Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach

Mór an méid é 155km in aon lá amháin, ach bhí fonn ar ár ndialannaí taistil bualadh lena chomhoilithrigh

Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach

Is le beirt Ísiltíreach an albergue ina bhfuil mé faoi láthair, lánúin phósta a bhfuil Conair Shéamuis déanta acu cúpla babhta – de shiúl na gcos agus de chasadh na rothaí.

Thit siad i ngrá leis an Camino agus cheannaigh siad an teach seo mar a maireann siad sé mhí sa mbliain ag cur fáilte roimh peregrinos eile atá ar an mbóthar go Santiago.

Ó scríobh mé go deireanach, tá Conair na bhFrancach bainte amach agam. Tháinig mé i dtír in Bilbao ag a hocht a chlog maidin Dé Domhnaigh agus bhuail an bóthar láithreach ó dheas go Santo Domingo de la Calzada – turas 155km a thóg beagnach aon uair a chloig déag orm. Mór an méid é 155km in aon lá amháin, ach bhí fonn orm an bóthar aon traic a chur díom agus bualadh le mo chomhoilithrigh.

Nuair a shiúltar Conair Shéamuis, bítear ag clúdach idir 20-30km sa ló de ghnáth, agus mar gheall go mbíonn chuile dhuine ag imeacht ag an luas céanna (nach mór) feictear na haghaidheanna céanna arís agus arís eile agus cuirtear aithne mhaith ar dhaoine. Bhí a fhios agam go mbeadh an turas seo difriúil le Camino na gCos 2019 mar nach ndéanann ach fíorbheagán daoine an oilithreacht ar rothar i gcomparáid le líon na ndaoine a bhíonn ag siúl – 23,000 rothaí in 2023 i gcomparáid le 404,000 coisí.

Ní féidir a bheith ag súil go gcuirfidh mé aithne ar dhaoine ar an gcosán féin (go deimhin níl oiread is rothaí amháin eile feicthe agam fós) agus mar sin tá na albergues an-tábhachtach dom an babhta seo – is iad croí na Conaire agus is ansin a bhíonn an chraic.

Ó tharla go bhfuil chuile dhuine i mbun an ruda chéanna bíonn sé an-éasca tús a chur le comhrá – ‘cár thosaigh tú?’ ‘cá’il tú ag dul amárach?’ ‘cé as thú?’ ‘cé mhéad cloigín atá ar do chos-sa?!’ Agus faoin am a bhíonn béile na n-oilithreach caite agus cúpla buidéal den vino tinto caite siar, d’fhéadfadh sé a bheith ina rírá ceart sa seomra coitinn.

Is mar sin a bhí oíche Dé Luain nuair a tháinig grúpa mór a bhí ag siúl le chéile le breis agus seachtain isteach go Villafranca Montes de Oca. Níorbh fhada gur thit mé isteach leo – ba mhór an fháilte a chuir an Bascach mná roimh an Éireannach isteach sa ngrúpa.

Cluichí agus dúshláin an chraic a bhí ar siúl acu an oíche sin agus iarmhúinteoir corpoideachais as Meiriceá tar éis dúshlán a leagan rompu cúpla oíche roimhe sin. An cluiche ná breith ar an gcois chlé leis an láimh dheas agus ar an gcluais dheas leis an láimh chlé, agus ansin cromadh síos ar chois amháin le píosa páipéir a phiocadh aníos ón talamh leis an mbéal. Abair dúshlán.

Bhreathnaigh mé orthu ar feadh tamaillín agus chuile dhuine acu ag titim ina gcnap san iarracht. Nuair a bhí plean agus straitéis agam d’fhógair mé go ciúin go dtabharfainn féin faoi – rud a chuir an tIodálach óg mná ag sciotaráil (samhlaigh fear chomh mór leis sin ag iarraidh cleas mar seo a dhéanamh). Suas liom, rug ar an dá bhall, agus d’ísligh mé féin go cúramach ar an gcois chlé láidir. Go mall cúramach a chuaigh mé an bealach ar fad síos agus aníos leis an gcraobh idir na beola, in aon iarracht amháin. Ba mhór an chúis uabhair é éadan an Iodálaigh a fheiceáil.

An mhaidin dár gcionn d’fhág mé slán le mo chairde nua aon oíche agus chuaigh isteach i séipéal an bhaile le coinneal a lasadh d’Adrienne ó Yoga With Adrienne ar YouTube.

Boadilla del Camino – 598km

Fág freagra ar 'Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach'

  • Niall Mac Aindriú

    An-deas go deo, a Mhaitiú!
    Agus nach iontach an eachtraí thú?!
    Táim ag baint an oiread sult as