Bíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le ‘surprising intolerance’ ó dhreamanna ‘usually more respectful of minority rights’ – Breitheamh Ard-Chúirte

Deir an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte nach aon ‘quaint and aspirational relic’ ó shaol 1937 stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann

Bíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le ‘surprising intolerance’ ó dhreamanna ‘usually more respectful of minority rights’ – Breitheamh Ard-Chúirte

An Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh

Tá ráite ag Breitheamh Ard-Chúirte go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.

“The Irish-speaking minority in society sometimes faces surprising intolerance towards its rights from quarters usually more respectful of minority rights,” a dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh sa leagan scríofa de chinneadh a rinne sí faoi Ghaeilge sna cúirteanna san Ard-Chúirt an mhí seo caite.

Dúirt an Breitheamh ina cinneadh atá foilsithe anois ag Seirbhís na gCúirteanna gur ‘modest conclusion’ é go bhfuil dualgas ar an Stát iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil.

Mar a tuairiscíodh an mhí seo caite, chinn an Breitheamh Ní Raifeartaigh go raibh an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

Tá léirmhíniú cuimsitheach ar a cinneadh foilsithe anois ag an mBreitheamh agus saineolaithe dlí den tuairim gur cinneadh suntasach é a dhaingníonn stádas bunreachtúil na Gaeilge agus gur bua tábhachtach atá ann maidir le cearta teanga.

Bhain cinneadh an Bhreithimh Ard-Chúirte le cás Dhiarmaid Uí Chadhla, a d’éiligh go n-éistfeadh Breitheamh le Gaeilge a chás i gcúirt dúiche i gcathair Chorcaí.

Cuireadh i leith Ó Cadhla agus beirt eile gur chaith siad péint ar roinnt comharthaí sráide i gcathair Chorcaí in 2017 mar chuid dá bhfeachtas sráidainmneacha na cathrach a athainmniú.

D’iarr foireann dlí Uí Chadhla go dtabharfaí dearbhú go raibh sé de cheart aige éisteacht a fháil ó bhreitheamh le Gaeilge.

Tá an ceart sin daingnithe i gcinneadh Uí Raifeartaigh.

Dúirt an Breitheamh ina cinneadh foilsithe gurb í an bhuncheist a bhí le freagairt aici sa chás ná an raibh aon dualgas bunreachtúil ar an Stát Breitheamh le Gaeilge a chur ar fáil sa chúirt dúiche agus má bhí cé chomh trom agus chomh leathan is a bhí an dualgas sin. 

Chinn an Breitheamh go raibh an dualgas sin ar an Stát fad is a bhí sé indéanta agus réasúnta. 

Dúirt sí gur chinneadh “novel” a bhí ann a leithéid de dhualgas bunreachtúil a aithint ach nach mbeadh ach tionchar teoranta aige ar imeachtaí sna cúirteanna toisc gur nós leis an stát breithiúna dátheangacha a cheapadh sa líon beag cásanna inar éilíodh a leithéid de cheart. 

“Níl ann ach go ndearbhaíonn an cinneadh seo go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát i gcás an chleachtais seo,” arsa an Breitheamh Ní Raifeartaigh. 

Thagair an Breitheamh chomh maith ina cinneadh don dearcadh an-éagsúil a bhíonn ag muintir na hÉireann faoin nGaeilge “from passionate support through indifference to outright contempt and hostility”.

Dúirt sí go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta sin na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.

Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta. 

Daingníodh an stádas sin a thuilleadh, a dúirt sí, nuair a lorgaíodh agus nuair a fuarthas stádas don Ghaeilge san Aontas Eorpach, éileamh a bhí bunaithe ar a stádas bunreachtúil ag baile. 

Lena chois sin go léir, dúirt Ní Raifeartaigh go raibh sé de cheart bunreachtúil riamh anall ag an Oireachtas an Béarla a fhógairt mar theanga na gcúirteanna, rud nach ndearnadh. 

Ní hamháin, a dúirt sí, go raibh rogha déanta ag muintir na hÉireann an chéad teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge, ach shocraigh siad gan aon athrú a dhéanamh ar an stádas sin ó 1937. 

Is dá bharr sin, a dúirt an Breitheamh, gur tuiscint réasúnta nó ‘modest conclusion’ é go bhfuil ceart ag duine an bhrí atá le hAirteagal 8 a bhaint as agus a éileamh go gcaithfeadh an Stát go dáiríre le héileamh ar Bhreitheamh dátheangach i gcúirt dúiche. 

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh ina cinneadh freisin gur minic a fhéachtar ar dhaoine a éilíonn go n-éistfí a gcás i nGaeilge mar chancráin atá “obstructive or insincere” agus nach mbíonn ach ag iarraidh moill a chur lena gcás agus dua a chur ar an stát. Tá meon coitianta ann, a dúirt sí, go bhfuil Béarla chomh maith ag na daoine seo agus nach gá dá réir cásanna a éisteacht i nGaeilge. 

