Tús áite tugtha do ghníomhairí stáit ar an bhfírinne faoi dhúnmharú

Nuair a bhíonn riar na córa mí-áisiúil do na hudaráis siad na híobartaigh thíos leis.

Tús áite tugtha do ghníomhairí stáit ar an bhfírinne faoi dhúnmharú

‘Ionsaí ar an bhfírinne agus ar neamhspleáchas na mbreithiúna’ ab ea cinneadh rialtas na Breataine achomharc a dhéanamh maidir leis an ionchoisne faoi mharú Sheán Brown. B’in é freagra mhuintir Brown nuair a fógraíodh an t-achomharc in ionad an fiosrú poiblí a d’éiligh breitheamh an mhí seo caite.

Ba é an cróinéir, an Breitheamh Kinney, a rinne an t-éileamh toisc gur chinn sé nach mbeadh ar a chumas fiosrú críochnúil a dhéanamh ar mharú Seán Brown. Rinne sé an cinneadh i ngeall ar fhaisnéis faoi ghníomhairí stáit a bheith á ceilt ar an ionchoisne ar bhonn slándála náisiúnta. Bhí eolas tugtha ag réamhéisteacht go raibh baint ag cúigear is fiche, gníomhairí stáit ina measc, leis an marú ach bhí lear mór faisnéise i gcáipéisí oifigiúla folaithe.

Mharaigh dílseoirí Seán Brown, 61 bliain d’aois, cathaoirleach Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Eachaidh i gContae Dhoire ar an 19 Bealtaine 1997. Níor cúisíodh éinne riamh agus bhí fiosrú na bpóilíní lochtach. Bhí amhras ar an teaghlach go raibh gníomhairí stáit claonpháirteach sa bhfuadach agus sa marú.

Chuir an Breitheamh Kinney stop leis an ionchoisne mar go mbeadh sé bearnach agus míchruinn d’uireasa scrúdú an eolais atá ceilte ar mhaithe le slándáil an stáit. Faoin dlí níl cead ag ionchoisne faisnéis a iniúchadh i seisiúin phríobháideacha ach bheadh an t-údarás ag fiosrú poiblí chun é sin a dhéanamh. Chreid an cróineir, dá bhrí sin, gur fiosrú poiblí an modh ab éifeachtaí chun an scrúdú ar an marú atá dlite dá mhuintir a dhéanamh i gceart. Scríobh sé chuig an Státrúnaí Heaton-Harris ag iarraidh air an fiosrú poiblí a bhunú agus é a fhógairt taobh istigh de mhí.

Stop curtha le hionchoisne Sheán Brown ag rúndacht faoi ghníomhairí Stáit

Nuair a tháinig fógra, ní fiosrú poiblí a bhí i gceist ach scéala go raibh achomharc “maidir leis an ionchoisne” déanta ag na Státrúnaithe Heaton-Harris agus James Cleverley, atá freagrach as gnóthaí baile. Níor míníodh cén ghné nó gnéithe d’obair an ionchoisne ba chúis leis an dúshlán cúirte. Glactar leis go mbaineann sé leis an eolas a nochtadh faoi ghníomhairí a bheith luaite leis an eachtra, an rialtas ag maíomh go sáraíonn sé sin an polasaí nach ndéantar dearbhú nó séanadh maidir le gníomhairí. Ní mé cén seasamh a bheadh ag maíomh gur treise polasaí ná an dlí?

Is léir gurb é barúil mhuintir Brown gur iarracht eile is ea an t-achomharc chun an fhírinne a cheilt. Dúradar i ráiteas gurb ionann cuspóir an achomhairc agus aidhm an Acht Oidhreachta; sé sin rochtain ar na cúirteanna agus riar na córa a cheilt ar íobartaigh. Dúirt Niall Murphy, dlíodóir an teaghlaigh go dtabharfaidh siad dúshlán an Státrúnaí faoina dhiúltú an t-éileamh ón mBreitheamh Kinney ar fhiosrú poiblí a chomhlíonadh.

Nuair a chuir an cróinéir stop leis an ionchoisne an mhí seo caite bhíomar ag fiafraí an mbeadh ‘na húdaráis toilteanach ligint do cibé fianaise bhrocach atá á ceilt acu faoi ról a ngníomhairí a dhul faoi iniúchadh fiú ar bhealach teoranta?’

Tá sé tagtha chun solais ó shin, ó pháipéirí stáit a dtáinig an Belfast Telegraph orthu in Kew gur chinn Tony Blair tar éis comhrá le ceannaire an MI5 nach gceadófaí fiosrú poiblí a bheadh iomlán neamhspleách faoi dhúnmharú Pat Finucane i ngeall ar ‘diminsean deacair slándála’. Tá go leor eolais faoi ghníomhairí stáit agus a ról san marú sin ar eolas – agus bhí ag an am sin – ach chinn an bhunaíocht nárbh é a leas an t-iomlán a nochtadh; róbhrocach do sholas an lae.

Ina theannta sin tuairiscíodh le laethanta beaga anuas gur scríobh an Státrúnaí Heaton-Harris chuig Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, ag meabhrú dó gurb é polasaí an rialtais gan dearbhú nó séanadh a dhéanamh faoi ghníomhairí. Fógra a rinne Boutcher gur ghlac sé le rialú cúirte in ionchoisne eile go neosfaí coimriú ar chuid den fhaisnéis i gcáipéisí rúnda a spreag an litir. D’fhreagair Boutcher go raibh an PSNI neamhspleách.

Ba é an chéad chéim eile an t-achomharc ar ionchoisne Sheán Brown, rialtas na Breataine ar a dhícheall ag ceilt faisnéise. Mór idir briathra agus gníomhartha; sé seo an rialtas a mhaíonn, d’ainneoin freasúra as gach ceard eile, go n-inseodh paraimíleataigh agus feidhmeannaigh stáit an fhírinne i bpróiseas lasmuigh de na cúirteanna. Riar na córa mí-áisiúil dóibh araon, na híobartaigh thíos leis.

Fág freagra ar 'Tús áite tugtha do ghníomhairí stáit ar an bhfírinne faoi dhúnmharú'