Pátrún pónairí CLG
Ba iad Liverpool an chéad fhoireann sacair i Sasana a chuir ainm comhlachta ar bhrollach a léinte agus socrú déanta acu leis an gcomhlacht Hitachi i 1979. Níor thóg sé i bhfad ar fhoirne eile a socruithe féin a dhéanamh agus na céadta milliún á gcaitheamh ag comhlachtaí chun go mbeadh a mbranda le feiceáil ar gheansaithe foirne.
Ní hamháin go mbíonn na príomhurraitheoirí sin ag foirne anois ach bíonn scata ‘comhpháirtithe domhanda’ acu chomh maith, comhlachtaí nach mbíonn le feiceáil ar gheansaithe ach a bhíonn le feiceáil ar chláir fógraí timpeall na páirce nó taobh thiar de chloigeann bainisteora agus é ag labhairt roimh nó i ndiaidh cluiche.
Tá 20 ceann de na comhpháirtithe domhanda sin ag Manchester United, mar shampla, agus socrú déanta le chuile chineál comhlachta. Bíodh’s agat go bhfuil Comhpháirtí Tochta agus Piliúir Oifigiúil Domhanda ag United, mar shampla, nó Comhpháirtí Stíleáil Leictreach Oifigiúil.
Tá comhpháirtithe fíona agus beorach oifigiúla ag an gcumann chomh maith agus imreoirí United úsáidte chun buidéil Casillero del Diablo agus Tiger Beer a dhíol.
Má chuaigh United leis an mbraon, tá Cumann Lúthchleas Gael tar éis dul leis an mbroim agus comhpháirtíocht nua fógartha an tseachtain seo idir CLG agus Bachelors Beans.
Is iad Bachelors anois ‘Comhpháirtí Pónairí Oifigiúil CLG’ agus na himreoirí Adrian Mullen, Ruairí Kinsella, Aishling Sheridan agus Niamh Rockett tugtha chuig Páirc an Chrócaigh an tseachtain seo chun seasamh taobh le cannaí móra pónairí chun an scéal a fhógairt.
Dúirt Stiúrthóir Tráchtála CLG, Peter McKenna, go raibh súil ag CLG agus Bachelors lucht tacaíochta na gcluichí Gaelacha a mhealladh agus “beocht a chur sa gcomhpháirtíocht”.
Is cinnte go mbeidh an ghaoth sna seolta againn uile má éiríonn leo.

Gaeilge Rory McIlroy
B’áibhéil a mhaíomh, b’fhéidir, go raibh baint ag an nGaeilge le múnlú an mheoin a d’fhág Rory McIlroy ina churadh ar an US Masters don dara bliain as a chéile, ach níorbh aon bhac riamh orainn an áibhéil sna bólaí seo.
Creid nó ná creid, bhí an Ghaeilge i gcónaí gar do chroí Rory nuair a bhí sé ag teacht chun coinlíochta, mar i nGaeilge a bhí an mana ar a gheansaí scoile.
‘Lámh Foisdineach An Uachtar’ mana Sullivan Upper School, an scoil mheasctha neamh-shainchreidmheach ar fhreastail buaiteoir an Masters uirthi, nuair nach raibh sé ag taisteal an domhain ag cur barr feabhais ar a chuid scileanna leis na maidí.
‘With the gentle hand foremost’ an t-aistriúchán Béarla a bhíonn ag an scoil ghramadaí fhéin ar a mana Gaeilge.
Is cosúil gur leagan de ‘foistineach’ nó ‘foisteanach’ é ‘foisdineach’. ‘Restful, composed, steady; deliberate, solemn’ atá ag Ó Dónaill ar ‘foistineach’. Tréithe iad sin go léir a bheadh áisiúil ag an ngalfaire, cé nach tréithe iad a shamhlófá linne agus an croí á chur trasna ionainn ag Rory in Augusta.
*****
Bíonn go leor caitheamh caca ar siúl ag lucht tráchtaireachta na Masters agus iad ag comhrá i gcogar linn faoi ásailianna chúrsa Augusta, nó ‘Ardeaglais na nGiúiseanna’ mar a thugann siad air.
Maith é Colm McKeon an Irish Independent mar sin as íomhá dheas dhúchasach a tabhairt dúinn chun cur síos ar charachtar amháin i ndráma na Masters, – an t-oibrí deonach.
‘Sunday at the Masters has big last-day-of-the-Gaeltacht vibes among the volunteers,’ arsa Conor.
‘It starts early: the handshaking, the hugging, the number swapping, and the pledges to see one another again next year.’
Samhlaigh Ewen Murray nó nó Peter Allis féin á rá de chogar sollúnta…
‘It’s Sunday here at the Masters and there are some real last-day-of-the-Gaeltacht vibes in the Cathedral of the Pines…’
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Cluiche an deireadh seachtaine – River Plate v Boca Juniors (Dé Domhnaigh, 21:00 – Beo ar Premier Sport 1)
Níl aon easpa cluichí móra an deireadh seachtaine anseo in Éirinn nó thar sáile. Chaith muid súil chun cinn cheana féin ar an gcéad bhabhta de chraobhacha iomána na gcúigí an deireadh seachtaine seo agus cuairt Chill Chainnigh ar Ghaillimh Dé Sathairn (16:30, GAA+) nó an athimirt ar chluiche ceannais na hÉireann anuraidh idir Tiobraid Árann agus Corcaigh Dé Domhnaigh (16:00, RTÉ2) i measc na gcluichí móra CLG a bheidh againn.
Sa sacar, beidh cluiche mór i mBaile Átha Cliath anocht idir Shamrock Rovers agus Bohemians, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i dTamhlacht (20:00, Virgin Media Two) i bPríomhroinn na hÉireann. I bPríomhroinn Shasana, tá cluiche ollmhór Dé Domhnaigh idir Manchester City agus Arsenal (16:30, Sky Sports) agus foireann Pep Guardiola ag iarraidh an bhearna idir iad féin agus Arsenal ag barr an tábla a laghdú.
Mura a bhfuil a ndóthain ansin ag daoine, beidh ceann de na cluichí is cáiliúla sa sacar le feiceáil oíche Dé Domhnaigh agus River Plate agus Boca Juniors ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa Superclásico i bpríomhroinn na hAirgintíne. Meastar an choimhlint idir fathaigh Buenos Aires ar cheann de na coimhlintí is fiáine agus is fíochmhaire ar domhan.
Tá an t-aighneas idir na foirne ag dul siar breis is 100 bliain nuair a bhíodh an dá chumann lonnaithe i La Boca, ceantar ina mbíodh cónaí ar an lucht oibre, ach bhog River go dtí ceantar de chuid na huasaicme ina dhiaidh sin agus Los Millonarios baiste orthu dá bharr.
alan titley
Boca abú!