Byrne le triail cumhachtaí i dtaobh cúrsaí tithíochta a thabhairt don Údarás i mbille nua

Tá aire stáit nua na Gaeltachta chun labhairt láithreach le hAire na Gaeltachta, Catherine Martin, faoin scéala nach bhfuil aon Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Byrne le triail cumhachtaí i dtaobh cúrsaí tithíochta a thabhairt don Údarás i mbille nua

Tá Aire Stáit nua na Gaeltachta Thomas Byrne, chun a dhícheall a dhéanamh cumhachtaí reachtúla nua i dtaobh cúrsaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta roimh shos samhraidh na Dála.

Ag labhairt dó le Tuairisc inné, dúirt an tAire Stáit go raibh sé chun iarracht a dhéanamh na cumhachtaí breise a chur tríd mar chuid den bhille atá á thabhairt isteach chun toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

“Tá mise chun machnamh a dhéanamh ar an gceist sin idir inniu agus nuair a thagann bille an Údaráis os comhair na Dála sna seachtainí atá romhainn

“Tá sé deacair. Tá sé deacair aon leasuithe a chur ar reachtaíocht i dtréimhse an-ghearr ar nós sin. Tá sé dúshlánach é sin a dhéanamh i gceart. Tá a fhios agam go bhfuil an tÚdarás ag iarraidh é sin a dhéanamh agus ba mhaith liomsa athrú a dhéanamh. Níl a fhios agam an féidir é sin a dhéanamh ach tá mé ag iarraidh é sin a dhéanamh.

“Níl mé ach seachtain sa phost inniu agus níl mé ag iarraidh sprioc a leagan amach nach féidir liom a chomhlíonadh ach tá deis againn roimh an samhradh agus táim ag iarraidh a fháil amach anois an féidir liom aon rud a dhéanamh i rith na tréimhse sin chun an deis sin a thapú.”

Idir an dá linn, dúirt Byrne go raibh sé chun labhairt láithreach le hAire na Gaeltachta, Catherine Martin, faoin scéala nach bhfuil aon Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó dheireadh na bliana seo caite.

“Tá mé chun déileáil leis sin leis an Aire,” ar sé.

Chosain sé an cinneadh leasú a dhéanamh ar dhréachtchinn Bhille an Údaráis chun go mbeadh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán boird nuair a thabharfar ar ais é.

“Tá mise ag iarraidh go mbeadh daonlathas ansin agus… na comhairleoirí contae, tá siad ar an talamh, tá siad leis an gcosmhuintir.

“Tá mise sásta leis sin agus ní [hiad] na comhairleoirí contae amháin a bheidh ag seasamh, beidh daoine eile ag seasamh freisin.”

Tá a mhachnamh á dhéanamh chomh maith ag an aire stáit nua ar an bplean scéim labhairt na Gaeilge de chineál nua a thabhairt ar ais, mar a bhí geallta ag a réamhtheachtaí Patrick O’Donovan. Dúirt Byrne go dtuigeann sé an fáth go bhfuil a leithéid de scéim á héileamh ach go gcaithfí a chinntiú, mar shampla, nach mbeadh teaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge faoi “mhíbhuntáiste”.

Fág freagra ar 'Byrne le triail cumhachtaí i dtaobh cúrsaí tithíochta a thabhairt don Údarás i mbille nua'