Pod Nuala, gearrscannán a d’imigh ó Chonamara go California, siúlóidí bláthanna agus haiku

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Pod Nuala, gearrscannán a d’imigh ó Chonamara go California, siúlóidí bláthanna agus haiku

PODCHRAOLADH

Eagrán speisialta den ‘Shaking Bog’  in ómós do Nuala Ní Dhomhnaill

Podchraoladh séasúrach é an Shaking Bog Podcast a eisítear nach mór go ráithiúil agus atá á léiriú le tacaíocht ó Coillte agus Ionad Ealaíne Mermaid i mBré i gcontae Chill Mhantáin. Eagraíocht í The Shaking Bog a chuireann imeachtaí ealaíne ar bun ina gcuirtear béim ar an gceangal idir an nádúr agus an litríocht.

Is saothair ealaíne iontu féin iad na podchraoltaí agus meascán den cheol, den agallamh, den litríocht agus fuaimeanna an nádúir le cloisteáil iontu.

Tá an t-eagrán is deireanaí den phodchraoladh tiomnaithe don fhile Nuala Ní Dhomhnaill agus tá agallamh an-suimiúil agus ionraic léi mar bhunchloch ag an eagrán. Is álainn i gcónaí a bheith ag éisteacht le glór mín, bog Ní Dhomhnaill agus bíonn rud éigin suimiúil le rá aici i gcónaí.

Tugann sí cur síos an-phearsanta agus ionraic ar a saol san agallamh agus í ag caint ar eachtraí a chuaigh i bhfeidhm uirthi ina saol agus ar an spreagadh a dhírigh i dtreo na scríbhneoireachta Gaeilge í.

Is i mBéarla is mó atá an clár cé is moite den léamh a dhéanann Nuala ar ghiotaí as péire dá cuid dánta ‘Cuimhne an Uisce’ agus ‘An Bád Sí’. Agus aithris álainn le hÉilís Kennedy as an Daingean ar na hamhráin ‘Iníon an Fhaoit’ ón nGleann’ agus ‘An Ciarraíoch Mallaithe’.

Léann an file Paul Muldoon na haistriúcháin a rinne seisean den dá dhán a léann Ní Dhomhnaill sa gclár, ‘A Recovered Memory of Water’ agus ‘An Bád Sí’. Is í Catherine Nunes, stiúrthóir ealaíne The Shaking Bog, a chuireann an podchraoladh i láthair.

Mura n-éistfidh tú ach le heagrán amháin, éist le ceann Nuala Ní Dhomhnaill.

Is féidir éisteacht le The Shaking Bog Podcast anseo.

GEARRSCANNÁN

‘Scríofa sna Réalta’ ó Chonamara go California

Bhí gearrscannán a rinneadh i gConamara i measc na roghanna a taispeánadh ag féile scannán Film Fest Petaluma le deireanas. Roghnaíodh an gearrscannán as os cionn 1,000 iarratas a cuireadh isteach ag féile na bliana seo. Is é Vincent Gallagher a stiúraigh Scríofa sna Réalta agus an comhlacht Sin É Films a léirigh.

Seán agus a scéal a léirítear sa scannán seo, buachaill naoi mbliana d’aois atá néara-éagsúil agus gurb é mian a chroí a bheith ag aisteoireacht. In ainneoin na ndúshlán atá roimhe, agus le tacaíocht óna mhuintir, socraíonn Seán éisteacht a dhéanamh do dhráma na scoile.

Scéal dearfach, croíúil atá sa ngearrscannán. Rinneadh an scannánú i gConamara agus tá na haisteoirí Lochlann Ó Mearáin, Tara Breathnach, Ruarc Ó Confhaola agus Grace Ridge le feiceáil ann. Is é Seán Ó Caollaí a scríobh gus Tomás Mac Donnacha an stiúrthóir fótagrafaíochta.

Beidh sé le feiceáil go luath ar TG4, a rinne coimisiúnú ar an saothar.

TEILIFÍS

A Man in Full’ agus an fear a bhláthaigh go deireanach

Faoi dheireadh na nóchaidí bhí an dá scór slánaithe ag Jeff Daniels agus é ag strácáil leis in iomaire na haisteoireachta. É de cháil air go raibh sé taobh le Jim Carrey mar dhuine de na liúdramáin in Dumb and Dumber (1994). De réir scéil bhí sé chun a chaipín a chaitheamh leis an gcúram ach do lean sé leis ag rómhar ar a dhícheall.