“Is dóigh liom mar sin go bhfuil sé ceart a rá go bhfuil stádas na Gaeilge mar atá i bhfírinne sa chóras dlí chomh lán le contrárthachtaí is atá an dearcadh i leith na teanga sa tsochaí go léir,” arsa an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh. 

Dúirt sí gur fhág a cinneadh gur gcaithfí an rud a rinneadh go minic cheana a dhéanamh feasta, is é sin “that someone picks up the phone or sends an email to see if a bilingual judge can take the case”. 

Ní haon chúram róthrom a bheadh ansin, a dúirt sí. 

Dá gceapfadh muintir na hÉireann go raibh sé  “undesirable that even this limited right be recognised” mar tá lánchead acu faoi Airteagal 8.3 leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.

Tá dualgas reachtúil ó 1924 ar an Stát breithiúna a bhfuil Gaeilge acu a chur ar dualgas go buan i gcúirteanna i ndúichí ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

Ach seo an chéad uair a bhfuil cinneadh déanta go bhfuil dualgas ann iarracht a dhéanamh breitheamh a bhfuil Gaeilge aige a fháil d’aon chás in aon chúirt dúiche sa tír má éilítear a leithéid.

Séamas Ó Tuathail, abhcóide sinsearach, agus na habhcóidí Dáithí Mac Cárthaigh agus Pat Barrett a chuir cás Uí Chadhla i láthair san Ard-Chúirt. Colm Ó hOisín, abhcóide sinsearach, agus an t-abhcóide Tom O’Malley a ghníomhaigh thar ceann an Stáit.

Ní fios go fóill an bhfuil sé i gceist ag an Stát achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

 

Fág freagra ar 'Bíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le ‘surprising intolerance’ ó dhreamanna ‘usually more respectful of minority rights’ – Breitheamh Ard-Chúirte'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    An ceart ar fad aici:
    “Lena chois sin go léir, dúirt Ní Raifeartaigh go raibh sé de cheart bunreachtúil riamh anall ag an Oireachtas an Béarla a fhógairt mar theanga na gcúirteanna, rud nach ndearnadh.

    Ní hamháin, a dúirt sí, go raibh rogha déanta ag muintir na hÉireann an chéad teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge, ach shocraigh siad gan aon athrú a dhéanamh ar an stádas sin ó 1937. ”

    Tuigeann sí a fhimíní is atá an dream seo ‘muintir na hÉireann’…

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le; “Dá gceapfadh muintir na hÉireann go raibh sé “undesirable that even this limited right be recognised” mar tá lánchead acu faoi Airteagal 8.3 leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.”

    Is dóigh liom nach bhfuil an breitheamh ceart maidir leis seo!

    Mar shampla, deir na ‘Treoirlínte faoi Alt 12 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla’ an méid seo a leanas;
    ” Is intuigthe ón mBunreacht (in Airteagal 8.3 thuasluaite) gur féidir leis an Stát, trí reachtaíocht, a rá go sonrach go ndéanfar feidhmeanna oifigiúla áirithe trí Ghaeilge amháin nó trí Bhéarla amháin. Tháinig an cheist chun cinn agus an tAcht á dhréachtadh cibé an raibh sé sin incheadaithe sa chás go samhlófaí úsáid an Bhéarla agus an Bhéarla amháin. Dhéanfadh forléiriú ar Airteagal 8.3 a cheadódh úsáid eisiach bhuan an Bhéarla chun críocha
    oifigiúla sonracha séanadh ar an ordaitheach bunreachtúil arna chruthú ag Airteagal 8.1 agus ar an mbonn sin is í an chomhairle a cuireadh ar an Rialtas gur úsáid eisiach shealadach amháin ó thaobh úsáid an Bhéarla agus sin amháin a chomhlíonfadh ceanglais an Bhunreachta.
    Seo a leanas an chúis leis sin:
    Tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothabháil. Bheadh sé ag sárú an dualgais sin dá bhfógródh sé go buan go ndéanfaí feidhmeanna áirithe de chuid an Stáit a dhéanamh i mBéarla agus i mBéarla amháin, gan aird ar mhianta saoránach a bheadh inniúil an
    Ghaeilge a úsáid ina ngnóthaí leis an Stát agus a chuid ball agus ar mhian leo an Ghaeilge a úsaid sna réimsí feidhmeanna sin.” (Tagairt: lth 5, ‘Treoirlínte faoi Alt 12 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla’ ,https://www.coimisineir.ie/userfiles/files/Treoirlinte_do_Scimeanna_faoin_Acht.pdf