Fiche bliain ó chinn an tAontas Eorpach stádas mar theanga oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge, tá sé á mhaíomh go bhfuil an teanga fós in “áit thánaisteach” san aontas.
Is i Meitheamh 2005 a d’fhógair an tAE go raibh glactha le hiarratas ó Rialtas na hÉireann go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge ach fágann easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge san AE i láthair na huaire nach bhfuil Parlaimint na hEorpa in ann lánseirbhís a chur ar fáil sa teanga.
Nuair a bhain an Ghaeilge lánstádas amach san AE faoi dheireadh in 2022, dúirt an rialtas anseo go raibh “todhchaí nua ar leac an dorais don Ghaeilge” ach chinn Parlaimint na hEorpa srian a chur arís ar an dualgas ábhar a chur ar fáil sa teanga de thoradh easpa foirne.
Bhí Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochta a bhí i mbun feachtasaíochta go mbronnfaí stádas oifigiúil ar an Ghaeilge san Eoraip chun go mbeadh sí ar comhchéim le teangacha eile an AE ach deir an eagraíocht go bhfuil gníomh fós ag teastáil ón Rialtas agus ó pholaiteoirí chun comhionannas a bhaint amach don teanga.
“In ainneoin stádas oifigiúil agus oibre a bheith ag an nGaeilge san AE, níl comhionannas againn go fóill,” a deir Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.
Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.
Cinneadh síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte in 2029 ach tá athbhreithniú le déanamh ar an gcinneadh gach sé mhí agus deir Ní Chinnéide gur chóir go mbeadh polaiteoirí anseo agus san Eoraip ag déanamh a ndíchill chun lánseirbhís a chinntiú chomh luath agus is féidir.
“Ba cheart go mbeadh Rialtas na hÉireann agus ár bhFeisirí Eorpacha ag gníomhú le seo a bhaint amach, mar tá an Ghaelainn in áit thánaisteach faoin socrú reatha,” a deir Ní Chinnéide, a labhair sa bParlaimint an mhí seo caite.
“I mí Bealtaine na bliana seo, chuireas achainí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Labhair triúr againn as Gaelainn mar chuid den éisteacht, agus cé gur deineadh ateangaireacht ar ár gcuid cainte, ní raibh de rogha againne freagraí na bhfeisirí a chlos as Gaelainn – meabhrúchán géar nach bhfuil comhionannas teanga bainte amach go fóill.”
Tá ráite cheana ag an bhFeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú gur cheart deireadh a chur “láithreach” leis an maolú ar an nGaeilge, riail a deir sí “a thugann neamhaird ar ár dteanga náisiúnta in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”..
Tá stádas na Gaeilge pléite ag Ní Mhurchú le feisirí eile, le hoifigigh san AE agus le hUachtarán Choimisiúin na hEorpa, Ursula Von Der Leyen, ach níl lánseirbhís i nGaeilge ar fáil sa bParlaimint go fóill.
Chuaigh an t-iarfheisire de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada ar ‘stailc teanga’ in 2015 nuair nár labhair sí ach Gaeilge amháin sa bParlaimint mar agóid i gcoinne mhaolú na Gaeilge san AE agus chun a míshástacht faoi easpa dea-thola Rialtas na hÉireann i leith na teanga a léiriú.
Dúirt Parlaimint na hEorpa gur easpa foirne le Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhís iomlán a chur ar fáil sa teanga. Dúradh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus ateangairí ach gur margadh “an-teoranta” a bhí ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.
AnRógaire
Cén fáth go bhfuil siad buartha faoi chúrsaí san Aontas Eorpach? Díreoidís ar a chinntiú go gcuirtear seirbhísí ar fáil i ngaeilge gan dua sa bhaile in Éirinn. Bíodh dualgais ar an earnáil phríobháideach chomh maith, m.sh. bancanna, comhluchtaí cumarsáide srl. Seirbhís sa dá theanga oifigiúil ar comhchéim. Muna bhfuil comhluchtaí sásta sin a dhéanamh go deonach, tugtar reachtaíocht chuí isteach.
Bleaist réadúlachta
Is ceart an rud bheith ag labhairt Gaeilge i bPáirlimint na hEorpa gan dabht. Ach tá sé áiféiseach cainteoirí líofa a sheoladh thar lear mar seo. Ní mór-theanga í an Ghaeilge. Níl na cainteoirí le spáráil aici! Agus caithfimíd bheith réadúil faoi Ghaeltacht na Bruiséile chomh maith. Dá láidir atá sí faoi láthair – agus molaim daoibh – tá’s againn inár gcroí istigh nach mairfidh sí thar na glúinte. Is léir sin ón stair – cá bhfuil Gaeltacht Nua-Eabhrac anois? Cá háit Gaeltacht Learpholl? Gaeltacht Lováin, a dhaoine uaisle? Tá ciall ceannaithe againn mar Ghaeil! Tair abhaile más féidir leaids, sula n-éiríonn sé ró-dhéanach!
Dáithí Mac Cárthaigh
Tabhairt faoi deara na roghanna Gaeilge ar na bogearraí ar fad a mbaineann tú leas astu. Sin mar gheall ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE. Aon uair a bhíonn an rogha ag Rialtas na hÉireann brúnn siad Béarla amháin nach mór i gcónaí faraor.
Agus Sin Sin
Tá barraíocht constaicí roimh aistritheoirí agus roimh ateangairí le dul ag obair san Aontas Eorpach. Dá mbeidís dáiríre faoi dhóthain baill foirne a earcú, dhéanfaidís cinnte de go mbeadh chuile dhuine a thaganm amach as na hollscoileanna leis na cáilíochtaí cuí á n-earcú acu, nó go mbeadh fáil acu ar intéirneachtaí. Tá siad róthógtha lena gcuid próiseas… nach bhfuil ciall leo i gcás na Gaeilge. Is ann do na daoine seo, ach na coinníollacha earcaíochta a bheith insroichte.