Dochar as cuimse déanta ‘d’anam na tíre’ ag neamhshuim an Stáit sa Ghaeilge – breitheamh sinsearach

Deir an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn ná mar a chaitear le himircigh

Dochar as cuimse déanta ‘d’anam na tíre’ ag neamhshuim an Stáit sa Ghaeilge – breitheamh sinsearach

Una Ni Raifeartaigh. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá sé ráite ag an mbreitheamh sinsearach Úna Ní Raifeartaigh gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn agus a mbíonn seirbhísí aistriúcháin ag teastáil uathu ná mar a chaitear le himircigh.

“Is léir an dearcadh sin, fiú sa lá atá inniu ann….bíonn glacadh níos fearr le heachtrannaigh, más maith leat, a labhraíonn teangacha seachas an Béarla, chomh fada agus nach Éireannaigh iad.

“Dá réir, más Polannaigh nó Laitviaigh iad,…, d’fhéadfadh go dtabharfaí ómós níos mó dóibh.”

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh go mbíonn ceisteanna a bhaineann leis an aistriúchán agus an ateangaireacht lárnach sna cineálacha cásanna a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn sa lá inniu.

Rinne an Breitheamh Ní Raifeartaigh a cuid cainte le déanaí agus í ag seoladh leabhair leis an Dr Mary Phelan, Irish Speakers, Interpreters and the Courts 1754-1921. 

Dúirt an Breitheamh go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”.

Dúirt Úna Ní Raifeartaigh, breitheamh sa Chúirt Achomhairc, gur minic agus cásanna á n-éisteacht aici féin i nGaeilge, gur neamhshuim nó fiú doicheall a bhíonn roimpi, fiú sa lá atá inniu ann.

“Tá daoine ann a chreideann nach bhfuil ó Ghaeilgeoirí ach am agus acmhainní na cúirte a chur amú agus iad ag iarraidh ciontú a sheachaint,” a dúirt an Breitheamh.

“San am a caitheadh, bhíodh amhras faoi dhaoine a labhraíodh Gaeilge agus ar an gcúis sin meabhraíonn téamaí staire an Dr Phelan dúinn an bhail atá ar chúrsaí sa lá inniu ann,” a dúirt sí.

Dúirt an Breitheamh go raibh caighdeán an aistriúcháin a bhíonn ar fáil i gcúirteanna na hÉireann faoi láthair “easnamhach” go maith. Luaigh sí cás inar shiúil abhcóide dátheangach amach as an gcúirt “le déistin”, toisc go raibh caighdeán an aistriúcháin a bhí ar fáil chomh dona sin.

“Caithfidh mé a rá go mbíonn imní orm i bhfianaise mo thaithí féin ar an ateangaireacht agus an t-aistriúchán,” a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.

“Tugaim féin faoi deara, ó mo thaithí mar dhlíodóir agus mar bhreitheamh, lochtanna ar an bpróiseas aistriúcháin.”

Mhol an Breitheamh Ní Raifeartaigh a thairbhí a bhí sé breithiúna dátheangacha a bheith ann agus tuiscint acu ar Bhéarla agus Gaeilge agus iad ábalta an t-aistriúchán lochtach a aithint.

“Más cuid d’anam na tíre seo an Ghaeilge, is dóigh liomsa go léiríonn an leabhar seo na deacrachtaí a bhí ag an anam sin, i gceann de na háiteanna is tábhachtaí a bhfeiceann an duine cumhacht an stáit, is é sin i riar na córa nó sna cúirteanna,” a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.

“Ní bheidh a fhios againn go deo cá mhéad Gaeilgeoir nár bhac leis an gceart a lorg de bharr go raibh a fhios acu go mb’fhéidir nach gcuirfí ateangaire ar fáil dóibh, nó nuair a bheadh siad curtha faoi mhionn sa gcúirt go dtabharfaí a ndúshlán faoina gcumas Béarla,” a dúirt sí.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh anuraidh go raibh ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.

“The Irish-speaking minority in society sometimes faces surprising intolerance towards its rights from quarters usually more respectful of minority rights,” a dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh sa leagan scríofa de chinneadh a rinne sí faoi Ghaeilge sna cúirteanna san Ard-Chúirt Meitheamh na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Dochar as cuimse déanta ‘d’anam na tíre’ ag neamhshuim an Stáit sa Ghaeilge – breitheamh sinsearach'

  • Eoghan Ó Néill

    An dearcadh ag Anglos ar Ghael ná “ceard í an phian sa tóin seo d’ár gciapadh? ba chóir go ngéillfeadh sé/sí don bhéarla” ! Ach mar adeir an t-amhrán ‘ Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh/ an dúchas beoga ina gcroí’/ seana-scéalta ár sinsir ag na paistí/ spórt is scléip amuigh ag spraoi’!

  • John Prendergast

    Tá an ceart ar fad aici.

  • Pól Ó Braoin

    Caithfidh tú béarla nó teanga iasachta eile a bheith agat anseo in Éirinn más ag plé le cuideachtaí, nó le húdaráis stáit, atá tú… agus mar sin a fhanfas cúrsaí go dtí go n-éireoidh linn athrú a dhéanamh ar an gcineál ionadaithe atá i gceannas orainn faoi láthair, an cineál a bhí anseo abhus le corradh is céad bliain anuas.