Tá an ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht; stádas na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal; agus an Gaeloideachas i measc na bpríomhthosaíochtaí a bheidh ag coiste Gaeilge an Oireachtais as seo go deireadh na bliana.
Tá clár oibre don chuid eile don bhliain foilsithe ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus ráite ag an gcathaoirleach go bhfuiltear ag iarraidh tabhairt faoi na ceisteanna atá ag “dó na geirbe” ag pobal na teanga.
“Is cúis áthais dom é go bhfuil an Comhchoiste tar éis clár oibre a chur i dtoll a chéile chun díriú isteach ar na míonna atá amach romhainn. Tá súil againn go dtabharfaimid faoin obair sin go réamhghníomhach,” a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly.
Ceapadh an Teachta Connolly ina cathaoirleach ar an gcoiste i dtús an tsamhraidh, an dara huair aici sa ról sin. Toghadh an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil ina leaschathaoirleach.
Tá ráite cheana ag Connolly gur mhaith léi tógáil ar an obair a rinne an coiste faoi stiúir Aenguis Uí Snodaigh le linn théarma na Dála deireanaí.
“Le linn dúinn an clár oibre seo a chomhaontú, theastaigh uainn a chinntiú go ndíreoimid ar na ceisteanna práinneacha atá ag dó na geirbe ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trasna na tíre,” a dúirt Connolly.
Luaigh sí go raibh an coiste chun díriú ar thiomantas an Rialtais don sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí faoi 2030, mar atá leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá amhras léirithe faoi chumas an Rialtais an sprioc sin a bhaint amach.
Tá teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal; soláthar an oideachais lán-Ghaeilge; agus soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta i measc na n-ábhar eile a luaigh an Teachta Connolly go sonrach ach tá tuilleadh leagtha amach i gclár oibre an choiste.
I measc na n-ábhar eile sin, tá cúrsaí fostaíochta agus bonneagair sa nGaeltacht. Tháinig Údarás na Gaeltachta os comhair an choiste an mhí seo caite chun tosaíochtaí na heagraíochta a phlé.
Tá an coiste ag iarraidh réimse ábhar san earnáil oideachais a phlé freisin- caighdeán Gaeilge múinteoirí, an liúntas Gaeilge, easpa Gaelcholáistí agus córas na ndíolúintí san áireamh.
Táthar ag iarraidh scrúdú a dhéanamh chomh maith ar an rochtain atá ag daoine atá faoi míchumas ar an nGaeilge.
Tá an phleanáil teanga, maoiniú Fhoras na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge trí chúrsaí óige agus an spórt ar chuid de na hábhair eile atá luaite i gclár oibre an choiste.
Donncha Ó hÉallaithe
Ní mba dochar ar bith go mbreathnódh Coiste Catherine Connolly ar theorannacha na Gaeltachta, a fhágann go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí (Daonáireamh 2022) sa Gaeltacht Oifigiúil in eastáit tithíochta ar imeall Cathair na Gaillimhe ná mar atá i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile. Bheidh níos mó daoine i gCathair na Gaillimhe i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Údaráis ná sa gceantar Gaeltachta ó Bhearna go Cárna, febrí uair a bheas an toghchán ann.
Na Figiúirí don Daonra (3bl+) mar a tuairiscíodh iad sa Daonáireamh 2022:
Bárdas na Gaillimhe: 16,993
Gaeltacht na nDéise: 2002
Gaeltacht Mhúscaí & Claire: 3,972
Gaeltacht Chorca Dhuibhne & Uíbh Ráthach: 8,791
Gaeltachtaí na Mumhan ar fad: 14,765
Theastódh aontú traspháirte le moltaí a dhéanamh faoi phróiséas aithbhreithnithe agus iad a chur os comhair an Rialtais chun an scéal a chur ina cheart.