TEACH LAIGHEAN: ‘Do we really have to do this in Irish?’ – Parlaimint na Breataine Bige ‘i bhfad chun cinn orainn’ ó thaobh an dátheagachais

Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais go raibh ‘a lán le foghlaim’ maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTeach Laighean

TEACH LAIGHEAN: ‘Do we really have to do this in Irish?’ – Parlaimint na Breataine Bige ‘i bhfad chun cinn orainn’ ó thaobh an dátheagachais

Tá sé ráite ag Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais go bhfuil parlaimint na Breataine Bige “i bhfad chun cinn orainn” maidir le seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil.

Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt Vivian Uíbh Eachach go raibh “a lán le foghlaim” ag Seirbhísí Thithe an Oireachtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTeach Laighean.

Tá sé mar chuspóir straitéiseach ag Coimisiún Thithe an Oireachtais go mbeadh seirbhísí uile an Oireachtais ar fáil go dátheangach ach dúirt Uíbh Eachach leis an gcoiste, go raibh a lán oibre le déanamh má táthar chun é a bhaint amach.

“Níl aon dáta leis an gcuspóir sin a bhaint amach mar go dtuigimid cé chomh deacair is atá sé teacht ar na hacmhainní, teacht ar na daoine chun na postanna a líonadh chun na seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil,” a dúirt sé.

Dúirt Uíbh Eachach go mbíonn foireann Thithe an Oireachtais i dteagmháil lena comrádaithe i bparlaimint na Breataine Bige agus go raibh neart ceachtanna go bhféadfaí a fhoghlaim uathu.

“Tá na Breatnaigh i bhfad chun cinn orainn ó thaobh na Breatnaise a neartú, chun dul i ngleic leis an mBéarla, chun an Bhreatnais a bheith inghlactha,” a dúirt sé.

“Tá córas acu ar a dtugann siad an ‘normalú’. In ionad daoine a bheith ag rá ‘Do we really have to do this in Irish?’, go mbeadh daoine ag glacadh leis gur rud normálta é. Tá muid tar éis an-chuid a fhoghlaim ó na Breatnaigh ón taobh sin de.”

Dúirt Maeve Eason, aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin, go ndeachaigh an meon atá ann i Senedd Cymru maidir leis an dátheangachas i bhfeidhm uirthi agus nach mbreathnaítear air mar ualach breise.

“Gach duine a labhraíomar leo, ba léir gur thuig siad gur ionad oibre dátheangach a bhí acu. Bhí na tacaíochtaí curtha ar fáil chun cabhrú le daoine, gach duine a bhí ag obair i Senedd Cymru, an Bhreatnais a fhoghlaim.

“Bhí na tacaíochtaí sin ar fáil go han-soiléir agus bhí spriocanna ag gabháil leo chomh maith. Bhí gach duine in ann a rá ‘Tá mé ag freastal ar ranganna’ agus bheadh a fhios ag an mbainisteoir. Bhí daoine in ann dul chun cinn a dhéanamh ag an obair trína léiriú go raibh na scileanna sin acu.”

Spreag an tacaíocht a bhí ann tuilleadh spéise sa teanga ina measc siúd a raibh orthu í a fhoghlaim, a dúirt Eason.

Dúirt Vivan Uíbh Eachach gur gá don stát tuilleadh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an easpa daoine a bhíonn ar fáil chun folúntais d’aistritheoirí agus do rólanna eile ina mbíonn an Ghaeilge éigeantach a líonadh.

Ó thaobh cúrsaí tríú leibhéal de, dúirt sé go raibh ceangal láidir idir Senedd Cymru agus Ollscoil Bangor chun cabhrú le daoine agus acmhainní a chur ar fáil, mar shampla.

Fág freagra ar 'TEACH LAIGHEAN: ‘Do we really have to do this in Irish?’ – Parlaimint na Breataine Bige ‘i bhfad chun cinn orainn’ ó thaobh an dátheagachais'