Ní gá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse.
Sin de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag na Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath.
Ghéill an tAire go raibh líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a chuireann isteach ar phostanna sa státseirbhís “an-íseal i gcónaí”.
Thug McGrath, a bhfuil freagracht ar a roinn as polasaí earcaíochta an Stáit, éachtaint ar a dhúshlánaí is a bheidh sé sprioc an Rialtais ó thaobh na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta teanga nua gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
Ó achtaíodh an bille ina bhfuil an cuspóir sin ag deireadh na bliana seo caite 44 duine a fostaíodh d’fholúntais a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo. Cuireadh tástáil ar líofacht teanga na ndaoine sin ach níor ghá gur earcaigh nua an 44 acu.
Fostaíodh 101 duine eile a mhaígh go raibh Gaeilge acu ach nár cuireadh aon tástáil orthu. Líon na daoine sin folúntais nach raibh aon riachtanas Gaeilge ag baint leo.
Cé go bhfuil comórtais earcaíochta agus ardú céime á ndíriú go sonrach ar Ghaeilgeoirí, ní cosúil go raibh mórán rath ar na hiarrachtaí sin go nuige seo.
“Léiríonn toradh na gcomórtas seo go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh dul sa státseirbhís an-íseal i gcónaí,” a dúirt na tAire Michael McGrath.
Agus ceist á freagairt aige ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly, mhaígh an t-aire go raibh rudaí eile ar siúl chomh maith chun cur le líon na nGaeilgeoirí sa státseirbhís.
Ó 2018 chláraigh 1,454 státseirbhíseach le cúrsa Gaeilge tríd na gcóras OneLearning, a dúirt sé. Chláraigh 470 in 2021 agus 179 duine go dtí seo in 2022.
Tá cúrsa nua do ghlantosaitheoirí bunaithe ag OneLearning i mbliana.
Maidir le sprioc 20% na reachtaíochta nua, tá €325,000 á chur ar fáil ag an Rialtas chun taighde bliana a dhéanamh faoi phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge.
Fógraíodh níos túisce an mhí seo go raibh tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, atá bunaithe faoin reachtaíocht teanga nua, atá freagrach as an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhú.
Tá go dtí an 19 Meitheamh 2024 ag an gcoiste nua chun an plean sin a ullmhú.
Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.
Déanfaidh pé dream a n-éireoidh leo an conradh bliana a fháil taighde faoi na laigí sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus déanfaidh siad moltaí faoi conas na bearnaí sa soláthar sin a líonadh.
De réir anailís a rinne Tuairisc anuraidh níor bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís le trí bliana.
Earcaíodh 8,324 duine ó chomórtais ghinearálta don státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus an 30 Meán Fómhair 2020.
Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 acu sin, nó 0.2% de na folúntais a líonadh sa státseirbhís.
Thug an Roinn le fios gur le linn na bliana 2019 a líonadh gach ceann den 16 folúntas a raibh Gaeilgeoir ag teastáil lena n-aghaidh. Folúntas d’oifigigh chléireachais – an grád is sóisearaí sa státseirbhís – a bhí i 15 den 16 folúntas Gaeilge. Mar Oifigeach Feidhmiúcháin a ceapadh an duine eile.
I dtuairisc ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anuraidh dúradh gur bhain “dúshlán” le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú de bharr a laghad acu a dhéanann iarratais ar phoist.
Dúradh nach ndearna ach 250 duine a raibh Gaeilge acu iarratas ar chomórtas oscailte d’oifigigh chléireachais, cé go raibh os cionn 15,000 duine san iomaíocht sa chomórtas nach raibh riachtanas teanga luaite leis.
Eoin Ó Riain
Ní luaitear Gaeilge mar bhuntáiste in an cuid is mó de na postanna agus is annamh a bhíonn fógraíochta d’aon phost sa Teanga Náisiúnta, seachas na cinn a bhaineann leis an teanga féin – agus fiú sna cásanna sin is i mBéarla deirtear …
Seán Mag Leannáin
“Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 acu sin, nó 0.2% de na folúntais a líonadh sa státseirbhís.
Thug an Roinn le fios gur le linn na bliana 2019 a líonadh gach ceann den 16 folúntas a raibh Gaeilgeoir ag teastáil lena n-aghaidh. Folúntas d’oifigigh chléireachais – an grád is sóisearaí sa státseirbhís – a bhí i 15 den 16 folúntas Gaeilge. Mar Oifigeach Feidhmiúcháin a ceapadh an duine eile.”
Is jóc é an cur chuige seo. Post amháin níos airde ná an grád is sóisearaí sa státseirbhís ar bhain riachtanas Gaeilge leis agus an post amháin sin sa dara ghrád is sóisearaí! Ní fhéadfá é a dhéanamh suas!
Seán Mag Leannáin
Cén fáth, cuir i gcás, nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach le haghaidh post an Ard-Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó post an Ard-Rúnaí in Oifig an Uachtaráin? Dá mbeadh táim lánchinnte go ndéanfadh sé difear níos mó i meon na nArd-Státseirbhíseach i leith na Gaeilge ná coistí cainte, moltaí agus stráitéisí uilig na bpolaiteoirí.