Satharn na cinniúna cois Laoi d’iománaithe Chorcaí

N’fheadar an féidir cás stuama a dhéanamh do Chorcaigh in aghaidh Luimnigh, ach is cinnte gur suarach an rud é na Corcaígh a bheith ar GAAGO don tríú huair

Satharn na cinniúna cois Laoi d’iománaithe Chorcaí

Comhghairdeas le Loch Garman a rinne an beart arís i gcoinne na Gaillimhe Dé Sathairn seo caite.

Choimeád an bua sin an séasúr seo ina bheatha dóibh agus Ceatharlach rompu as baile an tseachtain seo chugainn.

Tá Satharn na cinniúna tagtha d’iománaithe Chorcaí agus seaimpíní na tíre, Luimneach ag teacht chuig Páirc Uí Chaoimh anocht.

Seaimpíní a bhí máistriúil, tiarnúil agus údarásach coicís ó shin agus iad ag tabhairt léasadh ceart do Thiobraid Árann.

Sula ndéanfaidh mé aon phlé ar an gcluiche, caithfidh mé gearán a chur de mo chroí, gearán atá do mo chrá ó chonac an tráthchlár do na cluichí craoibhe a bheadh á gcraoladh beo. Mar Chorcaíoch táim buartha go leor faoi na chéad trí chluiche ag Corcaigh a bheith ar GAAGO amháin.

Níl sé sin ceart. Tá sé suarach agus gránna go bhfuil trí chluiche i ndiaidh a chéile taobh thiar den fhalla íocaíochta. Tuigim go bhfuil buntáistí ag baint le GAAGO do ghrúpa áirithe leantóirí ach níl sé ceart in aon chor pionós a ghearradh ar an gcontae céanna cluiche i ndiaidh cluiche.

Ar ais go dtí páirc na himeartha. An féidir aon chás réasúnta a dhéanamh do Chorcaigh?

Bhí roinnt mhaith daoine ag gearán faoin bhfoireann a cuireadh chun páirce i gcoinne Phort Láirge an chéad lá amuigh acu.

Ansin bhí daoine ag ceapadh gur deineadh an iomad athruithe ar an bhfoireann don dara cluiche. Ach deich nóiméad isteach sa dara leath i gcoinne an Chláir bhíomar seacht gcúilín chun tosaigh agus an chuma ar an scéal nach raibh aon tslí ar ais ag na Cláirínigh. Ach mo léir dhóite, theip ar Chorcaigh an forlámhas a bhí acu a choimeád.

Bhí mórán cainte arís le coicís anuas faoi dhéantús na foirne don chluiche anocht agus, b’fhéidir go bhfuil sé in am deis níos mó a thabhairt de na himreoirí a bhuaigh trí chraobh faoi 20 le cúpla bliain anuas.

Ach tá an fhoireann pioctha agus tá brú thar na bearta orthu mar atá ar an mbainistíocht.

Tá sé thar a bheith deacair cás stuama a dhéanamh dóibh. Sea ní raibh ach cúilín amháin eatarthu anuraidh ach ag an am sin ar imríodar a chéile bhí cluiche buaite agus comhscór bainte amach ag Corcaigh agus iad lán le fuinneamh is fuadar dá bharr.

Níl a leithéid acu inniu agus tá Luimneach ag taisteal agus iad lán d’fhéinmhuinín, díocas agus faobhar.

Dar ndóigh is cailliúint mhór é Peter Casey ach tá foireann speisialta acu agus imreoirí mar Adam English is Donncha Ó Dálaigh, agus tá Conor Boylan lánábalta bróga Casey a líonadh. Beag beann ar an tslí, is féidir le fir seo Luimnigh an bua a fháil. D’ainneoin pleananna a bheith á bhforbairt ag gach contae a imríonn ina gcoinne ó thosnaigh a ré órga, níl cleas a gcloíte cruthaithe fós.

Is deacair ré amháin a chur i gcomórtas le ré eile ach is féidir a rá ag an bpointe seo gurb iad Luimneach an fhoireann is fearr sa tír le tamall de bhlianta agus tá siad taobh le taobh le cleas iontach Chill Chainnigh a bhuaigh ceithre chraobh as a chéile ó 2006-10. Agus gach seans go rachaidh Luimneach ceann níos faide ná iad roimh dheireadh mhí Iúil.

