúil – inmheánach agus poiblí – bheith DÁTHEANGACH agus tús áite ag an Ghaeilg. An mbeidh polasaí ann go ndéantar cumarsáid le saoranaigh a bhfuil cónaí orthu sa ‘Ghaeltacht’ trí mheán na Gaeilge amháin?

    San earnáil phríobháideach – an mbeidh Gaeilg ag an bhainistíocht? An mbeidh polasaí ann go mbeidh an Ghaeilg mar theanga oibre na heagraíochta?

  • Mick

    Ceart agat, a Chordelia! Liosta cuimsithe é sin agus gan infreastruchtúir na Gaeilge a bheith ann ar dtús, ní bheidh réiteach inmharthana ar fáil. Bunchloch athbheochan na teanga é an córas oideachais lán-Gaeilge, chun an t-infreastruchtúir sin a leagan síos. Ansin, bheadh seans againn dul chun cinn a dhéanamh, agus timpeallacht cultúrtha agus tarraingteach a bheith ann, a mheallfadh daoine isteach ina chúrsa go nádúrtha.