Culaith nua a mheallfaidh glúin nua curtha ar scothscéalta Uí Chonaire

Níl dabht ar bith ach go mbeidh fáilte ag léitheoirí Béarla roimh bhailiúchán dátheangach de na scéalta is cumasaí de chuid Phádraic Uí Chonaire

Culaith nua a mheallfaidh glúin nua curtha ar scothscéalta Uí Chonaire

Scothscéalta Best Stories. Pádraic Ó Conaire
Aistrithe ag Diarmuid de Faoite
Réamhrá lePádraigín Riggs/Brendan McGowan
Arlen House, €25

Má bhí gnaoi na gcomharsan ar scríbhneoir Gaeilge ar bith riamh, bhí gean ar leith ar Phádraic Ó Conaire (1882-1928). Pearsa liteartha ina cheart féin a bhí ann a bhuíochas don saothar ollmhór a chuir sé ar fáil in irisí agus tréimhseacháin Ghaeilge na hathbheochana de bhreis ar na finscéalta ina thaobh.

Tugann dán iomráiteach F.R. Higgins an méid seo le fios i gcúl an leabhair seo chomh maith leis an ngrianghraf de dhealbh Uí Chonaire á nochtadh ar an bhFaiche Mhóir i nGaillimh sa mbliain 1935. Tá Éamon de Valera le feiceáil go soiléir ann, fear a bhí in aon rang leis i gColáiste na Carraige Duibhe, más tamall gearr féin a chaith Pádraic sna poirt léinn chéanna. Bhí tionchar as cuimse ag a chuid scéalaíochta ar churaclam na scrúduithe stáit ar feadh i bhfad.

Glactar leis gur chuir Pádraic Ó Conaire a chuid fiacla liteartha le linn dó a bheith thall i Londain idir na blianta 1899 agus 1914 nó mar sin. I mblianta tosaigh an chéid, ba mhinic a thagadh Ó Conaire, Mícheál Breathnach ón Lochán Beag agus Seán Mac Giollarnáth le chéile i mbialann ar Ardán Adelphi ar bhruach na habhann i gcroílár na cathrach, sráid nach ann di a thuilleadh.

Bhíodh lámh acu triúr in obair Chonradh na Gaeilge i Londain agus chuidigh an triúr acu go cumasach leis an athbheochan liteartha ar bhealaí éagsúla. Ba scríbhneoir thar a bheith bisiúil é Ó Conaire. Tháinig na céadta gearrscéal agus aiste óna pheann le linn dó a bheith i Londain nó gur bhásaigh sé i mBaile Átha Cliath i 1928. Meastar go ndeachaigh milieu liteartha Londan na linne go mór i bhfeidhm air agus a shliocht sin ar na scéalta a thogh Tomás de Bhaldraithe don chnuasach Scothscéalta i 1956.

Rogha ionadaíoch go maith a rinneadh an uair sin agus ligeann an éagsúlacht suímh – Londain féin, na Críocha Coimhthíocha, gealchathair na Gaillimhe agus glaschuanta Chonamara – scód le tráchtaireacht Uí Chonaire ar an duine. Mura dtaitníonn ‘Tetrarc na Gaililí’ linn tá aithne rómhaith againn air siúd agus an chaoi a dtéann oibriú na cumhachta i gcionn ar cheannairí.

Más sa Domhan Thoir féin atá ‘Ná Lig Sinn i gCathú’, tuigeann muid an choraíocht idir róthóir a bheith ar mhaoin an tsaoil agus saothrú na healaíne. Cé go saothraítear téamaí na réabhlóide agus na hathbheochana i gcuid de na scéalta baineann cumhacht scéalaíochta Uí Chonaire leis an staidéar a dhéantar ar charachtracht agus an mianach atá ionainn go léir. Sin agus an tsimplíocht teanga faoi chló seifteanna reacaireachta atá thar a bheith sofaisticiúil.

Tá an insint scéil in ‘Neill’ ar fheabhas ar fad agus éiríonn leis mianach inmheánach an oilc sa duine a léiriú trí bhéim a leagan ar chomharthaí seachtracha na hainnise: boladh muisc chumhra in áras cúng cuibhrithe an phríomhcharachtair, láthair ina dtéann an urchóid in ainseal agus an saol in aimhréidh. Scéal baile mhóir atá ann ach ní fís thréadúil rómánsúil den áit thiar atá i scéalta fearacht ‘Páidín Mháire’ agus ‘Nóra Mharcais Bhig’.

Is é Conamara Bhord na gCeantar Cúng atá romhainn agus gan foscadh ann ón tubaiste phearsanta.

