Seo trí ráiteas fírinneach nach gcloistear in éineacht ó mhórán polaiteoirí sa rialtas ná sa bhfreasúra:
- Ní chuirfidh claí ar bhruach canálach stop le haimsiú suíomh ina gcuirfidh daoine gan dídean pubaill suas in áit éigin eile.
- Ní féidir cosc ar inimirce a chur i bhfeidhm mar gheall ar an teorainn atá agus a bheidh oscailte fad a bheidh sí ann.
- Ní bheidh rath ar pholasaí ar bith maidir le hiarrthóirí tearmainn mura gcomhoibreoidh an Ríocht Aontaithe, Éire agus an tAontas Eorpach lena chéile.
Tá a fhios ag cách faoin am so go bhfuil cur chuige an rialtais maidir le hiarrthóirí tearmainn ina chíor thuathail. Ó díbríodh scata iarrthóirí ón gcosán taobh amuigh den Oifig Chosanta Idirnáisiúnta, tá leagan puball, a gcur suas, a n-athleagan agus a n-athchur suas sa cheantar céanna ag déanamh ceap magaidh de chur chuige an rialtais.
Tá sé ionann agus cinnte go rachaidh an áiféis seo chun tairbhe d’iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a mholann cur chuige difriúil. Ní bheidh a bhformhór toilteanach áfach aghaidh a thabhairt ar na cúinsí a shonraítear thuas – cúinsí a chuirfidh srian ar chumas rialtas ar bith líon na n-iarrthóirí tearmainn a laghdú sa ghearrthéarma.
Idir an dá linn, tá an chontúirt atá ag bagairt ar an gcóras polaitiúil i gcoitinne léirithe ag taighde ar thuairimí an phobail a d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin i rith na seachtaine. Is ó phobalbhreitheanna a rinneadh roimh na reifrinn ar an 8 Márta agus ina dhiaidh a tháinig an bunábhar.
Baineann cuid mhór de na ceisteanna a cuireadh ar vótálaithe ar ndóigh le cúrsaí reifrinn agus lena ndearcadh ar an gCoimisiún. Tugann na freagraí a tugadh ar cheisteanna eile áfach léargas ar ábhair níos leithne. Easpa muiníne, mar shampla, amhras agus creideamh i dteoiricí comhcheilge. Tá samplaí den fhaisnéis a d’aimsigh foireann an tsuirbhé sna pointí seo a leanas.
Dúirt 28 faoin gcéad de na vótálaithe a ceistíodh gur cinnte nó gur dócha go gcumann, go n-athraíonn nó go gceileann eolaithe fianaise chun dallamullóg a chur ar an bpobal.
Dúirt 34 faoin gcéad gur cinnte nó gur dócha go bhfuil ‘grúpa beag rúnda’ freagrach as gach cinneadh mór a dhéantar i gcúrsaí polaitiúla an domhain.
Níl muinín ach ag 27 faoin gcéad as polaiteoirí. Níor aontaigh 51 faoin gcéad le ráiteas go raibh a bhformhór iontaofa.
Níl muinín as RTÉ mar fhoinse nuachta ach ag 39 faoin gcéad, ná muinín as nuachtáin ach ag 29 faoin gcéad, ná muinín as na meáin shóisialta (buíochas le Dia) ach ag a hocht faoin gcéad. Tá lán-sonraí na bhfreagraí faoi mhuinín as na meáin thíos.
Ba chóir go gcuirfeadh faisnéis mar seo polaiteoirí ar chaon taobh san airdeall (ní áirím na hantoiscigh ar breá leo leas gan scrupall a bhaint as bréaga, raiméis, agus áibhéil den uile chineál). Ba chóir go neartódh torthaí an dá phobalbhreith a dtoil aghaidh a thabhairt ar an mionlach sa Dáil agus lasmuigh a thugann le fios gur féidir fadhbanna achrannacha a réiteach gan stró.
Thar aon rud eile, ba chóir don mhóramh i nDáil Éireann, a bhunaíonn a gcur chuige ar thuairimí réasúnta agus ar fhianaise, cuimhneamh i gcónaí ar an mionlach a chreideann raiméis rómhinic
Tá dóthain aineolais agus amhrais sa tír gan a bheith ag cur leis. Tá na fadhbanna atá le réiteach sách achrannach gan fíricí casta agus deacrachtaí follasacha a sheachaint agus scéal na n-iarrthóirí tearmainn á phlé.
Faisnéis faoi na pobalbhreitheanna a d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin
- Foireann Ipsos/B&A a bhí ina mbun.
- Cheistigh siad 1,041 vótálaí ar líne agus 1,001 ar an bhfón idir 19 Feabhra agus 7 Márta (an lá roimh an lá vótála sna reifrinn). Cheistigh siad 3,557 duine ar lá na reifreann.
- Baineann an colún seo le freagraí ar cheisteanna a cuireadh sa chéad phobalbhreith amháin.
- Seo mar a d’fhreagair daoine a labhair le foireann an tsuirbhé ceisteanna a bhain lena muinín as foinsí nuachta. Leagtar na freagraí amach agus ardmhuinín/muinín mheasartha/lagmhuinín á chur in iúl:
RTÉ 24/43/23, seirbhísí teilifíse/raidió eile 28/57/15, nuachtáin 29/54/17, suíomhanna nuachta ar líne 14/57/29, agus meáin shóisialta 8/43/49.
Cluain Sceach
Ta sé ráite ag Cathal.
Pádraig O'hEipicín
Tá deiridh an Domhan ag teannadh Linn.
JP
Agus NÍL plé macánta á dhéanamh air ná leis, faoi láthair.
Ár dTaoiseach nua ceannródaíoch ag cur gothaí tiufáilte air féin agus é á chur féin chun cinn mar fhear gnímh, fear daingean diongbháilte a bhfuil fios a ghnó aige ach go bhfuil leathshúil ar an gceamara i gcónaí aige.
Cuma áiféiseach ar na húdaráis lag-údarásacha ag iarraidh sceacha a chur i mbéal bearna agus bearnaí níos mó ag oscailt ar fud an bhaill.
Gheobhaidh na ‘hallúraigh’ seo slí isteach i gcónaí, ar ais nó ar éigean.
Tá an rabharta agus an tonnchrith fós le teacht anois ón uair go bhfuiltear chun an Phailistín a aithint mar Stát, a rá go bhfuil an cogadh san Úcráin ina theas, go bhfuil agus go mbeidh cogaí eile á bhfearadh agus gan an claochlú aeráide ach ina thús.
Cé a thug ‘homo sapiens’ orainn?