Tá Dara Ó Cinnéide agus John Allen in éineacht linn an tseachtain seo chun féachaint chun cinn ar Chiarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCill Airne agus ar chluichí móra eile peile agus iomána an deireadh seachtaine.
Tá neart ábhar cainte eile againn chomh maith. Cad a d’imigh ar Thiobraid Árann, curaidh na bliana seo caite san iomáint? An mbeidh Cill Chainnigh imithe ón gcraobh roimh thús an Mheithimh nó ag ceiliúradh a seachtú craobh Laighean as a chéile?
Agus deireadh leis na craobhacha cúige an mbeidh buntáiste ag an gcéad chéim eile ag na foirne nár bhain an cluiche ceannais amach? Tá conspóid arís faoi chluichí íoc ar amharc ar GAA+ ach cén leigheas atá ar an scéal? Agus cad faoin imreoir de chuid na Gaillimhe a d’fhéadfadh a bheith ag triall ar ‘Love Island’?
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Corcaigh níos fearr as Luimneach a sheachaint go fóill? An Ríocht leonta, agus Dún na nGall ullamh?'