Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint.
Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht.
Bhí daoine an-tógtha le luas imreoirí Ros Comáin ach cé hiad giorraithe eile CLG agus cén áit is fearr do chluiche ceannais cúige? Cé go raibh Ciarraí ar leathchois i gCill Airne bhí bua maith acu ar Chorcaigh mar sin féin i gcluiche ceannais na Mumhan. Ach cad é an scéal leis na gortuithe go léir atá ag cur as d’fhoireann Jack O’Connor.
Is é seal Chúige Laighean agus Chúige Uladh é an deireadh seachtaine seo romhainn ach cé a thabharfaidh an lá leo? An deis ghlórmhar é seo don Iarmhí agus do Mhuineacháin nó an mbeidh Áth Cliath agus Ard Mhacha rómhaith dóibh?
Níl aon easpa scéalta ach oiread i gcraobh na hiománaíochta. Tá curaidh na hÉireann ó 2024 agus 2025, contae an Chláir agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple agus bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann más leo teacht slán ó chíor thuathail chraobh na Mumhan? Agus an bhféadfadh sé tarlú nach dtiocfadh Cill Chainnigh amach as craobh Laighean?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’.
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat'