‘Cad a tharlóidh nuair a bheidh an plean teanga thart? Ní heol dúinn’ – éiginnteacht ag cur as do lucht pleanála teanga

Tá an éiginnteacht faoin gcóras pleanála teanga féin agus an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar na húdair imní is mó atá ag lucht pleanála teanga

‘Cad a tharlóidh nuair a bheidh an plean teanga thart? Ní heol dúinn’ – éiginnteacht ag cur as do lucht pleanála teanga

Deir lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht nach bhfuil a fhios acu cad a tharlóidh don chóras pleanála teanga nuair a bheidh deireadh le tréimhse a bpleananna teanga, cuid acu nach bhfuil ach bliain nó dhó fágtha iontu.

Bhí na hoifigigh pleanála teanga go léir a bhí i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné den tuairim gurb í an éiginnteacht seo an cheist ba phráinní a bhí le réiteach.

Dúirt Stiofán Seoighe, Oifigeach Pleanála Teanga Thuar Mhic Éidigh agus Dhúiche Sheoigheach, go raibh cuid de na ceantair pleanála teanga i mbliain a 5-7 de thréimhse seacht mbliana a bpleananna teanga agus gan aon chinnteacht ann faoi cad a tharlódh ina dhiaidh sin.

“Ní léir dúinn céard a tharlóidh nuair a thagann deireadh leis na pleananna reatha. Cruthaíonn sé seo éiginnteacht d’oifigigh pleanála teanga agus do phobail Ghaeltachta araon, éiginnteacht a dhéanann dochar don phróiseas pleanála teanga trí chéile.

“Caithfear éisteacht lenár dtuairimí agus lenár moltaí – atá bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí phraiticiúil sa phleanáil teanga ar an talamh – agus aon phlean nó

pleananna nua á leagan amach. Tuigeann muid féin agus ár gcoistí na féidearthachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an obair.”

Dúirt Tomás Ó hÓgáin, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht Phort Láirge, go raibh dochar á dhéanamh ag an éiginnteacht faoi cad a bhí i ndán don chóras, príomhbheartas an stáit ó thaobh shlánú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Táimid i mbliain a sé dár bPlean Teanga anois agus é ag teacht chun deiridh ar an 01 Iúil 2025 agus gan aon scéal cloiste againn faoi cad atá i ndán dúinn ina dhiaidh san,” arsa Tomás Ó hÓgáin.

“An mbeidh orainn plean nua a scríobh, nó an mbeidh síneadh ama á chur leis an bplean reatha? An mbeidh maoiniú ar fáil chun pé plean a bheidh ann a chur i bhfeidhm? Ní heol dúinn.

“Ós rud é go mbeidh orainn plean nua a scríobh, ba cheart go mbeadh an próiseas sin tosnaithe cheana féin chun go mbeidh sé réidh le foilsiú agus le cur i bhfeidhm faoi lár na bliana seo chugainn.

“Tá an éiginnteacht seo ag cur as dúinn agus ní féidir linn pleanáil chun cinn mar ba cheart.”

Gheall an Rialtas gur in earrach na bliana seo a d’fhoilseofaí athbhreithniú ar fheidhmiú na chéad deich bplean teanga Gaeltachta.

Tá an t-athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ag an gcomhlacht Barr Feabhais Teo.

An Dr. Mícheál Ó Duibh, iarPhríomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, atá i mbun an chomhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta sin.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta féin tabhairt faoin athbhreithniú ar an chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht in 2021 ach beartaíodh an obair a chur ar athló an uair sin de bharr phaindéim an Covid-19.

Ba iad na hoifigigh pleanála teanga féin a d’éiligh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar a gcuid pleananna.

Ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, labhair oifigigh pleanála teanga faoi na fadhbanna a bhíonn acu de dheasca easpa acmhainní, foirne, stádais, seirbhísí agus tacaíochta.

Dúirt na toscaireachtaí chomh maith go raibh an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar na dúshláin is mó roimh chur chun cinn na teanga.

Dúirt Máire Seó Breathnach ó Chomhlacht Forbartha na nDéise gur “cur amú ama” a bhí ann a bheith ag caint faoi chúrsaí pleanála teanga gan aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sin agus go raibh “glúin iomlán” caillte ag Gaeltacht na nDéise dá bharr.

Dúirt Cabríní de Barra ón toscaireacht chéanna go raibh an fhadhb tithíochta ina bunchloch ag an stocaireacht a bhíonn le déanamh sa Ghaeltacht.

“Gan deis a bheith ag pobal óg Gaeltachta fanacht i nGaeltacht na nDéise – tá an cath caillte.”

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Éamon Ó Cuív gur tuigeadh dó go bhfoilseofaí go “fíorluath” na treoirlínte pleanála agus tithíochta don Ghaeltacht a gealladh ar dtús breis agus dhá bhliain ó shin.

Fág freagra ar '‘Cad a tharlóidh nuair a bheidh an plean teanga thart? Ní heol dúinn’ – éiginnteacht ag cur as do lucht pleanála teanga'

  • Beanfeasa

    Is tús laga a bhí ann nuiar ó thosaigh an “Pleanáile Teanga”.
    Beidh gach rud ag braith ag na príoreachtaí atá ag FF agus SF agus iad i mbun idirbheartaiochta le dreamanna eile.
    Tús maith leath na hoibre a deirtear ach cen obair a rinne an Stát?