Reáchtálfar an dá fhothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir Dé hAoine an 22 Bealtaine. Tá dhá shuíochán le líonadh – ceann sa dá Dháilcheantar agus tá os cionn 20 iarrthóir tar éis a n-ainm a chur chun cinn cheana féin. Beidh go dtí an 1 Bealtaine ag daoine eile ar mhaith leo seasamh sna toghcháin lena n-ainm a chur isteach.
Tá an fothoghchán á reáchtáil i nGaillimh Thiar, an Dáilcheantar Gaeltachta is mó in Éirinn, leis an suíochán a d’fhág an tUachtarán Catherine Connolly ina diaidh nuair a d’éirigh sí as Dáil Éireann le bheith ina hUachtarán a líonadh.
Is le suíochán an iarAire Airgeadais Paschal Donohoe, a d’éirigh as a chúram mar Theachta Dála i mí na Samhna seo caite le dul ag obair leis an mBanc Domhanda, a líonadh atá an fothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir á reáchtáil.
Níl olltoghchán eile beartaithe go dtí 2029 agus mar sin níor mhór fothoghcháin a reáchtáil sa dá Dháilcheantar leis na suíocháin seo a líonadh laistigh de shé mhí ó fágadh na suíocháin folamh – mar a leagtar síos sa dlí.
Tá 12 iarrthóir tar éis a n-ainm a chur chun cinn i nGaillimh Thiar: Mike Cubbard (neamhspleách); Sheila Garrity, (neamhspleách); Cillian Keane (Fianna Fáil); Seán Kyne (Fine Gael); Mark Lohan (Sinn Féin); Niall Murphy (Comhaontas Glas); Míde Nic Fhionnlaoich (Daonlathaithe Sóisialta); Orla Nugent (Aontú); Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre); Denman Rourke (Pobal Seachas Brabús); Noel Thomas (Independent Ireland); agus Thomas Welby (neamhspleách).
Dúirt AJ Cahill ón bpáirtí The Irish People ar raidió RTÉ ar maidin go raibh sé i gceist aige féin seasamh i nGaillimh Thiar arís freisin.
Tá deichniúr i mBaile Átha Cliath Láir tar éis a rá go hoifigiúil go seasfaidh siad san fhothoghchán sa Dáilcheantar sin: Janice Boylan (Sinn Féin); Daniel Ennis (Daonlathaithe Sóisialta); Janet Horner (Comhaontas Glas); Gérard Hutch (neamhspleách); Ray McAdam (Fine Gael); Ruth O’Dea (Páirtí an Lucht Oibre); Eoghan Ó Ceannabháin (Pobal Seachas Brabús); Ian Noel Smyth (Aontú); Malachy Steenson (Neamhspleách); John Stephens (Fianna Fáil).
Is cainteoirí Gaeilge iad ceathrar den dáréag atá le seasamh i nGaillimh Thiar: Seán Kyne as Maigh Cuilinn; Míde Nic Fhionnlaoich as Ceantar na nOileán; Orla Nugent, as Fear Manach ó dhúchas ach atá ina cónaí i dTír Oileáin; agus Cillian Keane as Meáraí in Órán Mór.
Níl Gaeilge ag an iarrthóir is mó atá á lua faoi láthair leis an suíochán i nGaillimh Thiar, an comhairleoir contae Noel Thomas ó Independent Ireland, ná ag iarrthóir Shinn Féin Mark Lohan. Ba í an t-iarrthóir a bhí ag Sinn Féin, an Teachta Mairéad Farrell, a bhí ag barr an chomhairimh in Olltoghchán na bliana 2024. Tá Gaeilge líofa ag Farrell.
Níl ach aon chainteoir Gaeilge amháin ag seasamh i mBaile Átha Cliath Láir, is é sin an t-amhránaí sean-nóis agus ceoltóir de bhunadh Iorras Aithneach, Eoghan Ó Ceannabháin.
Tá saoránaigh de chuid na hÉireann agus na Breataine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus atá ar chlár na dtoghthóirí i dteideal vóta a chaitheamh i bhfothoghchán, mar a bhíonn in olltoghcháin.
Fág freagra ar 'Dáta fógartha d’fhothoghcháin Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir'