Ceart teanga faoin mbunreacht é Breitheamh le Gaeilge a fháil – cinneadh Ard-Chúirte

Chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh inniu gur gá don Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír

Ceart teanga faoin mbunreacht é Breitheamh le Gaeilge a fháil – cinneadh Ard-Chúirte

Tá dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír, de réir breithiúnais san Ard-Chúirt inniu.

Chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go raibh an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

Tá saineolaithe dlí den tuairim gur cinneadh suntasach é seo a dhaingníonn stádas bunreachtúil na Gaeilge agus gur bua tábhachtach atá ann maidir le cearta teanga sa chóras dlí.

Bhain cinneadh an Bhreithimh Ard-Chúirte le cás Dhiarmaid Uí Chadla, a d’éiligh go n-éisteodh Breitheamh le Gaeilge a chás i gcúirt dúiche i gcathair Chorcaí.

Cuireadh i leith Ó Cadhla agus beirt eile gur chaith siad péint ar roinnt comharthaí sráide i gcathair Chorcaí in 2017 mar chuid dá bhfeachtas sráidainmneacha na cathrach a athainmniú.

D’iarr foireann dlí Uí Chadhla go dtabharfaí dearbhú go raibh sé de cheart aige éisteacht a fháil ó bhreitheamh le Gaeilge. 

Tá an ceart sin daingnithe i gcinneadh an lae inniu ar an athbhreithniú breithiúnach sin.

Tá dualgas reachtúil ó 1924 ar an Stát breithiúna a bhfuil Gaeilge acu a chur ar dualgas go buan i gcúirteanna i ndúichí ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

Ach seo an chéad uair a bhfuil cinneadh déanta go bhfuil dualgas ann iarracht a dhéanamh breitheamh a bhfuil Gaeilge aige a fháil d’aon chás in aon chúirt dúiche sa tír má éilítear a leithéid.

Séamas Ó Tuathail, abhcóide sinsearach, agus na habhcóidí Dáithí Mac Cárthaigh agus Pat Barrett a chuir cás Uí Chadhla i láthair san Ard-Chúirt. Colm Ó hOisín, abhcóide sinsearach, agus an t-abhcóide Tom O’Malley a ghníomhaigh thar ceann an Stáit.

Táthar ag súil go bhfoilseofar an leagan oifigiúil scríofa de chinneadh an Bhreithimh Úna Ní Raifeartaigh roimh dheireadh na míosa.

Ní fios go fóill an bhfuil sé i gceist ag an Stát achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Fág freagra ar 'Ceart teanga faoin mbunreacht é Breitheamh le Gaeilge a fháil – cinneadh Ard-Chúirte'

  • Éamonn Ó Gribín

    Ní luaitear in Airteagal 8 den Bhunreacht an Ghaeltacht nó an Ghalltacht, agus ní foláir glacadh leis i gcónaí gurb’ í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de phribhléid ag an saoránach bíodh sé nó sí sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht éileamh go mbainfí feidhm
    aisti nuair a bhíonn gnóthaí oifigiúla le riaradh i ngach cuid den Stát.

    Sa bhliain 1934 dúirt an Príomh-Bhreitheamh Kennedy:
    “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from
    the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State
    without offending against the Constitutional position…”
    Ó Foghludha v. McClean (1934) IR469