Is de réir a chéile a bhláthaigh sé; taispeántais bhreátha uaidh sna scannáin The Squid and the Whale (2005) agus Good Night, and Good Luck (2005). Sé an scáileán beag a dhein a chóta bán dó, áfach. Thosaigh sé le The Newsroom (2012-2014) agus ó shin bhí Godless (2017), The Looming Tower (2018), The Comey Rule (2020) agus American Rust (2021-2024) againn. Ghnóthaigh sé cúig ainmniúchán Emmy agus dhá bhua a bhí aige (The Newsroom agus Godless). Bhláthaigh sé agus na cúlfhiacla curtha go maith aige.

Seo chugainn arís an fear a bhláthaigh go déanach le saothar tathagach teilifíse eile. Tá an mhionsraith seo bunaithe ar úrscéal ó Tom Wolfe a foilsíodh i 1998 agus sé an ceardaí David E. Kelley a thug chuig an scáileán beag é. Ní nach ionadh bhí an lucht féachana ar tinneall. (BMG)

Léigh an léirmheas iomlán le Breandán (Brandy) Mac Gearailt anseo.

FILÍOCHT

Trí Mhionlíne – léiriú haiku agus siúlóid i nDún Laoghaire

Liam Carson, stiúrtµoir IMRAM

Tá ócáid dhátheangach haiku amuigh faoin aer á heagrú ag IMRAM i gcomhar le Festival in a Van ar an Satharn, an 18 Bealtaine ó 2-4pm i nDún Laoghaire. Beidh beirt fhilí haiku páirteach sa tionscadal Trí Mhionlíne.

Ar dhuine de na filí sin beidh Liam Carson, údar an leabhar cuimhní cinn Call Mother a Lonely Field. Foilsíodh haiku le Liam i nGaeilge agus i mBéarla i bhfoilseacháin éagsúla, ina measc The Irish Times, Comhar, Poetry Ireland Review agus Seashores.

File haiku bisiúil í Maeve O’Sullivan a bhfuil moladh tugtha dá cnuasach haiku uaithi Wasp on the Prayer Flag.

Cumadóir agus ceoltóir mór le rá é Seán MacErlaine an tríú healaíontóir a bheidh ag glacadh páirt san ócáid.

Tar éis an léirithe, beidh ginko nó siúlóid haiku ann, agus iarrfar ar an lucht féachana a gcuid haiku féin a chumadh le linn na siúlóide, agus iad a léamh os ard.

Beidh daoine ag cruinniú le chéile taobh amuigh den DLR Lexicon i nDún Laoghaire ag  2pm. ar an Satharn, 18 Bealtaine.

Níl aon táille ar an ócáid ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré.

SIÚLÓID

Siúlóid bláthanna fiáine cois cósta

Beidh siúlóid bláthanna fiáine cois cósta á reáchtáil ag Aedín Ní Thiarnaigh ar an Domhnach an 12 Bealtaine ag 12 meán lae ar Thrá Inis Oírr, Oileáin Árann.

Tá fáilte á cur roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa tsiúlóid. Beidh Aedín ag plé ainmneacha Gaeilge na mbláthanna fiáine, na húsáidí traidisiúnta a bhain leo ar fud na hÉireann agus an chaoi ar féidir leas a bhaint astu sa lá inniu.

Siúlóid idirghníomhach a bheidh ann agus ba bhreá le hAedín a scéalta féin faoi na bláthanna a chloisteáil ó na ndaoine a bheidh ag siúl. Buailfidh an grúpa le chéile ag bothán an bhád tarrthála ar thrá Inis Oírr ag meán lae agus siúlfar le cósta chomh fada le Poll na gCaorach agus ar ais ar an mbóthar. Mairfidh an turas thart ar dhá uair a’ chloig. Tá an turas á urrú ag an gComhairle Contae mar chuid den Chósta Glas.

Láithreoir teilifíse, scríbhneoir agus béaloideasóir í Aedín Ní Thiarnaigh a bhfuil aithne uirthi mar gheall ar na cláir theilifíse dúlra a chuireann sí i láthair do RTÉ, TG4 agus as a cuntas Instagram @BlathannaFiaine.

Níl aon táille ar an tsiúlóid ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Is féidir sin a dhéanamh anseo.

Fág freagra ar 'Pod Nuala, gearrscannán a d’imigh ó Chonamara go California, siúlóidí bláthanna agus haiku'