‘Eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ón iasacht’ iad dhá bhuíon mhóra drugaí ón mBrasaíl anois i súile na Stát Aontaithe. Thug Marco Rubio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe, le fios ar X an tseachtain seo caite gur Foreign Terrorist Organizations (FTO) iad an Primeiro Comando da Capital (PCC) agus an Comando Vermelho (CV) dar leis na Stáit Aontaithe feasta.
Cé go dtuigeann uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva (Lula), go rímhaith go bhfuil fadhb ollmhór sa tír le foréigean drugaí, ní mó ná sásta atá sé go bhfuil an lipéad ‘eagraíocht sceimhlitheoireachta’ curtha anois ag rialtas Trump ar an dá bhuíon drugaí is mó sa Bhrasaíl.
Tá faitíos ar Lula agus ar go leor eile sa Bhrasaíl go mbainfidh na Stáit Aontaithe úsáid as an lipéad céanna chun idirghabháil a dhéanamh sa Bhrasaíl amach anseo, mar a rinne siad i Veiniséala i dtús na bliana seo.
Casadh breise sa phlota: beidh toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair ina mbeidh Flávio Bolsonaro (mac an iaruachtaráin Jair Bolsonaro, atá i bpríosún maidir le hiarracht coup d’état a dhéanamh) á fhéachaint leis an uachtarán reatha, Lula.
An tseachtain seo caite, díreach sular fógraíodh beartas na Stát Aontaithe, bhí cruinniú sa Teach Bán ag Flávio Bolsonaro le Donald Trump agus le Marco Rubio. Dheimhnigh Bolsonaro Óg ina dhiaidh sin gur iarr seisean ar Trump agus ar Rubio an lipéad ’eagraíocht sceimhlitheoireachta’ a bhualadh anuas ar dhá bhuíon mhóra drugaí sa Bhrasaíl.
Bímis ionraic faoi: eagraíochtaí sceimhlitheoireachta iad an Primeiro Comando da Capital (Príomhbhuíon na hArdchathrach, PCC) agus an Comando Vermelho (An Bhuíon Dhearg, CV) dáiríre.
Gach bliain, faigheann na scórtha míle Brasaíleach bás san fhoréigean idir na buíonta drugaí éagsúla iad féin agus idir iadsan agus na póilíní.
Gar don áit a mbíodh cónaí orm féin ar feadh 16 bliana i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle, bhí (agus tá) favelas éagsúla faoi smacht ag buíonta drugaí áitiúla ar fobhuíonta iad den PCC nó den CV. Is iomaí oíche a chaitheadh duine de mo chairde is fearr sa Bhrasaíl an oíche i m’árasán-sa toisc go raibh sé ina shlad agus ina mharú arís eile ina cheantar féin, na buíonta drugaí in adharca a chéile nó leis na póilíní.
Fearacht na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí, cothaíonn na buíonta drugaí sa Bhrasaíl sceon agus sceimhle d’fhonn na pobail a mbíonn siad ag feidhmiú ina measc a choinneáil faoi chois.
Bhíodh eagla as cuimse ar mo chara labhairt faoi na cúrsaí a d’fheiceadh sé trí fhuinneog a sheomra codlata agus ba bheag nár thug sé fúm uair amháin nuair a luaigh mé leasainm duine de cheannairí na buíne áitiúla, gan chuimhneamh, agus muid i mbun comhrá taobh amuigh de m’árasán.
Cara eile de mo chuid, fear a dhíoladh iasc sa cheantar ina mbíodh cónaí orm, stad sé de bheith ag díol éisc i mo cheantar ar an bpointe boise nuair a dúirt ceannairí na buíne áitiúla leis gurbh fhearr dó éirí as. ‘Bíonn tusa an-siúlach leis an dá bhuicéad sin agat. Cá bhfios dúinne nach mbíonn tú róscéalach nuair a bhíonn tú ag díol éisc sna ceantair atá faoi smacht ár naimhde?’
Ach ní hionann agus na grúpaí sceimhlitheoireachta a bhíodh i mbun cogaíochta sna sé chontae tráth, níl aon chuspóirí polaitiúla ag na buíonta drugaí sa Bhrasaíl. Ní theastaíonn ón PCC ná ón CV neamhspleáchas a bhaint amach ó thír ar bith, réabhlóid a chothú, nó pobal nó creideamh éigin a chosaint. Ní hionann sin is a rá, áfach, nach gcuireann siad a ladar isteach i gcúrsaí polaitiúla ar chuile leibhéal, ach d’fhonn a chinntiú nach gcuirfear isteach go rómhór ar a bpríomhghnó – drugaí a dhíol – é sin.
Le blianta fada anuas, tá ‘ceist na sábháilteachta’, mar a thugann muintir na Brasaíle ar an bhforéigean drugaí go sofhriotalach, ar cheann de na hábhair is mó a dhéanann tinneas do mhuintir na tíre. Cé go bhfuil laghdú ar líon na marbh le roinnt blianta anuas, níor éirigh le rialtas an Uachtaráin Lula deireadh a chur leis an bhforéigean ná baol air, agus is beag an t-iontas go bhfuil Flávio Bolsonaro anois ag iarraidh teacht i dtír ar an gceist agus iarracht á déanamh aige slí a athar a leanúint agus a bheith ina uachtarán ar an mBrasaíl.
Agus Trump agus Rubio mar chúltaca aige, is cinnte go n-éireoidh le Bolsonaro Óg a chur ina luí ar chuid de mhuintir na Brasaíle, ar a laghad, gur fearr a éireoidh leis-sean ná le Lula deireadh a chur le sceimhlitheoireacht na mbuíonta drugaí.
Ach ag an am céanna, is iomaí leid a cheanglódh muintir Bolsonaro agus na ‘mílístí’, grúpaí coiriúlachta rúndiamhaire d’iarphóilíní, iarghardaí príosúin agus araile a bhíonn ag feidhmiú i gcathair Rio de Janeiro go háirithe agus a mhaíonn go gcuireann siad cath ar na buíonta drugaí, ach arb é a bpríomhchuspóir dáiríre ná smacht a fháil ar cheantair áirithe ionas gur féidir leo a gcuid gnóthaí coiriúlachta féin a fhorbairt iontu – an trádáil drugaí san áireamh.
Le scéal fada a dhéanamh gairid: ní dream iad muintir Bolsonaro a gcuirfeadh mórchuid Brasaíleach mórán muiníne iontu ach oiread maidir leis an gcath i gcoinne an fhoréigin drugaí.
Rachaidh beartas na Stát Aontaithe maidir leis an PCC agus an CV i bhfeidhm ar an 5 Meitheamh agus gach seans go mbeidh tuilleadh cainte faoin scéal sin idir sin agus toghchán uachtaránachta na Brasaíle ar an 4 Deireadh Fómhair.
Fág freagra ar '‘Sceimhlitheoireacht’, a deir Trump – teannas arís idir an Bhrasaíl agus na Stáit Aontaithe'