Tá breithiúnas tugtha sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.
Cuireadh an cás faoi bhráid na cúirte chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg inniu go gcaithfidh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe. Cinneadh gur gá feidhm a thabhairt don treoir sin láithreach in ainneoin go bhfuil sí hathrú an bhliain seo chugainn.
Seo an chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973 gur phléigh an chúirt le cás i nGaeilge agus meastar gurb é an chuid is tábhachtaí den scéal ó thaobh na teanga de ná go bhfuil sé cruthaithe anois gur féidir leis an AE plé, gan aon deacrachtaí, le cás i nGaeilge.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh sa chúirt chéanna ag deireadh na bliana 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.
Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.
#ECJ: Images from the delivery of the first-ever judgment with Irish as the language of proceedings 🇮🇪 (C-64/20 – read by Judge Regan) pic.twitter.com/6HeBfivzwm
— EU Court of Justice (@EUCourtPress) March 17, 2021
Fuair Peadar Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte in Éirinn cheana nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.
Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.
An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.
Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.
Ó 2022 amach, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh an treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach in 2022.
Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.
Tá breithiúnas tugtha faoin gceist sin sa Chúirt i Lucsamburg inniu.
Rinne Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge comhghairdeachas le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fhoireann dlí.
“Ní raibh ó Pheadar ach na cearta céanna teanga a chuirtear ar fáil ar fud na hEorpa ach shéan Rialtas na hÉireann na cearta sin air. Táimid ag súil go bhfeidhmeoidh Rialtas na hÉireann anois láithreach bonn leis an dlí a chur i bhfeidhm mar atá rialaithe inniu.”
Goll
Sin 20 bliain caite ag Ballstát na hÉireann ag sárú na treorach Eorpaí sin, agus ag séanadh a gceart ar shaoránaigh an Stáit arb í an Ghaeilge a rogha teanga. Is dócha gur saonta an cheist í – an gcuirfear aon phionós ar an Bhallstát de bharr bhreithiúnas an lae inniu?
S. Mac Muirí
Maith an fear a Pheadair.
Séamas Mac Coitir
Maith thú, a Pheadair. Níor theip riamh ar fhear an mhisnigh!
#Gura fada buan thú, agus go maire tú do nuacht!
Feardorcha
Nach cuma sa forc.
100 bliain ó thosaigh an cur i gcéill agus an cúpla-foclachas sa tír seo agus anois táimid chomh maith aige go bhfuilimid á easpórtáil go dtí an Eoraip. Nach iontach an scéal é.
Dáithí Mac Cárthaigh
Ní cúplafocalachas é seo ach normálú agus lánstádas oifigiúil.
Léigí féin an breithiúnas i nGaeilge nó i gceann den 23 teanga oifigiúil eile.
https://curia.europa.eu/jcms/jcms/j_6/fr/
Ar ndóigh, is deacair cuid de na daoine a shásamh.
Feardorcha
Tá céad bliain caite ag an nGaeilge á ndingeadh le hachtanna, le reachtaíocht agus le hoifigiúlacht. Níor oibrigh sé fós, nach é buaic an aitis méadú ar an dteip i ngort níos allúraí fós.
An súmaire séidte seo atá fáiscthe leis an stáit níl aon bhaint aige leis an teanga. Ba bhreá libh ina Laidin í, stádas go cluais.
S. Mac Muirí
An té atá marbh le tae 7 marbh dá uireasa, is doiligh a shásamh.