Maidir le Corcaigh táimid ag súil le taispeántas cosúil leis an gceann a thugadar don chéad caoga nóiméad coicíos ó shin. Ach ní féidir luí ar na maidí ansin agus ceathrú uaire fós fágtha. Mar atá feicthe againn go mion minic le Luimneach tá an cumas iontu foirne a ‘mharú’, go háirithe sa dara leath de chluichí.

Ag an bpointe seo níl aon rud le cailliúint ag na Corcaígh. Mura mbuann siad anocht tá sé ionann is cinnte go bhfuil an séasúr críochnaithe acu. Anocht nó riamh mar sin.

Tá dhá cluiche i gcúige Laighean inniu freisin. Tá Aontroim ag teacht chuig an ardchathair agus an-mhuinín sa champa. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcluiche seo. Agus cé go bhfuil trí phointe ag Áth Cliath, ní féidir a rá go bhfuil siad ag dul go maith. Táim ag súil le hardchoimhlint inniu.

Beidh an cluiche eile idir Ceatharlach agus Cill Chainnigh á thaispeáint ar GAAGO freisin.

Fág freagra ar 'Satharn na cinniúna cois Laoi d’iománaithe Chorcaí'

  • Cluain Sceach

    Cur deireadh le GaaGo!

  • JP

    GAAGÓ:
    Táim oiriúnach le ceangal mar gheall air seo, dála mórán Éireann eile.
    Is ionsaí ó thalamh é an -GÓ seo ar chuid luachmhar eile dár n-oidhreacht.
    Is léir go bhfuil an iomáint á cúngrú agus á ceilt ar sciar mhór de mhuintir na hÉireann le blianta beaga anois agus ar an dream sin a thugann
    ‘na reibiliúnaithe’ orthu féin go háirithe.
    Déanann lucht an -GÓ seo leithcheal mar an gcéanna ar ÁR dteanga náisiúnta, ar ÁR gceol náisiúnta agus ar ÁR n-amhrán náisiúnta domhnach is dálach.
    Tá dream cinsil áitithe ansan istigh in ÁR gCumann Lúthchleas Gael anois ar neamhní leo luachanna bunaidh an Eagrais agus caithfear iad a throid, nuachair, caithfear iad a chur ó dhoras agus an madra a chur ina ndiaidh.
    Deir an t-údar go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an gcóras seo do dhream ar leith. Do dhream beag ar leithligh amháin, adeirimse.
    Deirtear linn chomh maith go bhfuil an -GÓ seo dírithe, den gcuid is mó, ar dhaoine atá thar lear, ar mo chuma féin.
    Ba bhreá lem chroí an cluiche seo a fheiscint inniu ar GAAGÓ nó áit ar bith dáiríre.
    Ach ní féidir.
    Fón póca ‘5G’ atá agam agus deirtear an méid seo ar GAAGÓ:
    “is dóichí nár leor 3G, 4G, 5G ná LTE (?) mar sheirbhís idirlín mar go mbeadh an nasc ró-lag nó ró-ghuagach.”
    An t-adhmad a bhainimse as sin ná:
    ‘fiú má íocann tú as ní haon deimhniú é sin go mbeidh radharc leanúnach nó radharc ar bith agat air.”
    Ba dheacair buachtaint air sin mar le dánaíocht agus le tóirtéis.
    Nára maith agaibh a chníopairí, ní gheobhaidh sibh ‘away’ leis an aithisiú seo.
    Agus cad faoi ‘RTÉ bocht na déirce’?
    Ní haon nath leosin cluiche sacair League of Ireland (0-0) a ‘speáint agus gan ach 6000-7000 ar a mhéid ag féachaint air!
    Agus suas le 115,000 ag freastal ar na trí chluiche sin Chorcaí (ceann an lae inniu san áireamh).
    Táimid inár mbobarúin agus inár mbaileabhair ar fad acu…zzzzzz