Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Bhí baint ag Úna Ní Raifeartaigh le roinnt cásanna tábhachtacha a bhain leis an nGaeilge

Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Tá Úna Ní Raifeartaigh, cainteoir líofa Gaeilge, tofa mar bhreitheamh na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Bhí Ní Raifeartaigh ag obair roimhe seo mar bhreitheamh san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Achomhairc.

In 2019, agus í ina Breitheamh Ard-Chúirte, dúirt sí go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.

“Údar iontais an éadulaingt a léiríonn dreamanna áirithe do chearta an mhionlaigh a labhraíonn Gaeilge, an dream céanna a léiríonn an-ómós de ghnáth do chearta mionlaigh,” a dúirt sí i gcinneadh a rinne sí faoi Ghaeilge sna cúirteanna.

Ar ócáid eile, dúirt sí gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn agus a mbíonn seirbhísí aistriúcháin ag teastáil uathu ná mar a chaitear le himircigh.

Dúirt sí go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”.

In 2019, chinn sí san Ard-Chúirt go raibh dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír.

In 2021, pléadh cás as Gaeilge den chéad uair i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a lorg Ní Raifeartaigh soiléiriú maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.

Cúirt idirnáisiúnta atá sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh i 1929. Pléann an chúirt le cásanna a chuirtear faoina bráid ina líomhnaíonn stáit nó daoine aonair go bhfuil sárú déanta ar na cearta atá daingnithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Fág freagra ar 'Cainteoir líofa Gaeilge tofa mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine'

  • Màirín

    Deà scèala!

  • Fergus na Foghraíochta

    Gael aitheanta eile faoi ómós i Strasbourg .
    An bhfuil pop-up Gaeltacht i Strasbourg mar tá ceann mór sa Bhruiséil?

  • Seán Mag Leannáin

    Ó thaobh na Gaeilge de b’fhearr liom í a fheiceáil ag fanacht san Ard-Chúirt anseo. Is beag breitheamh Ard-Chúirte a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici.

  • Amergín Ó Caoindealbháin

    Breitheamh iontach ab ea í go deimhin ó thaobh na Gaelainne de.