Tá oíche chinn an dara lá déag ar cheann d’ócáidí móra dílseacha Thuaisceart Éireann, oíche na dtinte cnámh roimh mháirseálacha na nOráisteach ar an ‘12 glórmhar’. Tá sí archeann de na cinn is contúirtí freisin, timpistí tarlaithe ag cuid de na tinte a bhíonn an-ard agus roinnt róghar do thithe cónaithe. Ceiliúradh mór don phobal aontachtach é ach smál air is ea an seicteachas chomh maith leis an gcontúirt. Tá údar imní nua i mbliana faoi charn aispeiste atá ina luí faoi chlúdach plaisteach taobh le tine a lasfar i ndeisceart Bhéal Feirste arú amárach, Dé hAoine.
Bhí a fhios faoin gcarn aispeiste le míonna anuas, an Roinn Comhshaoil in Stormont agus an Áisíneacht Chomhshaoil ag déileáil leis an ngnó príobháideach a d’fhág an t-ábhar ar an láthair. Bhí a fhios freisin gur láthair tine é. Is iomaí rud a tharlaíonn ag dornán de na tinte cnámh gach bliain atá míréasúnta ach ba dheacair a shéanadh go bhfuil sé craiceáilte carn aispeiste agus tine mhór a bheith san áit chéanna.
Mar sin féin dhiúltaigh coiste straitéise Chomhairle Bhéal Feirste speisialtóirí a fhostú chun an t-ábhar seo a loiteann scamhóga a thabhairt ar shiúl. Go dtí am scríofa an ailt seo ní raibh de phlean ag an Áisíneacht Chomhshaoil ach clúdach láidir a chur ar an gcarn. Níl sé míréasúnta iarraidh ar an úinéir a d’fhág an t-ábhar ansin an costas a sheasamh as a ghlanadh ach ní leithscéal é sin as easpa gnímh. D’fhéadfadh an Chomhairle nó/agus an Roinn an obair a choimisiúnú agus ordú cúirte a fháil chun iachall a chur ar úinéir an costas a aisíoc.
Bhí amhras gur doicheall roimh mhilleán nó conspóid dá gceapfaí go raibh siad ag iarraidh an tine chnámh a chealú ba chúis le drogall an DUP, Sinn Féin agus Alliance sa Chomhairle Cathrach gníomhú i leith na haispeiste le seachtain anuas. Bíodh sin mar atá caithfear tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht agus ní hé leas éinne é údaráis a bheith ag fágáil na freagrachta ar a chéile.
Tá a fhios ag éinne a bhí ag ceann de na tinte seo ariamh go mbíonn páistí ag súgradh thart orthu agus go mbíonn go leor ólacháin ar siúl. Cén seans nach mbeidh daoine ag dreapadh ar an gcarn agus deannach nimhe á sceitheadh uaidh? Tá tithe taobh leis an láthair agus tá ospidéal ar an taobh eile den bhóthar. Is baolach gur costas sláinte a bheidh le reic lá is faide anonn ón aispeist, aicíd uafásach nó ailse, ceann eile d’iarmhairtí na haispeiste.
Bíonn truailliú coitianta ó na tinte, cé is moite de bheagán a úsáideann rabhcáin (stát-urraithe) atá neamhdhíobhálach don timpeallacht. Níl cead boinn rubair a chur ar na tinte ach úsáidtear seantroscán agus truflais eile chomh maith leis na mílte pailléad adhmaid.
Scéal mór gach bliain is ea an iomaíocht idir grúpaí ógánach a thógann túir ollmhóra. Déantar iad le pailléid agus úsáidtear innealra speisialta chun iad a ardú go spéir. Tá cuid de na tógálaithe óga sároilte agus iad mórtasach as a gcumas. Anuraidh bhí an tine ab airde os cionn 60 méadar, breis is 200 troigh.
Tá contúirt ag baint leis an ngaiscíocht. Is scanrúil an feic iad na túir sin trí thine; dhéanfaí scrios dá dtitfeadh siad agus bheadh beatha i mbaol go cinnte. Trí bliana ó shin fuair fear bás nuair a thit sé ó thúr tine a bhí á thógáil i Latharna. Gortaíodh ógánach go dona nuair a thit sé ó thine eile agus dódh déagóir go rídhona nuair a chuaigh a chuid éadaigh trí thine is é ag cur peitril ar na lasracha. Bíonn mionghortuithe líonmhar gach bliain.
Is minic a dhéanann fíochmhaire na dtinte damáiste d’fhoirgnítí agus bíonn ar an tseirbhís dóiteáin clúdach dódhíonach a chur ar dhoirse agus fuinneoga na dtithe in aice láimhe. Uaireanta seasann na fir dhóiteáin idir an tine agus tithe, iad ag scairdeadh uisce ar na foirgintí chun tubaiste a sheachaint.
Sceith bhéil iad cuid de na tinte i gceantair dhílseacha ‘crua’ as taispeántais ghránna sheicteacha. Bliain i ndiaidh bliana chítear póstaeir nó samhlacha náisiúnaithe – na mná go háirithe – á ndó ar thinte a ndeirtear go mbíonn paraimíleataigh bainteach leo ar chúla téarma. Le déanaí bhí fógra ar thine a bhí á tógáil in oirthear Bhéal Feirste go ndéanfaí Caitlicigh a chéasadh. Sé KAT (Kill All Taigs, nó maraigh gach Taidhgín, sin gach Caitliceach) an fógra is coitianta. Crochtar bratach na hÉireann le dó go seasta, chomh maith le brat an Phápa agus ceann na Palaistíne.
Ach an oiread leis na paráidí níl ach líon beag de na tinte cnámh atá contúirteach agus conspóideach. Déanann siadsan an iomarca dochair áfach. Chuile bhliain bíonn plé an t-am seo faoi chúrsaí a chur ina gceart don chéad bhliain eile. Aislingí gan fíorú. N’fheadar cé mhéad den dream óg a bhíonn ag ceiliúradh aistear King Billy in 1690 ó Charraig Fhearghusa chun na Bóinne ach tá tábhacht le traidisiún na dtinte cnámh i measc an phobail. Tá sé thar am a theacht ar réiteach a chaomhnóidh an traidisiún ach a chuirfidh deireadh leis an damáiste, an fuath agus an chontúirt. Éilíonn sé sin comhghéilleadh agus ceannaireacht.
Fág freagra ar 'Oíche na dtinte cnámh – oíche an damáiste, an fhuatha agus na contúirte'