Cogadh san UUP – ceisteanna faoi inmharthanacht an pháirtí

Tá sé ina raic sa UUP agus amhras faoina raison d'être ós beag idir leagan amach an cheannaire nua agus an DUP

‘Teachtaí Tionóil imeallaithe, aonraithe, neamhaird déanta orthu agus míchlú tarraingthe orthu faoi cheannaireacht dhímheasúil a lig do dhream beag an bonn a bhaint d’ionadaithe tofa.’

Ní dheachaigh saighead ar bith ar fóraoil. Bhí litir Doug Beattie gan deismireacht ná cur i gcéill. Bíonn cathanna inmheánacha i bpáirtithe polaitiúla searbh agus nimhneach ach tá brúidiúlacht an chogaidh reatha san UUP dosháraithe. Tá na ciallachais don bpáirtí tromchúiseach.

D’fhoilsigh Doug Beattie ar X a litir chuig Jon Burrows, ceannaire an UUP, ag fógairt go raibh sé ag éirí as an bpáirtí ar an toirt. Dúirt an t-iarcheannaire agus Teachta Tionóil don Bhanna Uachtair gur léir dó nach raibh a bhallraíocht den UUP inmharthana.

Mhaígh sé gur ritheadh feachtas cealgach ina choinne, go raibh cúlchaint agus ráflaí ann faoi nithe éagsúla, ina measc nach mbeadh an páirtí áitiúil sa Bhanna Uachtair toilteanach é a ainmniú mar iarrthóir san chéad thoghchán Tionóil eile.

Ba léir gur tugadh an chúis go cnámh na huillinne nuair a d’inis Burrows dó Déardaoin seo caite go raibh cás smachtaithe le héisteacht faoi ghearán a réitíodh ceithre bliana ó shin nuair a maíodh gur labhair Beattie leis go maslach in ard a ghlóir. D’éirigh Beattie as ar an Domhnach, agus é ionann is cinnte, a dúirt sé níos deireanaí, go gcinnteofaí nach bhféadfadh sé seasamh don pháirtí i dtoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn. D’éirigh leis a theacht roimh an gcinneadh a bhí déanta ag Jon Burrows agus oifigigh an pháirtí, dar leis. Bhí siad chun aoireacht an pháirtí a bhaint de Dé Luain.

Ní hamháin gur cheil Doug Beattie an sásamh a bhain lena smachtú orthu ach ba é a leagan siúd den scéal a bhí i mbéal an phobail. D’fhág sin an chuma ar Burrows gurb eisean a chaithfeadh míniú a thabhairt. Agus tá a fhios ag gach polaiteoir gurb é an té atá ag míniú atá thíos leis.

Dúirt an páirtí nár aontaigh siad le leagan Beattie den scéal ach threisigh seisean ar a cháineadh ar an Luan. Chuir sé faltanas i leith Burrows ar chlár ar BBC Raidió Uladh, chomh maith le easpa polasaí agus stíl cheannaireachta a ghoill ar fholláine mheabhrach roinnt ionadaithe. Thairis sin go léir, dúirt sé go raibh aiféala air gur mheall sé Burrows, an t-iarphóilín isteach san UUP.

Ní déarfadh éinne go raibh Beattie gan locht. D’admhaigh sé féin é sin. Nuair a bhí sé ina cheannaire ba mhinic ab éigean dó rud a bhí ráite aige a cheartú, é ag cumadh polasaí le linn agallaimh. D’éirigh sé as an gceannaireacht mí Lúnasa 2024 de bharr easaontais, ansin d’athraigh sé a intinn ach níor ghlac oifigigh an pháirtí lena bhreith ar a aithreachas. Bhí meas air, áfach, ag aontachtaithe a ghlaofadh liobrálaithe orthu féin, iad sin a chreideann go gcaithfear meas a léiriú ar thraidisiúin eile.

Is léir freisin gur bhéic sé ar Jon Burrows ag cruinniú den ghrúpa in Stormont agus gur úsáid sé caint ‘neamh-Pharlaiminteach’. Bhí sé taghdach teasaí uaireanta. Suífidh sé sa Tionól mar aontachtach neamhspleách go dtí toghchán na Bealtaine seo chugainn, a deir sé. Cá bhfios céard a bheidh i ndán dó ina dhiaidh sin. Beag seans go mbainfeadh sé suíochán sa Bhanna Uachtair mar neamhspleách.

Céard atá i ndán don UUP? Buille trom is ea é Teachta Tionóil a chailliúint. Nuair nach raibh agat ach naonúr ar fad is tubaiste é. Ní bheidh sé éasca iarmhairt na caismirte seo a chur ó dhoras, gnó dúshlánach go háirithe do cheannaire gan taithí.

Ceithre mhí atá caite ag Jon Burrows ina cheannaire ar an UUP. Ceapadh é gan toghchán, an bhallraíocht go mór ina fhabhar ach doicheall ag formhór na dTeachtaí Tionóil roimhe. Níor sheas sé i dtoghchán riamh, iarphóilín is ea é a chaith tamall maith in aonad smachtaithe an PSNI. Comhthoghadh go Stormont é i mí Lúnasa anuraidh, é ina cheannaire taobh istigh de leathbhliain. Mheas a chomhghleacaithe in Stormont go raibh sé sotalach, agus go dtugadh sé le fios nach raibh ionadaithe eile ar chaighdeán sách ard aigesean.

Cuirtear ina leith go bhfuil sé ag iarraidh teachtaí áirithe a bhrú amach chun go mbeadh a rogha iarrthóirí aige don vótáil an bhliain seo chugainn. Plean an-chontúirteach, más fíor.

Níl barántas ar bith go gcoinneoidh an UUP na suíocháin a fuair siad an uair dheiridh agus d’ainneoin a míshástachta ceapadh nárbh fhiú do dhaoine eile sampla Doug Beattie a leanacht. Níl aon trácht ar phreab Burrows.

Céard le haghaidh an UUP? Is minic a cuireadh an cheist le scór bliain. Bhí súil ag gnáthbhaill go gcinnteodh féinmhuinín Burrows go mbeadh íomhá uaillmhianach tarraingteach ag an bpáirtí. Ina ionad sin tá sé ina raic agus amhras faoina raison d’être an pháirtí os beag idir leagan amach an cheannaire nua agus an DUP. Marab ionann agus an t-athbheochan a gheall Jon Burrows ba é bás mall anróiteach an UUP a bhí á thuar i bhfianaise an chogaidh reatha.

Fág freagra ar 'Cogadh san UUP – ceisteanna faoi inmharthanacht an pháirtí'