Déantar oidhreacht an Éirí Amach a scrúdú i scéalta cumasacha amhail ‘Beirt Bhan Misniúil’ agus ‘M’Fhile Caol Dubh’. Is é gaisce Uí Chonaire sa dá scéal seo ná tús áite a thabhairt don teannas idirphearsanta seachas don drámaíocht náisiúnta. Tá ábhar machnaimh sa gcaoi a gcuirtear mná i láthair sna scéalta go díreach agus go hindíreach. Cé go bhfuil trópanna agus típeanna go tréan sa gcur i láthair is fiú a rá go bpléitear le téamaí foréigin bhaile – ‘An Bhean a Ciapadh’ – agus an tost faoi chúrsaí meabhairghalair – ‘An Bhean ar Leag Dia Lámh uirthi’ – ar shlí a léiríonn nach ábhair don ré seo amháin iad ach gur téamaí seasta iad faraor.

Is é príomhchúram an aistritheora liteartha téacs inléite a chur ar fáil a thugann léargas don léitheoir ar an mbunábhar idir mheon agus teanga. Is minic le lucht léinn an aistriúcháin a bheith ag déanamh imní faoi chomhionannas céille idir an téacs sa teanga bhunaidh agus an sprioctheanga. Leagann aistritheoirí seachas a chéile béim ar dhílseacht don téacs bunaidh.

Tá réamhnóta aistritheora le Diarmaid de Faoite sa saothar nua agus ‘stíl sholéite, leanúnach’ an sprioc a chuir sé roimhe. Éiríonn leis agus ní hiontas sin óir tá cáil mhór ar ardchumas léirmhínithe Dhiarmada ar shaothar Uí Chonaire ar stáitse agus is léir gur tionscnamh díograise é seo.

D’oibrigh Brendan McGowan, Diarmuid de Faoite agus Arlen House le chéile cheana ar thogra a bhain le leagan dátheangach den chnuasach Seacht mBua an Éirí Amach in 2016. San réamhrá Béarla a chuireann McGowan leis an saothar seo, tarraingíonn sé ar chuimse foinsí chun cuntas a chur ar fáil maidir le buaiceanna scríbhneoireachta agus stair foilsitheoireachta na gcnuasach éagsúil gearrscéalta a scríobh Pádraic Ó Conaire.

Luaitear an t-aistriúchán a rinne scríbhneoirí mór le rá cheana ar na scéalta seo. Bhí leaganacha le hEoghan Ó Tuairisc, Niall Tóibín, Con Houlihan, Diarmuid Ó Muirithe agus Dónall Mac Amhlaigh sa gcnuasach a chuir David Marcus in eagar don Poolbeg Press i 1982. Rinneadh athfhoilsiú ar an gcnuasach céanna i 1986 – The Finest Stories of Pádraic Ó Conaire – agus cuireadh scéal breise leis – ‘Anam an Easpaig’ – aistrithe ag Breandán Ó hEithir.

Tá aiste ghairid bheathaisnéise agus chritice le Pádraigín Riggs i nGaeilge sa gcnuasach freisin agus is maith cruinn a dhéantar comhthéacs cumadóireachta na hathbheochana agus buanna gearrscéalaíochta Uí Chonaire a ríomh go gonta. Tá obair chéadach déanta ag Pádraigín Riggs agus an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith ar scéal bheatha Uí Chonaire agus ag John Gillen i Nua-Eabhrac ar ar bhain d’athair Phádraic, Tomás Ó Conaire, thall i Meiriceá[1].

Níl dabht ar bith ach go mbeidh fáilte ag léitheoirí Béarla roimh bhailiúchán de na scéalta is cumasaí de chuid Uí Chonaire. Cuirtear an leagan Gaeilge roimh an leagan Béarla sa gcnuasach agus tá díreach faoi bhun 400 leathanach sa leabhar.

Fágann seo gur féidir le léitheoirí tabhairt faoi na scéalta ina rogha teanga ach d’oibreodh cur chuige mar a leantar sna Penguin Parallel Texts chomh maith céanna, is é sin, an leagan Gaeilge ar thaobh amháin agus an leagan Béarla ar an leathanach ar a aghaidh. Is maith a sheas an chulaith Ghaeilge a chuir Tomás de Bhaldraithe ar na scéalta seo agus is cinnte go n-éireoidh le mian an aistritheora agus an fhoilsitheora go léifidh agus go bpléifidh glúin nua léitheoirí gearrscéalta Uí Chonaire a bhuíochas don chnuasach dátheangach seo.

Fág freagra ar 'Culaith nua a mheallfaidh glúin nua curtha ar scothscéalta Uí Chonaire'

  • Seán Mag Leannáin

    Léirmheas cumhachtach cumasach.